Ocus ina dhiaidh-sin do chúalamar in ceól soinemhuil sírechtach
síde da chantain inar fochuir & adubairt Cáilti re hOisín: Éirig súas,
ar sé, & déntar airechus acoinn nach mella in ceól sídi sinn. Ocus
dorinnedh mar sin hé, ar Finn, & tucamar ass in oidhchi-sin & in
10]
fían uile ag ar n-íarraid ar fud na crích comfogus & dochúamur-ne hi
mucha lái arnamárach gusin duma sealga cétna ocus fúaramar aithech
dub dodhealbda dífrecra dímór isin dumha ar ar gcind ina suidhi
& dorinne coimérghi romuinn & ro fer fáilti rinn & tug a láim ina chuim
ocus tug dá chuislinn órda as & do sinn slithi senma cuir ocus puirt &
15]
adhbuinn dúinn, innus co coiteólad aés gonta nó mná re lamnad nó
fíallach galrach nó curaid créchtnaide nó láeich leónta frisin ceól
soinemail dorinne. & ar sgur don cheól dó tug corn co n-ór a clithar
díamuir a édaig & tuc am láim-si in corn & a lán do midh somesga
soóla ann & do ibus deoch ass & tucus al-láim Oisín in corn & do ibh
20]
deoch as & tuc al-láim Cháilti in corn & do ibh digh ass & tuc Cáilti
in corn il-láim in athaig.