Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 6

‘Lá da rabusa & sib-si ac seilg & ac fianchoscur a fedhuib & a
25] fásaigib ocus do badusa im dumha sealga & días fénned imaróen rim ann .i. Cáilti & Oisín and sút. Úair dobídis días fa sech ar timcheall d'fíanuip h-Érenn maróen rim-so acum foraire & acom forchoimét isna hinadaib sealga a mbínn. Is dóib ránic m' forchoimét ocus m' foraire in lá-sin, Cáilti & Oisín, & do bámhar ag éistecht re mongur na
30] míled & re seiselbe na sochaide & re greadhan na gillanraide & re{MS folio 21a1} gotha na ngadhar ocus re fetgaire na fer fiadaig & re láidhedh na laechraide arna mórchonuib & re núallgáirib na gasraide & re sestán na sealga ar gach tóeb dínn & nír chían do bámur ann, innúair do éirigh doburcheó dráidhechta dúinn nárbo lér do nech a chéli


p.58

againn ar triúr & do fágbamur in dumho & dochúamur fón fidh fa nessa dúinn & ro siremur in fid co fúaramar ess & inber & abann ann & doghabamur bradán ethrechbrec gacha fir & gacha con asin abainn & dorinnedh both & bélsgálán linn & ro fadaiged morc mórthinedh aguinn & do chaithemur ar lórdáethain don íasc.’