Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 5

Ro fás ceist mór ag Finn don ghním-sin, coraibe a fat ina thocht
15] gan digh, gan bíadh, gan urgairdiugud menman. ‘A rígféinnid,’ ar Máillén mac Midhna, ‘ná cuired hi socht ná i mbrón tusa in dís úd do marbad a chéile, úair mór ndeghláech do marbad ara dosealbaib roimi sút ríam.’ ‘Is olc lim-sa in dís út,’ ar Find, ‘& ní da marbad fén fásus ceist acum, acht inní da fuil a marbad. Ocus tabraid in corn
20] cucom-sa,’ ar Finn, ocus tucad in corn 'chum Finn. Ocus adubairt Finn: ‘In fetabuir-si, a óga,’ ar sé, ‘cía thug in corn-sa dam-sa nó cáit a fúarus hé?’ ‘Ní fetamar, a rígféinnidh,’ ar síat. ‘Do fetur-sa,’ ar Finn.