Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])
paragraph 4
Ocus dochúaidh cona muintir in oidhchi-sin co dúnadh Máilléin
30]
meic Midhna .i. óglach maith do muintir Finn. Ocus is amlaid ro búi
Máillén & fled mórcháin móradhbal aici d'Finn & d'fíanaib h-Érenn
uile. Do hesradh a do húrlúachradh in tech n-óla ara gcind ocus
p.56
ro tógbad buird altacha órdacha ann & do suidhigedh6 na slúaig fo méd
i n-úaisli & i n-inmi & i n-onóra ar dánuib & ar gráduib isin bruidin &
do folchad na buird do sról & do sída & do sicir & do sindsnáth & do
sgóraidib scíamglana & d'édaigib líghda lánáilli & do freslad & do
5]
frithoiled íad do7 rogha gacha sóidh & do tócbad aco annsin blededha
buáiltecha buis & bánairgit & cuirn cáema cumdaighe clochbúadha, ocus
ro tógbad ann corn Finn féin .i. Midhlethan a ainm & is amlaid robúi
in corn-sin & dá ghilla imchuir aici .i. Íarratach & Athchuingech a
n-anmanna, & fa maith dliged na deisi-sin .i. in duine maith da tabrad
10]
gilla díb lán in chuirn, dogheibed cumáin óir nó airgit úadh & fa
saidhbir immorru íad ó dliged in chuirn-sin. Ocus tarrla frithrusc
feicheamnuis & fergi eturro in oidche-sin gurmarbsat a chéili hi
fíadhnaise na féni.