Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 3

Ocus a maidin in tres lá immorru do chóirgedar a cúanarta cícmura croibgliga co comáentadach fa Seiscenn na n-Aiged & fana crícha fa coimnesa dó. Et nírfrecrad in lá-sin iat, acht mur gach lá ele. Ba
25] mór machtnugud menman le Finn & le fían Érenn uili inní-sin. Eta


p.54

haithle a sibail & a n-aistir & a sáethair dóib in tres lá do hsuidh Finn hi tulaig airechtuis do lethtáeb h-Sescinn na nAighedh, ocus tángatur in fían ina ndronguib & ina ndírmadhuip & ina mbuidhnib bega bélsgáilte, ina cuirib & ina cétuib & 'na connlánuib muin ar mhuin &
5] druim ar dhruim & diaidh i ndiaidh da innsaige. Ocus do suidetar i n-urthimchill in rígféineda. Is annsin do fiarfaig óglach d'fíanaib h-Érenn d'Finn: ‘Cía in láech dana fert so ara fuilmaid, a Finn?’ ar sé. ‘Atá a fír-sin acom-sa duid-si,’ ar Find. ‘Fert Failbi Finnmaisigh sin,’ ar sé, ‘i. rígfénid maith dom muintir-si arna
10] marbad do muicc annso .i. torc forbartach Formáile secht mbliadna gusinniud. Ocus do marbh in muc-sin deich coin & dá fichit dom chonaib-si & dechenbor & dá fichit dom laechaib maille ris in lá-sin & fa maith in láech atá3 isin fert-so,’ ar Finn, ‘inúair fa cath nó comrac dona fíanaib,’ ocus dorinne Finn in láidh ann ag molad Failbe:
    1. 15] Fert Failbe frecrad in féin
      a focus4 nó i n-etercéin
      nogur adhnacht in láech de
      do thaeb Seiscinn na nAighe.
    2. Cóeco con5 is cóeca fer
      luidhsidar leis sunn ar seal,
      nocho térno díb uile
      acht cú ocus énduine.
    3. Fúaratar bás do beruib
      ón muic dísgir druimremuir,
      20] {MS folio 20b2}ro marb coin ocus daoine
      torc forbartach Formáile.
    4. Fúair in muicc nduib delbda nduind
      donánic tre cert comluind,
      do cuir coin is daoine i fán,
      gleó dar claided in fertán.
    5. Ba hinmuin lim Failbe fland
      in lá do cuir ár na n-Gall,
      do frecrad imnedh is ágh
      inté fuil isin fertán.
    6. Fert.


25]

‘Ocus a fíana Érenn,’ ar Finn, ‘dogénam-ne selg na maidni-si amároch ar in muic úd ó do ceiled selg ocus fíanchosgur ele oruinn. Ocus is uimi do ceiled gach sealg ele oruinn, úair do bí a tairrngeri dúin comracc risin muic-sin & díghélum ar n-anfolta fuirri.’