Sealg romhór rofairsing do commórad le Find ocus le fíanuib
ágmura airmderga Érenn fa Síth na mBan Finn ocus fa Síth ar Femind
& fa oirrther Muighi Feimin ocus fa lerga Lúachra Deghadh. Ocus
dochúadar maithe na féne & a n-aiccmeda úaisli leisin rígféinnidh do
5]
chommórad na selga-sin .i. clanna Báiscne ocus clanna Morna ocus
clanna Duibdíthrib ocus clanna Nemnuind ocus clanna Rónáin ocus
clanna Smóil ocus aicme Duibdáboireann ocus in gnáthfían uile
archena.