Corpus of Electronic Texts Edition
Feis Tighe Chonáin (Author: unknown)

Section 11

‘As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin,’ ar Fionn. ‘Beir búaidh is beannachtain,
700] a rífhéindidh,’ ar Conán; ‘ is maith in oirfide & in ealadha dhúinn a bheith ag éisteacht ré do mhilis-{MS page 25}chomhrádh. Agus innis dúinn anois, a mic Cumuill, caidhé caradradh Bruin & Sceolang friot, & cionnus fuarais iat, & cia hiat na mic mháthar
705] atá acu a fianaibh Ereann & iat 'na ndaoine.’ ‘Indeósat-sa sin’ ar Fionn. ‘Feacht n-aon dá ttáinic mo mháthair féin chugum-sa ar cuairt & a deirbhshiúr maille fría .i. Muirnn Míonchaomh inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mháthair-sa &
710] Turrnae Durrbhél inghean Taoidhg a siúir, & dob í sin uair & aimsir fá ttarla dhá rí-fhéinidhe Ulladh am' fharradh-sa .i.


p.22

Oilioll mac Eathach & Daolgus Fionn mac mic Cais Cuailgne; & do bhí Oilioll ag suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiúir na
715] máthur sin agum-sa, & do grádhaigh co mór í; & arna grádhughadh mur sin dó, do iar orum-sa mur mnáoi í, & do fhaomhus a taphairt dó ar acht fána fagháil slán iomlán damh féin arís in úair do iarfuinn í; & is uime do rindius sin .i. leandán bantshíoghaidhe
720] do uhí aige-sion .i. Uchtdhealbh inghean Collamhair a ttuaidh, & dob í sin dob eagail liom-sa do mhilleadh deirbhsethuir mo mháthur; & gidh eadh tucus dó í, & tucus as mo láimh féin í a láimh Oisín & Chaoilte & as láim Caoilte a láim Mic Luigdheach
725] & as láimh Mic Luigdheach a láim Dhiarmada uí Duibhne & as láimh Diarmadha a láim Ghuill mic Mórna & as láim Ghuill a láimh Lugdach Lágha mic Eogain Taídhligh; & tuc Luighaidh a láimh Oillealla mic Eathach í & adubairt: ‘Is amhlaidh
730] do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fána fagáil slán iomlán d'Fionn & do na slánaibh ar cheana, nó do cheann-sa do taphairt a láimh Fhind.’ Do fhaomh Oillill sin; & tar éis sin rug Oillill Turnae leis dá thigh & do uhí aige nó gur toircheadh í. Is
735] ann sin táinic leandán ban-tsíoghaidhe Oillealla mic Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir Fhind chuici & aduphairt ria: ‘Do cuir Fiond beatha & sláinti cugad, a ríogan,’ ar sí, ‘& adubairt friot eineach maith do dhénamh; & tarr amach co lapraind
740] friot, óir atá deifir orum-sa.’ Do chuaidh an ríogan amach,’ ar Fionn, ‘& gairrit do chuaidh in tan tuc an uhain-eachlach slat draíachta amach óna coim {MS page 26} & do bhuail buille ar in ríogain dí, co ndearna sadh bhreac-dearg di dob áille do connuibh in
745] domhain ar in láthair sin, & ruc léi í co teach Feargusa Findléith in oidhche sin í .i. Átha Cliath; óir is amhlaidh do bhí Feargus Findliath ina dhuine do

p.23

ba neamhchonchuire ar domhan, óir ní lamhthaí cú do thaphairt a n-éan-toigh fris; is táinic in
750] uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath & adupairt fris: ‘Do chuir Fiond beatha & sláinti chugad & aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co maith & maith mór do dhéanamh dhí, & go bfuil cúan maith inti. Agus ná tapur sealg ná fíadach
755] uirthi & go háiridhe in úair mhéideóchus a brú iomchuir léi co maith.’ Iomthúsa Fearghusa Fhinnléith, táinic lá éigin lena choin do sheilg & d'fhiadhach & d'fhéachain 'nar chú maith í, & marbhus caogad fíadh in lá sin, & co ceand míosa 'na dhiaigh
760] sin níor bhlais mórán beathadhach, & do mhéadaigh a brú ann sin & ní tugadh sealg nó fiadhach uirthi. Ní raibhe mórán a nEirinn learbh annsa na coin ná Feargus Finnlíath ó sin amach. Dob í sin uair & aimsir fá ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom
765] torrach & do ruc sí mac don toirrcheas sin, & ruc in cú dhá chuilén .i. sadh & fearchú. Agus do bhí olc eile ag leanmhuin mná Feargusa Findléith .i. fomóir mór do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh dá mbeireadh sí leis; & is amhlaidh do beireadh leis
770] iat .i. do chuireadh in cruadh-lám fada fhéitheach fhorgránna do bhí aige tré mullach in tighe anúas & mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile.’