Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 561
7547]
{F§}IAr sin ro bai Cáilte ic formoladh Find, & adubairt so and:
p.211
- 7548] A tainig do sluagh Banba
itir righ is righdamna,
7549] ferr Find innáit sin uile.
cath-milid ard Almaine.
¶ 562
7550]
IS mor in teist-sin, a anam, ar Patraic. Ní mór, ar
7551]
Cáilte, uair da m-beitís secht tengtha im cind & secht so-labarta
7552]
súadh cecha tengad dib ní táirsed uaim leth na trian a maithesa
7553]
fecht d' indisin ar Find. Uair bai a adbar-sin aigi, uair nír
7554]
díult Find roim duine riam acht co m- beith cend re caithem
7555]
neich aigi & cosa re h- imthecht. Ocus itbert:
- 7556] IN ti nách leicedh nech 'na theach
ro leiced Find ina tech,
7557] ro bith aigi re táib-sin
i cen ro bái 'na bethaidh.
¶ 563
7558]
Ad-rae buaid & bennachtain, ar Patraic, is maith ro indisis sin.¶ 564
7559]
Asa h-aithle-sin tancatar na sloigh rompu co Cnoc in
7560]
Eolaire re Cruachain aníartuaidh. Cred 'ma tucad Cnoc in
7561]
Eolaire ar in cnoc-sa, a Cáilti? ar Patraic. In t- aen-duine is
7562]
ferr delb don Ádham-cloind & do droing delbda duineta .i.
7563]
Eolair mac righ in domain móir anoir, & do-rinde a curu & a
7564]
muinnterus re Find nói cét cú & nói cét gilla & nói cét oclach,§
7565] {LM folio 195a1}
, & do-rónad selg Sléibe Gam & Sléibe na
7566]
Seghsa ua Ebric & clár-mhachairi in Coraind chladh-uaine ac
7567]
Finn, & do rith in gilla a n-degaid fhiadha ann co tárla a shleg
7568]
féin a for-fholumh a cléib, 'co n-dechuid fot lámha laeich do
7569]
chrund ruad ro-remur a shleigi fein trít. Ocus táncamar-ne trí
7570]
catha na Féinne dá indsaigid, & do bói .ix. n-oidhche 'na
7571]
bethaid ac taircsin a leighis acaind & ro féimed ní dó
7572]
, & fuair bás iarsin, & do múired in tulach thonn-ghlas
7573]
so air.
7574] Finn cecinit in rann:
- 7575] Truagh, a Eolair il- chrothach
a chur chródha chomramach ,
7576] fuil do chuirp ina crú thécht
do shil tar crécht confadhach!
¶ 565
7577]
Ocus Cnoc in Eoluis ainm ele dhó, ar Cáilte. Crét in
7578]
t-eolus-sin? ar Pátraic. Coinnillsciath drái do mhuintir Fhinn
7579]
do bhí ac cailleoracht ar néllaib na firmamenti i fiadhnaise
p.212
7580]
Fhinn, & ro féchustar ar Coiced n- Gáileón budes, & ro bai oc a
7581]
rada re Find. Ac sút, ar sé, in bhaili a cuirfider
7582]
bruiden re Fathad Canunn mac Mec Con mheic Mhaic
7583]
Niadh. At-ciu ámh sin, ar Finn, & ro- taispénustar do Coindelsciath
7584]
drái,, & at-bert:
- 7585] At-ciu trí neollu co neim
a Coindilscéith os bruidin ,
7586] abair re cách masa cet
tucair gá fáth 'ma fuilet.
- 7587] At-ciu nél glan amar ghloin
fil ós bruidin béil-lethain,
7588] (biaid) triath dáma, tailc in modh
cailc na sciath (oc á) scoltod.
- 7589] At-ciu néll glas geallus brón
fuil eatorra i ceirt-mhedhón,
7590] ticfa mian na m-badhbh don bhert
niamh na n-arm ic á n-imert.
- 7591] Néll derg nach deirgi crú glan
at-ciu ann ara n-uachtar:
7592] mad cath budh fatha feirgi
dath na fala foir- dheirgi.
- 7593] Tarngairit curpu do chrádh
ocus díth mór-shlóg mochtráth,
7594]
a rí Chliach at-geoin gach lá
na trí neoill chiach at- chiu-sa.
- 7595] A Coindilscéith, abair sin
gach ní gá d-tú fiafraigidh,
7596] ná ceil ar do triath mar tá
na trí neoill chiach at-ciu- sa.
¶ 566
7597] {Laud 610 folio 145a1}
Ocus ro timnadur ceilebrad iardain don ingin,
7598]
& tangadur rompo co Cnocc na Dála bodes, risa raiter Carnn
7599]
Fraich meic Fhidaig, & fuaradur aen-duine mór ara cind issin
7600]
charnn, & folt garb tre-liath fair, & brat odhar uime, & fetan
7601]
finduma issin brat, & lorg fhind fhata fhind-chuill ina láim, & airghi
7602]
do buaib a fér-gurt gabala ina fiadnaissi. Ocus suidhis Cailte ina
7603]
fharrad ar in tulaig. Cia thussa, a m' anum, a óclaig? ar
7604]
Cailte. Bairnech mac Cairbh missi, ar in t-óclach .i. rechtaire
7605]
do rig Eirenn .i. do Diarmaid mac Cerbaill, & issin crich-seo
7606]
atá ferann acum ó rig Eirenn. Can duit-si do bunudhus, a
7607]
m' anum, a óclaig? ar Cailte. A Collamair Breg anair, ar in
7608]
t-óclach. Ocus in fetrais dam, a óclaig, ar Cailte, cia as
7609]
ferr tainic a Collamair Breg riam? Ro-fhetar & ro-fhetadur
7610]
fir Eirenn & Alban .i. Cailte mac Rónain, ar Bairnech, & in
7611]
fitir tusa cáit a fuil in t-óclach-sin? ar Bairnech. Ro-fetar,
7612]
ar Cailte. Atá-som ar sáer- chuairt Eirenn in bail i r-rabadur
7613]
a choicle & a chomaltada ina fharrad, & missi in fer-sin, ar Cailte,
7614]
& brathair bunaid duit-si mé, & inann sen-athair lind araen.
p.213
¶ 567
7615]
IS annsin tairbiris Cailte teora póca co dil & do díchra
7616]
dó, & ro ferustar fír-cáin faeilti reime, & is sí do chonair chóir
7617]
tangais, a m' anum, a rig-fhéindid, ar se, & a cind t-shechtmaine
7618]
o 'noiss, ar sé, do-roich Pátraic, & maithe Connacht maraen ris,
7619]
co Fert an Druad, risa raiter Fert in Geidig issin tan-so, & bí-siu
7620]
a tigh do brathar rissin ac caithem bíd & lenna, & cid
7621]
iat in lín is lia ro badais d' fheind & d' foirind riam ro-soistea
7622]
ale do-gébtha faeilte nó co tíssad in Tail- genn dot' indsaighe.
7623]
Ocus atait soithfrecha mora acaind issin crich-seo, ar Bairnech
7624]
mac {folio 145a2} Cairbh. Ca soithfir-sin? ar Cailte. Atait
7625]
acum-sa airgeda imda annso, & tic aen-ben dar n- indsaighi
7626]
cacha h-aidchi t-shamna cacha bliadna a Síd Chruachna, & .ix.
7627]
m-ba is ferr in cach airge beirid lé gan iarmoracht urri, co téit
7628]
issin síd. Ocus ní lucht deg-luith missi ná mo meic, ar in
7629]
t- óclach, & tucad ar cuit luith & lán-choiblid indut-sa & in dá
7630]
mac bói accut .i. Colla & Faelán. Ro bo maith lúth Cholla
7631]
tra, ar Cailte. Cá deg-luth ro bói ann tar in mac aile? ar
7632]
in t-óclach. IMarbáig fhidchellachta do-rala dó do dénam ar
7633]
múr na Temra adhaig n-aen ann tre fhochaind mná Binde
7634]
Boinde rechtaire na Temrach ar tabairt gráda dó, & do-rindset
7635]
imarbáig retha & fhidchellachta .i. Colla & Fianna
7636]
Erenn,. Cindus is áil lib comling do dénam? arsi
7637]
Colla rissin Féin. Tabraid-si bor n- aighedh ar aen-leith trí
7638]
catha na Féine, & do-bér-sa mo drúim reomum. Ocus do-rónad
7639]
in chomling amlaid-sin, & ruc-som leis in fidchill ara chúla
7640]
ó Fhiannaib Eirenn. Co n-dechaid tar mullach Beinde h-Étair
7641]
amach issin muir, cor' báidhed ann h-é. Ocus dursun, ar in
7642]
t-óclach, nach eissin tárrasa, uair ní bérthái mo ba uaim gan
7643]
díghailt.¶ 568
7644]
In fitir tusa, a Chais Choraig, ar Cailte, cé do Thúaith
7645]
Dé Danann in ingen út? Ro-fhetar, bar eissium .i. Scothniam
7646]
ingen Chaissirne drúad a Síd Cruachna andso do-ní ind
7647]
fhoghal-sin ort-su, & Cathmog mac Fhir Chirp, mac ríg Breg &
p.214
7648]
Midhe ro marb a h-athair & a sen-athair na h- ingine, & atá sí
7649]
ac á n-dighailt ar cach nech accaib-si a n-degaid a cheile.¶ 569
7650]
Ocus tangadur rompo annsin co dún ind óclaig .i. co Lis
7651]
na Fleidhe, i l-leith aniar do Charnn Fraich meic Fhidaig, & ro
7652]
freslad co maith iat ann re teora lá & re teora aídchi. Ocus
7653]
maith, a anum, a óclaig, ar Cailte, dar lium-sa iss anocht
7654]
áidchi t-shamna. Mas sí, ar in t- óclach, is inti-sin tic in ingen
7655]
d' fhogail & do díbeirg orainde. Cindus do biath dam-sa, ar
7656]
Cas Corach mac
Cáincind, dul co dorus in t-shida anocht {F§}a
7657]
Cailti? Érigh, a mh'anum,
& gabh th' arma & dena lámhach.§
7658]
Ocus do-chuaid, & ní cian bói ann co facaid in
7659]
ingin seocho amach assin t-shid, & brat álaind aen-datha uimpi,
7660]
& delg óir ann, & léine do t- shída buidhe re cnes, & snaidm don
7661]
lénid itir a da sliasait, & da t-shleig ina lámaib, & ní raibe ro-eacla
7662]
urri don leith da h-aghaid, & nírb' ecail lé a bec don
7663]
leith da cúl. Ocus ruc Cas Corach síde ina h-aghaidh, & tuc
7664]
a chorr-mér gaiscid a suainem na sleigi ro bói ina laim, & tuc
7665]
urchar don ingin co tarla in t-shlegh ina h-ucht, cor' bris a craide
7666]
ina cliab.
7667] Cailte cecinit:Rann.
- 7668] Ro marb Cas Corach na cor
in n-ingin mir, nir' bo chol,
7669] in dorus in t-shída thuaid
co rus-commáig re h-aen-uair.
¶ 570
7670]
Ocus ro díchend h-í 'arsin, & tuc leis in cenn chum in óclaig &
7671]
chum Cailti. Ocus ac siut, a m' anum, a óclaigh, ar se, cenn
7672]
na h-ingine do-níth ind fhogal & in díbeirg ort cacha bliadna.
7673]
Ocus ro badur ann re téora lá & ré teora áidchi ina degaid- sin.