Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 551
7367]
Ar fír do ghaile ocus do gaiscid, a rí Feindi, ar Blathmec,
7368]
indis dúinn adbar do retha riu-sin, a Cailti. Ocus at-bert
7369]
Cáilte:
- 7370] An cet-rith do-rinnes díb
sochaidhi tuc a n- imsním,
7371] dar' gabus, ba caem mo rith
lanamain gach fiadha ar bith.
- 7372] IN rith roba nesa dó
is ed a fír is ni gó,
7373] dar cuirisa
[gap: extent: 1 syllable]
fa all
atha ocus muillidh Érenn.
¶ 552
7374]
Ro ba mór an luth-sin, a Cailti, ar Blathmec. Ropa
7375]
mor, ar Cailti, uair on trath co chéili do-righniusa o Thuind
7376]
Clidhna andes co Tuind Rudhraigi budtuaid. Ocus at-bert Cáilte:
- 7377] IS é mo rith 'sa tres ló
is ed a fír is ni gó,
7378] dar' léigius láigh do buáib
a n- Érinn alaind ad-fuair.
p.206
7379]
Ocus is é-sin, a m' anum, a Blathmeic, adbar na rith-sin ro
7380]
fiarfaigis dim.
7381]
IS annsin it-cualatar coicedul tri cuanart ac denum selga
7382]
im cenn Sléibe Lughda lenn-braenaigh re Taighlech mac Aililla,
7383]
re righ Luighne Con- dacht. Cred in taffann-sa, a Cáilti?
7384]
ar Blathmec. Taffann tri cuanart, ar Cáilte, & tri fiada rompu.
7385]
Cá fíada sin? ar Blathmec. In ard-gabail-sea do-níat in cuanairt,
7386]
ar Cáilte, ard-gabail dam im-discir alltaidhi & eillti ro-remur.
7387]
Ocus in cuanairt-sea 'na n-degaid, ar in t-óclach.
7388]
Bind-gabail gadhar a n-degaid míl mín-luath muighi sin, ar sé.
7389]
Ocus in tres cuanairt-sea, ar Blathmec. Gabail n-dreman
7390]
n-duthrachtach sin, ar sé, a n-degaid torc taeb- trom ac a n-dían-marbad.
7391]
Crét in cethramad gabail-sea, a Cailti? ar Blathmec.
7392]
Gabáil brocc taeb-trom tarr-isel. Ocus it-cualatar- sum
7393]
ina degaid-sin gáir na gillanraidhi, & in bá lúaithi dona macaib,
7394]
& in ba solmu dona h-óclachaib, & in ba h-indill-dirghi dibrucud
7395]
dona feraib, & in ba mó eiri dona tren-mogaib. Is iat-sin ro bí
7396]
a n-degaid na selga in lá-sin, & erghis in t- óclach amach da
7397]
féghadh ár-sin, & mar adubairt Cailti a m-beith is amlaid ro
7398]
batar. Ocus tuc in t-óclach a lán a m-beind buabaill
7399]
assin dabaig medha ro bói aici do Cailti, & adubairt: In dabach
7400]
duit, a Chailti, & cid re bliadain bud áil beith í fus do-géba.
7401]
Adráe buaid & bennacht, ar Cailte, & nocho biam acht anocht.{SG page 227}
7402]
Más ed, ar in t-óclach, atá ní aile dob áil lium d' fhiarfaigi
7403]
dít .i. crét fa tucad Lis na m-Ban ar in lis-sa? Adubairt
7404]
Cailte: Nonbur deirbshethar ro bói annso do Thúaith Dé Danann.
7405]
& tangadur i coinde nonbair óclach d' Fhiannaib Eirenn, & ar
7406]
tiacht dóib ro urmaisedur Clanna Morna orro ann, & ro marbadur
7407]
iat ar tiacht a coinde in nonbair-sin don Feind. Conid
7408]
uatha-sin atá Lis na m-Ban {folio 144b1} ar in inad-so, & do-rigned
7409]
in lis-so, ar Cailte.¶ 553
7410]
Ocus ro badur ann ind áidchi-sin, & ro thimnadur ceilebrad
7411]
arnamairech, & ro fhacsat bendachtain, & tangadur reompo co
7412]
Carnn na Fingaile, risa raiter Duma na Con issin tan-so. Ocus ac
7413]
tiachtain dóib issin tulaig at-chonncadur nonbur ban mín-alaind
7414]
ar cind ann, & rigan chaem- alaind chruthach eturru a medon,
p.207
7415]
& léine do t-shroll rig re cnes, & inar maeth-sroill tairsi iar
7416]
n-echtair, & brat ciumsach corcra uimpi, & delg óir ann. Ocus
7417]
ro eirig inn ingen ac faicsin Chailti, & tairbiris póc dó, & ba
7418]
cian roime-sin o thuc ben póc dó. Cia thussa,
7419]
a ingen? ar Cailte. Echna ingen Muiredaig meic Finnachta,
7420]
ingen ríg Connacht missi, ar in ingen. Ocus is amlaid ro badur
7421]
na mná, & fidchell acu icá h-imbirt & baiglend do
7422]
midh so-óla acca ic á h-ól, & benn buabaill ar uachtar na baiglinde,
7423]
& in trath do thairsed in cluichi do breith do ibhdis
7424]
deoch, & do bídis ac ól & ac áibnius 'arsin. Ocus is amlaid
7425]
ro bói in ingen & tri buada furri, uair ro bo do mnaib glicca
7426]
in domain di, & is í ben is aille ro bí isin doman h-í,
7427]
& in tí da tabrad comairli do bíth conach & airmitin aici.
7428]
Cailte dixit:
7429] Rann.
- A Échnach a ingen fhind
is glan do niam ossin lind,
7430] do-bértha bretha co m-brí
d' feraib betha re h-aen-mí.
¶ 554
7431]
Ocus cáit a rabhais araeir, a m' anam, a Chailti? ar in
7432]
ingen. A tigh Blaithmeic Boaire, ar Cailte, a Cúil Radairc
7433]
tís a Luigne Chonnacht. Ocus Dia do betha, a m' anum, a
7434]
Cailti, ar in ingen, & is sí do chonair féin tángais, & gab, ar
7435]
sí, in darna cenn don fhidchill. Ocus gabaid Cailte in fidchill
7436]
ina ucht. Fada uad, ar se, nar' imbris-sa fidchell, a ingen,
7437]
{F§}uair ní bered Cormac na Find na Oisin leth-fidchellacht orum-sa,
7438]
ar Cáilte§. Ocus tar éis a h-imberta trell ro chuiretar
7439]
in fhidchell uaithib, & at- chonncadur tri dúnaid i n-imfhocus
7440]
dóib, & ro fhiarfaig Cailte don ingin. Cé na trí dúnaid-seo?
7441]
ar se. Accum-sa do-rónad , ar in ingen. Is ac deg-mnái do-rónad,
7442]
ar Cailte. Crét in t-airfidech út it fharrud, a Chailti? ar in
7443]
ingen. Cas Corach mac Cáincinde, airfidech Túaithe Dé Danann
7444]
uili, ar Cailte, & in t-airfidech is ferr a n-Eirinn uili &
7445]
a n-Albain. Is maith a delb, ar in ingen, damad maith a
7446]
airfided. Dar ar m-breithir ám, ar Cailte, acht gid maith a
7447]
delb is ferr a airfited. Gab bic ale do thimpán, ar in ingen.
7448]
Ocus gabais Cas Corach a timpan, & ro bói ic á sefnad & ic á saer-shéinm,
p.208
7449]
& tuc in {SG page 228}ingen in da fhalaig ro bói imma lámaib dó.
7450]
Ad-rae buaid & bennacht, a ingen, ar Cass Corach, & ni ricim-si
7451]
a les iat, & ni thiber do nech aile iat budh fherr lem anai-ssi
7452]
féin, & bennacht duit féin léo. {F§}Ocus at-bert Cáoilte:
- 7453] A Écna, a ingen in rígh
in úair aderar a fhír,
7454] ni faccu-sa ar tír na ar tuind
a com-shuaircc dalta echruim.
- 7455] IS tú is féile at-condac ríam
ba ferr im lind is im bíadh,
7456] ni decha a t-tech mna budh ferr
i n-iath Alban no Éirenn.
- 7457] IS í is féile it-condac riamh
budh ferr im lind is im bíadh,
7458] is í ba ferr dealbh is dath
do sluágaibh na fuinedhach.
- 7459] Aderim-sea rit reme
bíd fír ina raidim- ne,
7460] nochan faccu-sa o tá biu
commaith do dealbha, a Ecnu.
§
¶ 555
7461]
Ocus bá dered don ló annsin, & tangadur issin dún fa nessa
7462]
dóib dona tri dúintib, & tucad a tech n-derrait n-diamair iat. Ocus
7463]
ro éirig Etrum mac Lugair a h-aiti na h- ingine, & ro fherustar
7464]
faeilte reim Chailte, & do-riacht in ingen astech i r-rabadur ina
7465]
degaid-sin, & ro badur ic ól & ic áibnius ann. Ocus, a m' anum,
7466]
a Cailti, ar in ingen, crét 'ma tucad Carnn na Fingaile ar in
7467]
carnn-so, & crét ima tucad Duma na Con ar in n-duma-so
7468]
amuich? Ben Mebla ingen Ronain, ban-drái do Thúaith Dé
7469]
Danann, tucustar grád d' Fhind mac Cumaill, & adubairt Find
7470]
ní thibred ban-drái cáidchi in com-fhat do-gebad mnái aile issin
7471]
domun. Ocus do-riachtadur coin leicthe Find conici seo, ar
7472]
Cailte .i. deich coin & secht fichit, & tuc in ingen-(sin) a anail
7473]
fuithib, cor' chuir issin n-duma iat ar ulcaib {folio 144b2} re
7474]
Find. Conid díb atá Duma na Con air-seo, ar Cailti.¶ 556
7475]
Ocus Carn na Fingaile, no, ar in ingen, cret dia fuil?
7476]
Lám Luath mac Cumaisc Deb- tha, meic Dénta Comlaind, do lucht
7477]
in tíre-so h-é, & in comlann ticed chum Cormaic ríg Eirenn
7478]
& Airt & Cairpri Lifechair eissium & a athair & a t- shen-athair
7479]
do-nith cach comrac díb a cind a cheile. Ocus is annsin do bí
7480]
óclach a n-Dubthír & a n-Dubfhid & a Sleib Guaire, risa n-abar
7481]
Sliab Cairpri, & Borbchú mac Trénlámaig ainm ind óclaig, &
7482]
ro bói ingen aici .i. Niam ingen Borbchon a h-ainm, & nónbur
7483]
derbrathar ro bói ac Laim Luaith mac Cumaisc Deabtha, &
p.209
7480a]
15táinic cach fer fa leith díb d' iarraid na h-ingine ar Borbchoin
7481b]
mac Trénlamaig, & iss ed adeired cach fer díb re Borbchoin:
7482c]
Muirbfimid-ni thú & do secht meic a n-aen-fhecht muna thuca
7483d]
th' ingen duind. Ocus adeired Borbchú ré cach fer fo leith
7484]
díb ar ecla a marbtha: Rachaid duit-si h- í.¶ 557
7485]
Ocus is annsin adubairt Lám Luath adhaig n-aen ann ar
7486]
in tulaig-sea: In fír sib-si, a m' anum, a braithri, ar se, d' iarraid
7487]
na mná ro t-shiris-sa ar Borbchoin? Is fír, ar siat. Ocus
7488]
is annsin táinic idhu éta da indsaigi, & ro eirig, & ro gab a
7489]
chlaidim, & tuc béim don brathair ba nessa dó, cor' marb h-é,
7490]
& in mor-sheisir derbrathar ro badur tucsat a m-beil re lar ac
7491]
faicsin na fingaile do denum dó-sum, & fuaradur bas do chumaid
7492]
annsin, & ro cuirid issin carnn-so iat, conid uathaib- sin
7493]
atá Carnn na Finga(ile) (in) carnn-so, a ingen,{SG page 229} ar Cailte, & conid ana
7494]
inadh-sin do-r(igne b)uidhechus naem Patraic i Temraig a fiadnaisi
7495]
fer n-Érenn, & adubairt co n-gebad do chlaidim
7496]
air fein acht co n-aprad Patraic ris h- é.¶ 558
7497]
Ad-rae buaid & bennacht, a Chailti, ar in ingen: is mor
7498]
in fis do fhacais acaind. Ocus in fitir tusa, ar in ingen, ind airesbaid
7499]
fuil orainde, & ní fhagaim a furtacht? Cá h-esbaid-sin?
7500]
ar Cailte. Ceinn-eslainti tic rem chenn, & ní fhuil uisci acaind
7501]
i focus duind da ind-fhuarad, uair do-geibim furtacht in tan chuirim
7502]
uisci ar mo chenn. Ocus cait a fuil Cas Corach mac
7503]
Caincinde? ar Cailte. Sunna, ar in t-airfitech. Eirig amach
7504]
chum na tiprat, & beir in t-uisci coisrectha-sa let, & craith ar
7505]
in tiprait h-é, &chaid in fiad dráidechta atá urri di, & fo-genaid
7506]
dó cach nech h-í. Ocus Tibra Aillbhi Gruad- bricci ingini
7507]
Cormaic in tipra-sin. Ocus ro eirig Cas Corach mac Cáincindi,
7508]
& ruc leis amach in t-uisci coisrectha, & crathais ar in
7509]
tiprait, & tócbaid do chach h-í.¶ 559
7510]
Fiach t' fhaeilte & do t- shoichle duit, a ingen, ar Cailte, in
7511]
tipra d' fognum duit & do lucht na criche. Ocus ro boi in
7512]
tipra-sin ac foghnum dóib nó co n-dernsat da rig ro gab ar
7513]
chuiced Connacht fingal eturru fein .i. Aed & Eogan a n-anmanna;
p.210
7514]
& ro marbad Eogan la h- Aed ac Líc ind Fhomorach, risa
7515]
raiter Líc Gnathail issin tan-so, & ind aídchi-sin, arsi Cailte
7516]
tucad na tri h-esbadha as mó thucad ar chuiced Connacht riam
7517]
.i. in t-es ro-imarcraid do thiced ó Indber na Fer, risa raiter
7518]
in Muaid isin tan-sa, do trágad, & in lan mara do thiced assin
7519]
muir amuich ar in n- Gaillimh, & co m-bith lessugud {folio 145a1}
7520]
in choicid air cacha bliadna do trágad fos ind áidchi chétna & in
7521]
Tipra-so Aillbi.¶ 560
7522]
Ocus imtecht is lind amairech, ar Cailte, & ní thucu-sa mo
7523]
chend a tech mná bod fherr anái-ssi, ar Cailte. Ocus raet so-deithfirech
7524]
rob ail lium-sa d' fhiarfaighi dít re n-imthecht, a m' anum,
7525]
a Cailti, ar in ingen. Cá ní sin? ar Cailte. Cuich h-é in
7526]
t-airfidech ut atá at fharrad-sa, & cia a mathair nó a athair? Cass
7527]
Corach mac Cáincinde, mac ollaman Túaithe Dé Danann h-é, &
7528]
ollam Túaithe Dé Danann h-é fein, & Bé Bind ingen Elccmair
7529]
in Broga a máthair. Dursan sin dono, ar in ingen, nach
7530]
mac do Bodb nó d' Aengus nó do Thadg mac Nuadat h-é. Cá
7531]
fáth itir ón, a ingen? ar Cailte. Grád trom tucu-sa dó, ar in
7532]
ingen, & ní thucus grád do neoch roime ríam. Ni bá ferr
7533]
nech díb-sin fa deired na eissium, ar Cailte, tre breithir
7534]
naem Pátraic co mm-bia ollamnacht Eirenn aicci fa dered, &
7535]
cuirfid Tuaith Dé Danann i nd- étnaib cnocc & carrac acht
7536]
muna fhaice trú tadhal {SG page 230} talman do thaidbsi, achtmadh in t-airfidech-
7537]
so. Caide th' aicned uimmi-siút, a Chais Choraig? ar
7538]
Cailte. Is sé m' aicned, ar se, na facca do mnaib in domain
7539]
riam ben budh fherr lem ina in ingen út. Crét da-beir oraib
7540]
gan com-aentugud do denam? ar Cailte. Do déoin-si & dot
7541]
chomairle, ar in ingen. Feis Temra ac á denum ac feraib
7542]
Eirenn, ar Cailte, & do-berthar thussa do Chas Corach mac
7543]
Cáincinde ann, & do- bérthar ollomnacht Eirenn & Alban dó leis,
7544]
& naidmecar tusa a coraidecht aen-mná dó. Ca fat co n-dingentar
7545]
feis Temrach? ar Cas Corach. A cind raithe o 'nossa,
7546]
ar Cailte. Ocus fáemais in ingen-sin & Cas Corach maraen.