Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 521
7010]
Ocus ro h-urdraiced fó Eirinn in triur-sin do thoitim, &
7011]
ba h-amra {folio 143a1} le Túaith Dé Danann & lé feraib Eirenn
7012]
uili in gnim-sin .i. in drem ticed cach sechtmad bliadain da
7013]
n-argain & da n-indrad a toitim leissin triur-sin.¶ 522
7014]
Ocus caid a fuil Eogan fáid? ar Cailte. Sunna, ar
7015]
Eogan. Faghaib a fhis {SG page 220}& a fhir-eolus dam-sa mo t-shaegal, uair is
7016]
crot-ball senórach mé & deired aissi dam.
7017] Cailte cecinit:
- 7018] Abbair rium, a Eogain fáid
taccair re Cailte don raith,
7019] cid atá dom t-shaegul cert
cá fat biu-ssa ar toirimthecht?
7020] Eogan cecinit.
- 7021] Secht m-bliadna déc ón ló aníu
duit, a Chailti co cáem- chlú,
7022] co taethais ic Lind Temrach
cid doccair leis- sin teglach.
¶ 523
7023]
Ad-rae buaid & bennacht, a Eogain, ar Cailte: is inunn
7024]
in fhaistine-sin & in fhaistine do-rinde mo thriath & mo thigerna
7025]
& m' oide cáem carthanach dam-sa .i. Find. Ca saegal, ar
7026]
siat, adeir Eógan fáid do beith accut? Secht m-bliadna déc,
7027]
ar Cailte. Bid fír sin, ar siat, uair ní dubairt-sium saegal do
7028]
beith riam ac nech nach ticfad dó-sin, & do bói ic á indissin
7029]
re mor do bliadnaib in triur út do thoitim lib-si dona h-armaib-
7030]
sin. Ocus adubairt Cailte:
7031] Rann
- Adeirim-si rib roime
bid fír dam ind fhaistine,
7032] is ní cheiliub ar in sluag
a canaim re h- Eogan rúad.
¶ 524
7033]
Ocus maith ám, a lucht in t-shida! in toisc risa tanac-sa da bur
7034]
n-indsaigi: dentar mo leighis & mo lessugud bodesta, ar Cailte, &
7035]
tucus lóg mo leighis duib, & in socur is mó do-rigned duib riam
7036]
is misi do-rigne duib h-é. Is fír am a dénam duit, ar siat, &
p.196
7037]
do-gentar linde sódh crotha duit, ar siat, co rabais fa luth &
7038]
fá lán-choibled, & sóer-macanacht Túaithe Dé Danann duit leis-
7039]
sin. Truag dono sin, ar Cailte, & missi do gabail deilbe
7040]
druidechta umum. Ní géb acht in delb tuc mo Déntaid & mo
7041]
Dúilem & in fír-Dia for-orda dam, & iris chreidme & crabaid in
7042]
Táilgind in tí tarrus a n-Eirinn. Ocus adubradur Túath Dé
7043]
Danann: Guth fír-laich & fír- gaiscid sin! ar siat, & is maith in
7044]
ní ráidi, & cairde iarrmait umut leighis, ar siat. Crét adhbur
7045]
na cairde? ar Cailte. .i. tri fiaich tecait chuccaind atuaid
7046]
cacha bliadna, & ind uair bid macraid in t-shida oc imain toirnit
7047]
ar in macraid & berid fer cacha fiaich leo díb. Ocus adubairt
7048]
Ilbrecc:
7049] Rann.
- An triar theccaid don t-sháile
adhaig t- shamna bha báire,
7050] is berait triar don fhaichthi
in triar uathmur anaichne.
7051]
Ocus adhbur do cairde sin, a Cailti, ar lucht in t-shida.¶ 525
7052]
Ocus ro badur ann ré h-edh na h-aidchi-sin co tainic lá
7053]
cona lán-shoillsi arnamairech. Is annsin ro éirgedur Túath Dé
7054]
Danann i fiadnaissi na h-immana, & tucad fidchell cacha seissir
7055]
dóib, & branndub cacha cúicfhir, & timpan cacha fichet, & cruit
7056]
cacha céit ic a seinm acco, & cuislenna féighe forbartacha cacha
7057]
nonbair.¶ 526
7058]
Ocus issin n-uair-sin at-conncadur na tri fiaich a fudomain
7059]
in mara atuaid, cor' turrnsatar in m-bile m- búada do bói ar in
7060]
faichthe mar a ticdis riam roime, & ro léicset tri screcha
7061]
doilgi duaibseacha eistib, & da mad gnath mairb a tal- main nó
7062]
fuilt do chennaib dáine do-berdais na tri screcha-sin cor' mesc-buaidhirset
7063]
in sluag uile. Ocus do gabusdur Cas Corach mac
7064]
Cáincinde fer d' feraib na fidchle, {SG page 221}& tucusdur urchur d' én díb,
7065]
co tarrla ina bel & ina braigit, & cor' marb d' aen-urchur h-é.
7066]
Ocus ro diubraic Fer Maissi mac Eogabail urchur d' én aile, & ba
7067]
h-ed in cétna dó. Ocus do diubraig Cailte urchur don tres
7068]
h-én, co rus-marb fan cuma cétna. Ocus adubairt Cailte:
7069] Rann.
- Cas Corach is Fer Maissi
marbsat da én ingaissi,
7070] ro marb Cailte, is ceird lamaig
in tres én i folámaig.
p.197
¶ 527
7071]
Ocus fuaradur na h-eoin bás léo amlaid-sin, & adubairt
7072]
Cailte: atorcradur na h-éoin {folio 143a2} tra, & déntar mo leighis
7073]
bodesta. Ocus adubradur lucht in t-shída: In fetrais, a Cailti,
7074]
glifit mór i l-lenmain Túaithe Dé Danann fada anois? Ca glifit
7075]
sin? ar Cailte. tri meic rig Ulad atuaid .i. Conn & Congal
7076]
& Colla atait ac fogail forro. Cailte cecinit:
- 7077] Conn is Congal is Colla
ní h-inmain triar cutruma,
7078] sirit mor n-ard is n-achad
ac digail a sen-athar.
- 7079] Teccait sunn cacha bliadna
ní do choimet ar riagla,
7080] is marbthar triar uainde ann
nocho n-é in comrac comthenn.
- 7081] Adeirim-si rib reime
bid fír dam ind fhaistine,
7082] is siat-sin muirfither ann
meic ríg Ulad nach imgann.
7083] Conn.
¶ 528
7084]
Ocus tecait in triar-sin chuccaind cacha bliadna, ar Ilbrecc,
7085]
d' iarraid éiricce Echach Mundeirg ríg Ulad a sen-athar ro
7086]
marbsat Túath Dé Danann i cath Traga Baili thuaid, & sirit
7087]
comrac trír cacha sída a n-Eirinn cacha bliadna, & ní bá comthenn
7088]
in comrac ruc sin, ar Ilbrec, uair in triur téighed
7089]
uainde issin comrac ro marbtha iat, & térnaid in triar brathar
7090]
as; & do lucht in t-shída-so roiches isin bliadain-seo comrac do
7091]
denam ríu.¶ 529
7092]
Ocus is ann ro bói dís mac rig Ulad in tan-sin a m-Bennaib
7093]
Boirchi í cuicid Ulad thair a h-aithle fhogla & díbeirge
7094]
ar Túaith Dé Danann cacha bliadna. IS annsin adubairt mac
7095]
dib: Cá síd is lind a m-bliadna d' indsaigit? Síd Ilbricc Essa
7096]
Ruaid, ar na braithri. Atá óclach do muintir Fhind meic
7097]
Cumaill annsa t-shid-sin, ar fer dib, & dís maccaem ina
7098]
farrad, & do bo iumgaibthi cach n- ágh & cach n-eislind
7099]
dóib, & adéraid-sin da n-dernam-ne imgabail in t-shída is
7100]
ara n-agh & ara n-eislind féin do-genamais. Ocus ro badur
7101]
and ind áidchi-sin, & ro daingnigetar a n-airm & a n-il-fhaebair,
7102]
& ro riachtadur co moch arnamairech co h-Es Ruaid
7103]
meic Moduirnd, & tangadur lucht in t-shída amach, & táinic
7104]
Cailte léo & a dias maccaem maraen ris ar in faichthi féraig.
p.198
7105]
Ocus ind iat-siut, ar Cailte, in triarthic da bur n- indsaighid
7106]
si. Is siat co deimin, ar iat-sum. Is maith delb & tuaruscbail
7107]
na fer, ar Cailte, & adubairt:
- 7108] Conn is Congal is Colla
álaind triaris cháem comma,
7109] gabait siat uaind cert is cóir
sú com- raicem a chétoir.
¶ 530
7110]
Cred fuil agut-sa duind a cend ceirt, a m' anum, a Chailti?
7111]
Ocus adubairt:
- 7112] Crét fil acaib a cenn chirt
a Chailti ocus a Ilbricc,
7113] crét ordaigis duind in sluag
uair atámait 'gá imluad.