Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 511


6903] ‘Is tairissi lind ind fhaeilti-sin’, ar Cailte. Ocus is annsin
6904] tainic Bé Bhind ingen Elccmair in Broga amach cona tri .l.
6905] find-ban uimpi, & ro t-shuidh ar firt fótbaig, & tairbiris teora
6906] póc co dil & co dichra do cechtar de dib .i. do Chas Chorach
6907] mac Cáincinde & do Fhir Maissi mac Eoghabail, & ro fersat
6908] lucht in t-shída faeilti re Cailti & riu-sum. Ocus adubradur:
6909] ‘Olcc in caradrad duib in bail a cluinfed sib mor-éicen orainde
6910] gan tuidecht dár fóirithin.’ ‘Ní re h-engnam ro h-ailed mé féin’, ar
6911] Cas Corach mac Cáincinde, ‘acht ind uair bud chóir nó budh ail
6912] duib-si m' eladhu do dénam duib do-genaind h-í.’ ‘Ní ré gaisced
6913] atámaid anallana etir’, ar Fer Maissi mac Eogabail, ‘ocus do-génam
6914] cungnum lib-si ind uair ricfaidthi a les.’ Ocus is annsin
6915] ro indis Cailte a thoisc & a thurus do lucht in t-shídha. ‘Do-gentar
6916] do leighis acainde co maith’, ar siat. Ocus tangadur
6917] anunn issin síd 'arsin, & ra badur ann re téora & re teora
6918] áidchi ac ól & ac aibnius.

¶ 512


6919] Ocus in fer thainic co dorus in t-shída adubairt co raibe in
6920] cuan lan do longaib & do lú-barccaib amuich, & co tangadur
6921] sluagh mor-adhbul ar in tráig suas. Ocus is gan áirim sin,
6922] adubairt Cailte:
    1. 6923] IS é lín tainic ille
      míle long co h-esmaire,
      6924] tangadar co cenn trachta
      seirrgind ocus sith- barcca.

¶ 513


6925] ‘Maith, m' anum, a ríg- fhéindid, a Chailti’, ar siat, ‘cid as
6926] chóir duind do dénam?’ ‘Comha t- shída as chóir duib d' iarraid
6927] orro’, ar Cailte, ‘nóco n- dernad Túath Dé Danann tinol &
6928] toichestal.’ Ocus do- rónad mar-sin. Ocus ro thinoladur Túath
6929] Dé Danann
co rabadur da cath déc ar faichthe in t-shida 'arnamairech.
6930] Ocus do-riachtadur techta ón loingis da n-indsaighi,
6931] & adubradur: ‘Tabrad Túath Dé Danann braigde duind’, ar
6932] siat re feraib Eirenn. ‘Ocus cindus do-gentar sút, a Chailti?’

p.193


6933] ar lucht in t-shida & ar maithi Tuaithe Dé Danann. ‘Denam in
6934] da chath déc so atámait co cenn na trága da fechain’, ar
6935] Cailte. Ocus tangadur rompo marsin in da cath déc sin, &
6936] adubairt Cailte: ‘In fuil carpat cucht-glinde ac nech accaib?’ ar
6937] Cailte. ‘Atá accum-sa’, ar Midhir Mongbuide mac in Daghda.
6938] Ocus tucad chucu h-é, & do-chuaid Cailte issin carpat, & tucad
6939] in t-shleg dó .i. Ben Bodba, & do chóirgetar na h-allmuraig ámdabhach
6940] do sciathaib ina timchell, & is annsin tuc-sam a glun
6941] clé rissin carpat & tuc a chorr-mér gais- cid i suainem na sleighe,
6942] & do-rat urchor do ríg Lochlann, co tarrla in t-shleg co dírech
6943] chuice, cor' daer-briss a druim ar dó ann, & ro thoit in ar
6944] lár a t-shluaig, & ro scarasdur anum re corp dó mar sin. Ocus
6945] adubairt Cailte:
    1. 6946] IN Garb ro marbad ar tus
      a mesc a t- shluáig 'na remtus,
      6947] ro marb Cailte cona neim
      d' urchuir aindisc rop engbaid.

¶ 514


6948] Ocus ro thócbadur a muinter léo h-é ina luing 'arsin, &
6949] adubradur in sluag: ‘as mor in gnim do-rinde in duine’, ar siat,
6950] ‘.i. in nech as ferr do bói ar in domun do marbad d' aen-urchor.’
6951] Conid Traig in Gairb ainm na trága da éis.

¶ 515


6952] IS annsin adubairt {folio 142b2} in ban-gaiscidach rissin sluag:
6953] ‘Eirgid-si in bur longaib’, ar si, ‘& biat-sa re h-aghaid Túaithe
6954] Dé Danann
. Ocus is annsin ro fhiarfaig Cas Corach mac Caincinde
6955] do Thúaith Dé Danann:’ ‘In fuil sciath catat com-daingen
6956] acaib dam-sa?’ ar se. ‘Atá accum-sa’, ar se Donn mac Midhir.
6957] ‘Tabhair dam-sa am' laim h-é’, ar Cas Corach. Ocus tucad in
6958] sciath dó-sum, & ro gabusdar h-é, & tuc in claidim ina laim
6959] leis, & tainic reime mara raibi in ban-gaiscedach ac foraire &
6960] ac forcoimet a loingsi. ‘Maith, a m' anum, a maccaim’, ar sí
6961] ‘crét tú féin?’ ‘Do comrac riut-sa thanac’, ar se. ‘Gusaníu
6962] riam’, ar in ban- gaiscedach, ‘nir' comrac duine nó deissi missi’,
6963] ar sí, ‘& ba minci lem m' ecla ar cath croda cutruma; & tusa,
6964] a maccáim, is becht nach fuarais inadh issin doman
6965] in trath tangais do comrac rium-sa.’ Ocus is annsin ro
6966] chomraicetar co fuilech fobartach fír-gnimach indus co tuc cechtar

p.194


6967] díb .xxx. crecht n-ághmur n- in-othrais ar a cheile. Ocus táinic
6968] maccaem ina timchell co tric & co tindisnach ic á h-airlech, {SG page 219}&
6969] tarraid béim baegail tar bile in sceith furri, cor' ben a cenn di,
6970] & tuc leis h-é d' indsaighi Túaithe Dé Danann. Ocus adubairt
6971] Cailte:

    6972] Rann.
    1. Ro marb Cas Corach na cét
      in n-ingin, ní h- imarbrég,
      6973] ro fhagaib h-í ar in tráig
      is cubur ina comdáil.

¶ 516


6974] Ocus adubradar sluag Lochland: ‘Is mor in gnim do-rinde
6975] in maccaem’, ar siat, ‘.i. in trén ro bói acaind, & ro dingbad
6976] cach éicen dind, do marbad inar fiadnaissi.’

¶ 517


6977] Ocus is annsin ro rígsat in loinges-sin Eolus
6978] derbrathair in rig, & tucsatar ardrigi dó, & tangadur a tír do
6979] fhogra catha ar Túaith Dé Danann. ‘do-bérum in cath’, arsi
6980] Túath Dé Danann, ‘uair is ussa 'sa chach lind cath do thabairt
6981] dóib.’

¶ 518


6982] Ocus is annsin ad-racht Fer Maisi mac Eogabail mochtrath
6983] do ló resiu do éirig nech don t-shluag, & ro gab in fhagha fogablach
6984] ina láim, & is uime adertha ‘fagha fogablach’ ris .i. cóic
6985] gabla no bith ar cach táeb de, & corrana ar cach taeb díb-sin
6986] co tescfad cach corran díb finda a n-aghaid in t-shrotha. ‘Ocus a
6987] mo déé’, ar in maccáem, ‘ca delb duine Eolus?’ ‘Óclach is
6988] cruthaige & is ferr delb d' feraib in domain’, ar in fer ro bói
6989] ina fharradh. ‘Na h-eirig a n-imcian úaim etir’, ar in maccaem,
6990] ‘acht bí ac munad eolais dam.’

¶ 519


6991] Ocus is annsin ro gabusdur Eolus a chath-erred comraic &
6992] comlaind
uime, & ro gab a arm-gaiscced ina laim, & tainic ar
6993] sceimel-bord na luinge amach. ‘Ac siut, a maccáem’, ar se, ‘in
6994] fer 'gá rabais d' iarraid orum do munad duit, & in mind óir fá
6995] cenn, & in sciath cro-derg fair, & in t- étach engach uaine uime.
6996] Ocus is annsin tuc-som a chos re tacca na talman, & tuc a
6997] mér a súainim ind fhagha, & tuc urchur dó co tarla a m-bili in
6998] sceith co ráinic trít & cor' daer-bris a druim ar dó ann, & cor'
6999] chuir a chraide ina dub-lia fhola tar a bél amach, & cor' gab
7000] rind ind fhagha bord na luinge trithi. Ocus adubairt Cailte:’

p.195


    7001] Rann.
    1. Ro thoit lé mac na maissi
      Eolus ba lán-chaem taissi,
      7002] cor' fhacaib h-é ar in tuind
      i l-leapaid ind-uair étruim.
    2. 7003] IS é-sin scél na trága
      cip é no beth 'gá ráda,
      7004] esbaid in t-shluaig táinic thuaid
      a Lochlaind co méit mor-uaill.

¶ 520


7005] Ocus dala in t-shluaig assa h-aithli-sin, ó 'tchonncadur in
7006] triur-sin do thuitim, adubradur nach tibhradais cath do Thúaith
7007] Dé Danann
, & ro imthigedar da tír féin. Ocus adubairt Cailte:
    1. 7008] Is faeilid lucht in t-shída
      dar lind ní conair chissa,
      7009] ar tiachtain dóib 'sa cath cas
      gan esbaid, gan imurbas.