Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 471


6361] IS and ro bói Connacht in tan-sin ac Dún Léoda Loingsig,
6362] & fledh mor aicci ann 'gá tóchaithem, & tainic adaig n-aen
6363] ann amach re fuined nona ar in faithche fér-glais, & mar do
6364] bói co maithib a muintire uime co facaid in n-ingein mín
6365] mong-buide ara leth-laim, & ní fhaccaid don t- shluag h-í achtmad
6366] in a aenur, & ba h-ingnad séol na h-ingine. ‘Canus tangais,
6367] a ingen?’ bar Connacht. ‘Assin Brug brec-sholus anair’, ar
6368] inn ingen. ‘Cret ima tangais?’ ar in . ‘Lennan dam thusa.’
6369] ‘Cia darab ingen tú?’ ar in , ‘& cia th'ainm?’ ‘Aillenn Ilchrothach
6370] missi’, ar in ingen, ‘& ingen do Bodb Derg mac in
6371] Dagda.’ ‘IN fedrais, a anam, a Aillenn’, ar in , ‘slaetan
6372] trom-galair dom gabail-si’, ar in , ‘& deocha dian-éca d' faghbail
6373] dom athair & dom mathair, & in Tailgenn naem Pátraic dom
6374] thath-bheougud-sa, & do naidmm sé aen-ben do beith acum .i.
6375] Aiffi Ilchrothach ingen Eoghain Leith- deirg .i. ingen ríg Laigen.
6376] Dar mo breithir cena’, ar in , ‘ní fhacca-sa ben bud fherr lem
6377] do beith acum anai-ssiu, acht muna beth smacht in cleirig orum
6378] & ecla Rig nime & tal- man. Ocus maith, m' anum, a ingen’, ar in
6379] , ‘ind ail let-sa t' faicsin do maithib in choícid?’ ‘Is ail immorro’,
6380] ar in ingen, ‘uair ni ben t-shirrachtach t-shidhe mé, acht
6381] mad do Thuaith Dé Danann {folio 140b1} & mo chorp féin umum.’
6382] Ocus ro thaispen in ingen h-í don t-shluag, & ní fhaccadar riam
6383] roimpi na degaid ben budh cháime 'nás. ‘Ocus cá breith beire
6384] orum-sa, a Connacht?’ ar inn ingen. ‘Bérat immorro’, ar in
6385] , ‘in breth bérus naem Pátraic. Do-bér- sa duit h-í.’

p.177

¶ 472


6386] Is annsin adubairt in ré mor-seisir da muintir dul ar cenn
6387] naem Pátraic do Cathair na Claen- ratha bodes, co mullach
6388] t-Shleibe Mis, & do-chuadur rompo co rangadur conici sin, & fuaradur
6389] Pátraic ann.

¶ 473


6390] IS annsin ro thimain Patraic ceilebrad do da cóiced Muman,
6391] & fácais bennacht accu, & tainic roime maraen risna techtaib-
6392] sin co rainic co Beind in Bailb, risa raiter Benn Gulban, i
6393] Maenmaig. Ocus is annsin do-riacht Áed mac Muiredaig meic
6394] Fhinnachta, Connacht, i coinde nóem Pátraic, ó Dún Leóda
6395] Loingsig
co Beind in Bailb, risa raiter Benn Gulban, & tuc
6396] Connacht a chenn a n-ucht Pátraic, & ro t-shlecht dó, & tuc
6397] comus a chuicid o bic co mór dó. Ocus ro bói in ac indissin
6398] tuirrthechta na h-ingine do Patraic, & ‘in tussa in ingen
6399] tuc grád do ríg Connacht?’ ar Pátraic. ‘Is mé’, ar in ingen.
6400] ‘Ocus maith, a m' anum, a ingen’, ar Patraic, ‘is maith do delb
6401] & do tuaruscbail, & crét chothaigis sib a rind bur crotha & bur
6402] n-delba mar sin?’ ar Pátraic. ‘Cach áen ro bói ac ól fhleide
6403] Goibnind acaind’, ar in ingen, ‘ní thic saeth na galur ríu.
6404] Ocus maith, a m' anum, a naem-chleirig’, ar in ingen, ‘caide do
6405] breith orum-sa & ar rig Connacht?’ ‘Is maith h-í’, ar Pátraic.
6406] ‘Ro chindistar in do Dia & dam-sa’, ar Patraic, ‘a beith ar
6407] aen-mnái chengailti, & ní fhuil acainde dul tar in cinded-sin.’
6408] ‘Ocus missi no’, bar in ingen, ‘crét do-gén bodesta?’ ‘Dul do
6409] thigh & do t-shíd’, ar Pátraic, ‘& mád toisce ingen ríg Laigen
6410] anai-ssiu do beith-si d' aen-mnái acind fhir da tucais seirc &
6411] inmaine ó sin amach. Ocus da tucair-si adhmilled láe nó áidchi
6412] ar in ríg no ar in mnái’, ar Patraic, ‘millfet-sa tusa nach fá
6413] h-ail let mathair nó lét' athair nó ret buimme nó ret t' aiti t' fheicail.’

    6414] Patraic cecinit:
    1. 6415] A Aillind, a fhial- chorcra
      a ingen Buidb,
      6416] ní dechub duit iarmarta
      táet reomut cot chuirm.
    2. {SG page 215}
    3. 6417] Nír' bo eolus sidchaire
      toidhecht co Beind m-Bailb,
      6418] nir' bo engach fhir-gadhair
      rechaid riut in pailm.
    4. 6419] Bidh cáem ar ar comairchi
      in ingen do chéin,
      6420] soisscela Crist cumachtaig
      dar comét ar péin.

    5. p.178

    6. 6421] Beindechat-sa in cóiced-so
      om chonn is om cheill,
      6422] connach loitet allmuraig
      co millit fadéin.
    7. 6423] Na déna duind tabhartha
      a ingen mín mas,
      6424] eirig is beir bennachtain
      is imthigh fá blas.

    8. 6425]

      A Aillind.

¶ 474


6426] ‘Ocus ind h-í-sin dáil chinti fuil acut?’ ar in ingen ‘gan mo
6427] thabairt-si don rig cen bias in ben út aici?’ ‘Is sí immorro’, ar
6428] Pátraic. ‘Cret fuil ann, a naem-chleirig.’ ar in ingen, ‘acht ar
6429] fír do breithri riut, damad thusca ben in ríg anú-ssa, mo thabairt-si
6430] dó.’ ‘Adeirim a fiadnaissi m' fhírinde’, ar Pátraic, ‘mád
6431] tóisci co tiubarthar thusa dó.’

¶ 475


6432] Ocus is annsin ro chaiestar in ingen co falcmur fír-throm.
6433] ‘Is inmain let, a ingen, missi’, ar in . ‘Is inmain ám’, ar
6434] in ingen. ‘Ní fuil don droing daennachta nech is annsa lim-sa
6435] anai-ssiu’, ol in , ‘acht na fétaim techt tar slanaib & tar senad
6436] in Tailgind & Dia.’ Ocus at-racht in ingen roimpe dochum a
6437] sída 'arsin, noco tabair in scel fuirmed doridhissi furri.

¶ 476


6438] IS ann ro badur in sluag & Patraic & Cailte co cenn
6439] teora lá & téora áidchi ina degaid-sin ac Beind in Bailb, &
6440] tangadur 'arsin rompo co rangadur Fert Fiadmóir ar Machaire
6441] in Scáil
, risa raiter Mag n-Áe meic Allguba isin tan-so, & ro
6442] t-shuidhetar in sluag uile ann, & suidhis Pátraic, conid Suidhi
6443] Pátraic
ainm in inaid-sin.

¶ 477


6444] IS ann ro ferustar Connacht faeilte ré Cailte & ro
6445] fhiarfaig de: ‘Maith, a m' anum, a Chailti, cret má tucad {folio 140b2}
6446] Fert Fiadmoir ar in n-inad-so, & créd 'ma tucad Cnocc in
6447] Chircaill
ar in ard-so thiar, & cred fa tucad Cnoc in Chongna
6448] ar in cnoc-sa re thaeb?’

¶ 478


6449] Fert Fiadmoir & Cnoc in Chircaill & Cnoc in Chongna.

¶ 479


6450] Fregrais Cailte in cheist-sin, doig ro bói a fhís aice
6451] in ní dia raibe.
6452] ‘INgen mor-grádach maith ro bói ac Find mac Cumaill’, ar
6453] Cailte, ‘dar' bo chom-ainn Aí Arduallach ingen Fhind, & ro
6454] chuindig Fiadmor mac Airist, Alban, anall h-í ar a athair .i.
6455] ar Fhind. Ocus adubairt Find damad maith lé féin feis leis ní tibred-

p.179


6456] sum éra fair. Ocus ro fiarfaiged don ingin-sin, & adubairt na
6457] fáefad lé fer leth-amaich d' Eirinn. Ocus is annsin adubairt Find
6458] re ingin:’ ‘In duine do ér tú, a ingen, do- bér-sa thú dó .i. do
6459] rig Alban.’ Ocus do bói lendan acin ingin a Fiannaib Eirenn
6460] .i. Ailbhi Armderg o Athlis a h- ochlachaib Fheda Gaible anall,
6461] & is annsin adubairt h-Ái Ardual- lach: ‘maith, m' anam, a Ailbhi,
6462] cindus do-ni-si frium-sa & Find acom thabairt do ríg Alban?’
6463] Iss ed adubairt Ailbhi: ‘Éirig-si ar comairchi Guill meic Morna
6464] & Fhiann Eirenn gan tochmarc foréicne ort.’ Is annsin do
6465] t-shnaidm in ingen a comairchi ar tri h- aicmedaib cutruma ro bói
6466] issind Feind .i. ar Chlannaib Morna & ar Chlannaib Baiscne &
6467] ar Chlannaib Nemnaind, & naidmis ar in Feind uile a comairchi,
6468] & faemait in Fhiann.

¶ 480


6469] ‘Ocus is sí aes & uair tainic Fiadmor mac Airist, Alban,
6470] tri catha mora co Traig Eochailli & a da brathair maraen ris
6471] .i. Circull & Congna a n-anmanna. Ocus rainic fis uaithib co Find
6472] conici in carnn-sa ar cenn a mná’, ar Cailte, ‘& ro érastur in
6473] ingen-sin, & at-bert-som muna tuctha dó h- í cath d' fhogra ar in
6474] Féind o ríg Alban, & adubairt nach rachad a h-Eirinn nó co
6475] m-bered béo nó marb a mná leis nó cenn Find. Ocus adubairt
6476] Find: ‘Eirget triur uaib’, ar Find, co h-Es na n-Én botuaid,
6477] risa raiter Es Dara aníu, & dénat foraire & forcomét ar na h-allmurchaib
6478] atá ar Tráig alaind Eochaille thuaid.’ ‘Ocus ro
6479] fregramar-ne triúr don Fhéin sin’, ar Cailte ‘.i. mé féin & Diarmait
6480] ó Dúibhne & Oscur mac Oissin. Ocus amal ro siachtamar- ne
6481] co cenn na trága at-chonncamar in triúr fer mor dar
6482] n-indsaighid, & ro chomraicemar ar lar na trága ar seisser óclach,
6483] & ro fhiarfaigem-ne scela díb’, ar Cailti, ‘& ro indisetar
6484] Alban do beith ann triur óclach .i. h-é féin & a dá brathair
6485] maraen ris .i. Circall & Congna, d' iarraid baegail echta ar
6486] in Fein.’