Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 451


6104] IS annsin adubairt in flaith Find riu: ‘In fetabair-si cid
6105] 'má tucad sib dom accallaim-si?’ ar Find. ‘Ní fetamur’, ar na
6106] h-ócláig. ‘Ní tairissi lé fiannaib Eirenn sib-si’, ar Find, ‘forna
6107] h-eladhnaib do-nithi accu, & is áil léo a fhocra dáib-si imthecht
6108] imslán & bur tuarustal do tabairt duib.’ ‘Cá h-olcc do-rindsemar’,
6109] ar na h-ócláig, ‘ind uair fhócarthar imthecht duind?’ ‘Ní fhetamur’,
6110] ar in Fhiann, ‘bur n-olcc, acht abhaissi accaib nach faccamar- ne

p.169


6111] & nach cualamur do denam do dáinib reomaib riam .i.
6112] múr tened umaib cach n-áidchi, & nach áil lib nech da bur
6113] faicsin ó thic ind adhaig chucaib, & curthái in múr tened-sin
6114] umaib.’ ‘Ocus cid in t-olc duib- si sin do denam duind, a
6115] Fhind?’ bar na h-ócláig, ‘uair ní h-oraib-si traiscermid, cach maith
6116] do-génam is lib-si h-í.’ IS annsin adubairt in flaith Find: ‘Glor
6117] dáinead so-chinelach sin’, ar se, ‘ar tabairt fhala nó achmusain
6118] dam-sa dáib na do neoch d' Fhiannaib Eirenn ni recha do ló na
6119] d' áidchi, & ní rob ail lium-sa d' fhiar- faige díb’, ar Find. ‘Da raib
6120] a fhis accaind’, ar na h-óclaig, ‘indestar duit-siu h-é.’ ‘Cá h-anmanna
6121] atá oraib-si?’ ar Find. ‘Atá Dub orum-sa’, ar in t-óclach
6122] do-nith in leighes. ‘Atá Ágh orum-sa’, ar in t-óclach medhónach.
6123] ‘Atá Ilar orum-sa’, ar in t- óclach aile. Ocus adubairt Cailte
6124] ac tabairt tuaruscbala na fer-sin & na con:
    1. 6125] Dub ocus Agh is Ilar
      inmain triar fá cáem inad,
      6126] ocus Fermac, maith in cú
      bidh a medhón eturrú.
    2. 6127] Longphort ar leith accu amach
      o longport na Fiann fuilech,
      6128] connach aithned nech ille
      in cethrur án oirdnnighe.
    3. 6129] cethrar tangadur í cein
      ní ro aithnestar Find féin,
      6130] 's nír' ro aithin nech don t-shluag
      in cethrur álaind adh-fhúar.
    4. 6131] INadh ar leith accu amach
      o longport na n-Eirennach,
      6132] conna taidhled nech a tech
      mina thaidhlid meraig- thech.
    5. 6133] Múr teined umpu, mo nuar
      bith 'na uisci cach ré n-uair,
      6134] connach téiged nech amach
      co trath éirge arnamairech.
    6. 6135] Nochur' loited aen-fher riam
      do muintir Fhind flaith na Fhiann,
      6136] ní raibe a n-gabad na a n-gub
      na slanaigfe fos in Dub.

    7. 6137]

      Dub.

¶ 452


6138] ‘Ocus imthighid da bur tigh’, ar Find, ‘& in comfhat bias duine
6139] am degaid-si bíthí-si & in muinterus na fuarabair do-gébthai
6140] bodesta.’ ‘Ocus is uime-sin’, ar Cailte, ‘tucad Daire in Chocair
6141] ar in daire-seo do fhiarfaigis dim, a .’

¶ 453


6142] ‘Ad-rae buaid & bennacht’, ar Eogan Leith- derg Muman
6143] re Cailte, ‘is maith d' fhuasclais in dana cheist-sin; & atá in tres
6144] ceist acut gan fhuaslucud .i. cret 'ma tucad Raithin na Sénaigechta
6145] ar in raithin-seo?’ ar in .

¶ 454


6146] ‘Laithe n-aen da raibe Find annso ina t- shuidhe & tri catha na

p.170


6147] Féinde’, ar Cailte, ‘& at-conncamar triar scoloc mael-ruad dar
6148] n-indsaighid, {folio 139b1} & tri coin ruada ina lamaib, & tri slega
6149] accu' & neim ara n-armaib & neim ara n- étach & neim ara
6150] lámaib & neim ara cossaib & neim ris cach ní risa m-bendais.’
6151] ‘Canas tangabair, a fhiru?’ ar Find, ‘& cuich sibh féin?’ ‘tri
6152] meic Uair meic Indaist sind’, ar siat, ‘do Thúaith Dé Danann,
6153] & óclach dot muintir-si do marb ar n-athair i cath Túaithe Dé
6154] Danann
i Sliab h-Én tair, risa n-abur Sliab Aighi meic Iughaine,
6155] & tangamar d' iarraid eirice ar n-athar ort-su, a Fhind’, ar siat.
6156] ‘Fata co tangabair da h-iarraid’, ar Find. ‘Ní fhetamar’, ar siat,
6157] ‘nach iat meic Midhir do chuir in cath-sin nó co tangais-si co
6158] feis na Temrach, & co fetadar fir Eirenn conid tusa ro gab
6159] braigde Túaithe Dé Danann do macaib Midhir issin cathsin.’
6160] ‘Ocus cá h-óclach dom muintir-si’, ar Find, ‘ara cuirthai-si’, ar
6161] Find, ‘marbad bar n-athar?’ ‘Ar Cailti mac Rónain’, ar siat.
6162] ‘Dar mo breithir ám’, ar Find, ‘is sé in seissed fer ro bói am
6163] fharrud-sa ann, & cá h-anmanna fuil oraib-si?’ ar Find. ‘Ainhgel
6164] & Dighbail & Espaid a n-anmanna’, bar iat-som, ‘& cá fregra
6165] do-beire-si foraind, a Fhind?’ ‘ní thuc duine reomum-sa éiric án
6166] duine do muirfíde a cath, & ní mó do-bér-sa’, ar Find. ‘Do- génam-ne
6167] foghail & díberg fort’, ar iat-som. ‘Cá fogail-sin?’
6168] ar Find. ‘Atámaid triur brathar’, ar siat-som, ‘& do-genam foghal
6169] ar leith cach fir uaind.’ ‘Do-gén-sa tra’, ar Aincel, ‘in triar no
6170] in dias nó in cethrar don Fheind teicemus dam, gebat a cossa
6171] & a l-lama uili riu.’ ‘Do-gen-sa dono’, ar Dighbail, ‘ní rech-sa lá
6172] uaib gan esbaid chon nó gilla nó óclaig d' Fhiannaib Eirenn.’ ‘Ní
6173] rech-sa uaib dono’, ar in tres fer .i. Espaid, ‘gan esbaid droinge
6174] nó daime nó choissi nó laime nó leth- tshula oraib.’ ‘Acht muna
6175] fhaghbam ní dar cobair orro-sin’, ar Cailte, ‘ní bia duine a m-bethaid
6176] a cind bliadna acaind.’

¶ 455


6177] IS annsin adubairt in flaith Find: ‘Maith, a Fhianna Eirenn’,
6178] ar se, ‘dentar dúnad & degh-baile accaib anso i fail i
6179] tardhadur síut mé, uair ní bíu-sa reompo sechnoin Eirenn & iat-
6180] sum am deghaid nocho findam cia uaind bus treissi’. ‘Ocus ro

p.171


6181] eirgedur ind Fhiann annsin, & do-rinde cach taissech Féine raithin
6182] & dúnad uime féin & uma foirind óta foradh-mullach t-Shleibe
6183] Mis
aníar conice seo’, ar Cailte. ‘Is dóig lind’, ar Muman,
6184] ‘is uime tucad Raithin na n-Othrus ar na raithinib- seo.’ ‘IS
6185] uime’, ar Cailte, ‘uair mí & raithe & bliadain ro ansat annso,
6186] & in triar-sin ac denam cach ain- cissi & cacha h-urbada rissin
6187] Féin’, ar Cailte. Ocus is annso do- nithea an othrus na Féine
6188] ó na lotuib rissin.

¶ 456


6189] IS sí-sin áes & uair do-chuadur tri meic rig na h-Iruaidhe
6190] ro bói a comaitecht Fhind da accallaim in lá-sin, & rucsat leo
6191] h-é ar fót scrutan gaisse fo leith, & adubradur ris: ‘Maith, a
6192] m' anam, a Fhind’, ar siat, ‘in cú atá acainde is áil lind a tabairt
6193] duit-si a timcheall .i. fecht fa thri cacha tratha, & cid sochaide
6194] bias ar tí th' uilcc-si do denam nó fhoghla ort nocho ria léo ón
6195] trath co cheile acht na raib teine nó arm nó cú a n-aen-tigh
6196] ria uair geis di ní dib-sin a n- aen-tigh ria. ‘Ni bia immorro’, ar
6197] Find, ‘ní díb-sin a n-aen-tigh ria, & ro sia immorro slán in cú
6198] chucaib-si.’ Ocus is amlaid ro léicthea cacha tratha in chú chuind
6199] Find, & a slabrad druimnech derg- óir imma braigit i r-rabadur
6200] .l. conchlann d' or forloiscthe, & ticed in cú fecht fa thrí fan
6201] cuma-sin a timchell Fhind & do-beread a tengaid fa thri fair.
6202] Ocus in drém ba nessa dó andar léo ba dab- hach medha 'arna
6203] h-imscagad ro bói ann don boltunud ticed di, & dar leisin n-droing
6204] aile ba baladh abhall-guirt chubra in boltunudh ticed di in trath
6205] ticed istech cum Find. Ocus do-rindset in triur-sin’, ar Cailte,
6206] ‘foghla mora (ar in) Féin rissin m- bliadain-sin, & cach othrus
6207] & cach olcc do-nith Ainchél risin Féin re bliadain do chuired
6208] Dub mac ríg na h-Iruaithe (a lus) & a leighis rís, comba slán
6209] iat arnamairech, & in tí risa n- (dénad) Espaid & Dighbail olcc
6210] do-níth Ágh & Ilar a furtacht & a f(orithin).’

¶ 457


6211] ‘IS ann (at-clo)s do Chormac h- úa Cuind’, ar Cailte, ‘na
6212] náimdi-sin ic denam uilcc ar Fhind, & is uathaib-sin’, ar Cailte,
6213] {folio 139b2} ‘atait na sen-fhocail urdraice .i. intí risa m-benad urbaid
6214] nó espaid iss ed is gnath-fhocul ann tarraid Ainhcél tú’, & is

p.172


6215] gnath-fhocal fós ‘tarraid Dighbail & Espaid tú’, intí risa m-benad
6216] dighbail nó espaid.

¶ 458


6217] ‘IS annsin’, arsi Cailte, ‘do-rigned tinol & toichestal ac Cormac
6218] h-úa Chuind, ac g Eirenn. Ocht catha fichet & deich
6219] cét ar fichit cét cacha catha conice in tulaig-seo do chungnum
6220] lé Find & re Fiannaib Eirenn. Ocus ferais Find faeilte
6221] re Cormac & re maithib fer n-Eirenn archena, & ro indis Find
6222] in mor-éicin-sin i r-raibe & na Fianna rissin m-bliadain-sin, acht
6223] muna beitis tri meic rig na h-Iruaithe ic ár cabair 'na n- agaidh.
6224] ‘Cid’, ar Cormac, ‘in lucht ica fuilet na h-eladhna-sin nach
6225] fuighbitis do t-shén nó do t-sholad nó d' eladhain ní do-bérad a
6226] h-Eirinn iat-som?’ ‘Ocus is annsin adubairt Cormac rium-sa’,
6227] ar Cailte, ‘dul ar cenn tri mac rig na h-Iruaithe. Do-chuadhus
6228] & tucus lim iat d' indsaigi Chormaic & Fhind & maithe fer
6229] n-Eirenn, & at-chonnairc Cormac iat. ‘Álaind na fir’, arsi Cormac,
6230] ‘& maith a n-delb & a tuaruscbail. Ocus maith, a maccu’,
6231] ar Cormac, ‘in fuighbed sib sén na solad ro díchuirfed na trí
6232] náimde út a h-Eirinn neoch ata ac milled Fhiann Eirenn?’ ‘Da
6233] faghmais iat’, ar na h-óclaig, ‘a comfhocus duind ní ris a fuaicérmais
6234] doib imthecht, ro dingébmais d' feraib Eirenn iat.’ Ocus
6235] cait a fuil Agh mac ríg na h-Iruaithe?’ ar Find. ‘Sunna’, ar
6236] in t-óclach. ‘Cáid a fuilet na tri naimhde ut millis Eirinn?’
6237] ‘Ataid i Carnn Daire sunn a cind in longpuirt’, ar Ágh. ‘Ocus
6238] cait a fuil Garbchronan & Saltrán Salfhata?’ ar Find. ‘Sund,
6239] a ríg- fhéinnid’, ar na gilli. ‘Eirgid ara cend sút & apraid ríu
6240] do-ber-sa breth rig Eirenn doib ina n-athair.’ Ocus tangadur
6241] na gilli reompo ara cend conici sin, & ro indissidur sin doib, &
6242] tangadur-sum d' indsaighid Chormaic & Fhind leis na techtairib-
6243] sin, & ro t-shuidhedar in triur-sin ar clad na ratha-sa, & ro bói Cormac
6244] ann ocht catha fichet, & ro bamar- ne tri catha na Féine’, ar Cailte.

¶ 459


6245] ‘Iss annsin adubairt Cormac:’ ‘Eirig, a Duib meic ríg na
6246] h-Iruaithe, & fuacair dóib siut re sén & re solad Éire d' fhagbail.’
6247] Ocus ro eirig Dub & adubairt: ‘Eirgid a nert in t-shéin-seo & in
6248] t-sholaid, a tri náimhde tuath- chaecha les-baccacha leis-bréna, leth- tshúilecha
6249]

p.173

leith-cherra, do t-shil uilcc ingnathaig a grian- broghaib
6250] ifirn anís & do t-shil Buadnaite ingine Irhuaith .i. ingen ind fhir
6251] ro gabustar & ro thidnaic in fir-Dia for-órda & tigerna na n-uile
6252] dáine i l-lámaib na n-Íubal n-amirsech. Ocus eirgid ar in sáile
6253] serb-domain amach, & gabad cach uaib do claidim i cend- mullach
6254] a chéile bar triur brathar. Uair is leór a fhat atathi ac
6255] fogail & ac díbeirg ar in ríg-fheindid forglidhe fír-brethach .i.
6256] ar Fhind mac Cumaill. Ocus imthighid dochum bar m-bunad-chineoil
6257] athar & mathar & sen-athar .i. grian-bruignib ifirn sís,
6258] & co ro loisce teine sib ann!’

¶ 460


6259] IS annsin ro thócaib in cú a láe & tucastar gáith fuithib
6260] anís dóib, & tangadur rompo amach ar in muir torthaig taeb-úaine,
6261] & do gab cach díb da claidmib a cend araile co fuaradur
6262] bas amlaid-sin a triur brathar & co n-eachadur a n-ifirrn.

    6263] Cailte cecinit:
  1. 6264] Do-chuadur siat uaind amach
    ar in muir fa mor- thonnach,
    6265] cor' marb cach dib a chéile
    cid ed ba mor conféire.
  2. 6266] Aincel, Dighbail is Espaid
    fuaradur bás anbfhassaig,
    6267] ro báid muir is ro loit arm
    in triar imaincel acgarb.