Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 361
5055]
INa degaid-sin, ar Cailte, tangamur annsa síd solus-mor
5056]
anunn in seisir sciath-armach sin ro bamar .i. Find mac Cumaill
5057]
& mé féin & Diarmait ó Duibne & Oissin & Oscur & Mac
5058]
Lugach; & ro t-shuidhimar ar colba chíuil issin t-shíd, & tainic
5059]
ingen min macdachta mong-buide d' umal-fhossaic duind, ar Cailte,
5060]
& tuc in ingen sind a cathair gleorda glainide ar laechlár in
5061]
t-shída, & tucad sen cach lenna duind & nua gacha bíd. Ocus ind
5062]
uair tairnic ar n-áithgéire & ar n- ítu do choscc, is ann ro fhiarfaig
5063]
in flaith Find: Cia accaib da fiarfochum scela? bar eissium.
5064]
Fiarfiag don tí dár b'ail let féin, ar in t-óclach ba mó díb.
5065]
Ocus cia thusa, a m' anum, a óclaig? ar Find, uair ní fhetar
5066]
in comlín-so do dáinib a n-Eirinn gan a n-aithne accaind.¶ 362
5067]
IN t-ochtur ar .xx. oclach út at- chí-siu issin t-shíd, inann
5068]
mathair & athair dóib, & cland do Midhir Mongbuidhe mac in
5069]
Daghda iat, ar in t-óclach, & Findchaem ingen rig t-Shidha
5070]
Monaid anair ar mathair, & do-rigned tinol & toichestal ac
5071]
Tuathaib Dé Danann{SG page 198} deich m-bliadna .xx. gusin lá amairech,
5072]
ar in t-óclach, ac tabairt rígi Tuath Dé Danann do Bodb Derg
5073]
mac in Dagda icin Brug braenach brecsholus thuaid, & ro bói
5074]
ac cuingid bráiget orainde in lín brathar so atámait, & adubramar
5075]
nó co tucdais Tuatha Dé Danann braigde dó nach
5076]
tiurmais féin.
p.139
¶ 363
5077]
IS annsin adubairt Bodb Derg mac in Dagda re Midhir
5078]
.i. ré 'r n-athair-ne: muna chuire do clann uait, ar se, múirfemait
5079]
do t-shid ort. Ocus tangamar-ne amach, ar in t- óclach, in
5080]
t-ochtur ar .xx. brathar-so d' iarraid inaid t-shída, & ro t-shiremar
5081]
Eirinn nó co fuaramur in n-inad n-diamair n-derraid-sea, & atámait
5082]
ann ó sin ille, ar Donn mac Midhir, & ochtur ar .xx.
5083]
derbrathar atam sunn, & deich cét óclach re cach n-aen-fer uaind,
5084]
& ro dibaigthea uile sin acht in t-ochtur ar fichit sea atamaid
5085]
do chlaind aen-athar & aen-mathar. Ocus cindus dibaigter
5086]
sib? ar Find. Tuatha Dé Danann do thiachtain fa thri cach
5087]
bliadain do thabairt chatha ar in faithche feraig sea amuich
5088]
duind. Ocus cia in fert fata núa at-chonncamar ar in faithche
5089]
amuig? ar Find. Fert Diangalaig drái sin, ar in t- óclach,
5090]
.i. drái maith do bói ac Tuaith Dé Danann, & in tres eas- baid
5091]
as mó thucad ar Tuaith Dé Danann, ar Donn mac Midhir,
5092]
is sí-sin h-í {folio 134b2}. Ocus cia ro marb h-é? ar Find. Missi,
5093]
ar Donn, do marb h-é. Ocus caide ind espaid aile? ar Find.
5094]
Indeossat duit, ar Dond, .i. in neoch ro bói do t-shetaib & do
5095]
mainib & d' indmusaib, eter chorrnaib & chuachaib & chopanaib
5096]
& bleidedaib buis & bán-óir, ac Tuaith Dé Danann tucsamar
5097]
lind a n-aen-fhecht uaithib iat. Ocus caide in tres espaid? ar
5098]
Find .i. Fethnaid ingen Fhidhaid, ban-airfitech Tuaithe Dé Danann,
5099]
ar Dond mac Midir .i. a céol & a n-indtlas menman uili sin.
5100]
Ocus atá a n-dail sunn amairech do thabairt catha duinde, & ni
5101]
fhuilmíd-ne do lín catha acht in t-ochtar ar .xx. derbrathar atamait
5102]
ina n-aghaid-sin, & ro rathaigemar ar m-beith a m-baegal
5103]
ina n-aghaid-sin, & ro chuirsemar in ingin Máil út ar do
5104]
chenn-sa co Toraig thuaiscirt Eirenn, a r-richt baeth-láig allaid,
5105]
& ro lensabair-si h-é co rangabair in síd- sa, & in maccaem út
5106]
at-chithi & in brat uaine aen-datha uimpi ac in dáil, is sí-sin h-í,
5107]
ar Donn. Ocus in leth falum at-chisi don t- shid, ar Donn, inad
5108]
in t-shluaig ro marb Tuath Dé Danann sin.¶ 364
5109]
Ocus do badur-sum ac ól & ac aibnius ind áidchi-sin, &
5110]
mar do eirgedur arnamairech adubairt Dond mac Midhir re
p.140
5111]
Find: Tairsi lem-sa amach ar in faithche co faicce tú in bail
5112]
a cuirmid-ne cath & Tuath Dé Danann cacha bliadne. Ocus
5113]
tangadur amach, & ro badur ac {SG page 199} fégad na fert & na lecht. Ocus
5114]
conice seo atá dáil Tuaithe Dé Danann chuccainde.¶ 365
5115]
Cia dib, arsi Find, asa dáil atá chuccaib? Bodb Derg
5116]
cona .uii. macaib, & Aengus Óc mac in Dagda, cona .uii.
5117]
macaib, & Findbarr Meda Siuil cona .uii. macaib déc, & Lir
5118]
Sída Findachaid cona .uii. macaib .xx. & cona chlann-maicne
5119]
archena. Tadg mac Nuadhat a Síd álaind Almaine. Donn
5120]
Ailein & Dond Dumaigi, & in da Glas a Sidh Glais a crich
5121]
Osraige. Ocus Dobran Duthaire a Síd Liamna Lennchaime
5122]
annso a cuiced Laighen. Ocus Aed Aileain a Rachruind
5123]
atuaid, & Fer Ái mac Eogamail, & Aillean mac Eogabail, & Líí
5124]
mac Eogabail, & Faindli mac Eogabail a Mumain aniar, a Síd
5125]
Eogabail, & Cian & Cobhan & Conn, tri meic rig t-Shida Monaid
5126]
anall a h-Albain, & Aed Minbrecc Essa Ruaid cona .uii. macaib
5127]
a Sídh Essa Ruaid, & clann na Morrigna ingine Ernnmais, cona
5128]
seisser ar .xx. ban-gaiscedach, & cona seisser ar .xx. fer-gaiscedach,
5129]
& in da Luath a Lifenmaig a Maig Life, & Brattan & Ballgeal &
5130]
Ubhalroiscc a Síd Ochta Cleitig a Bregmaig, & Cathal & Caithri &
5131]
Catharnnach a Síd Droma Deirg a crichaib Chineil Chonaill atuaid.
5132]
Derg & Dregan a Síd Beinde h-Etair anair. Sanb cona secht mnaib
5133]
a crichaib na n-Déisi Muman andes. Bodb Derg fein
5134]
cona mor-theglach .i. deich fir &h fichit & deich cét ba h-é-
5135]
sin a lín. Conid iat-sin na triatha & na tigernada feraind do
5136]
Thuaith Dé Danann tic do thochailt ar sída oraind cacha
5137]
bliadne.¶ 366
5138]
Ocus tangadur anunn assa h-aithle-sin issin síd, & ro indis
5139]
Find da muintir sin. Ocus a aes cumtha, arsi Find, is mor
5140]
éicen & soithfir na muintire aca fuilmíd, & do-rala i mor-éicin
5141]
sib-si, {folio 135a1} ar se, & muna derntái maith ica bhur cosnum
5142]
is contabairt daib nech dabur feind ná dabur foirind d' fhaicsin.
5143]
Cait a faccais, a m' anum, a Fhind, ar Diarmait h-úa Duibne,
5144]
ar n-droch-engnum-ne in trath atái ac tabairt robaid duind?
5145]
Do-berim-si mo breithir, ar Find, da sirind-sea in domun uile
5146]
nach biad omun na ecla orum & in comlín-so d' Fhiannaib
p.141
5147]
Eirenn im fhar- rud. Ocus ro badur ann co trath eirgi do ló
5148]
arnamairech.¶ 367
5149]
Is annsin do eirgedur lucht in t-shída uile amach & Find
5150]
seissir óclach máraen ríu. Maith m' anam, a Duind, arsi
5151]
Find, in a ló nó a n- áidchi tecait Tuath Dé Danann chuccaib- si?
5152]
I comdáil na h-aídchi, ar Donn mac Midhir, comad
5153]
truimi-te ind fhogal do-gendais.¶ 368
5154]
Ocus ro badur ann co táinic ind adhaig, & adubairt Find:
5155]
Imthighed nech accaib, ar Find, ar in faithche amach, &
5156]
denaid foraire & forcoimét duind nach tissad Tuath Dé Danann
5157]
chuccaind gan fhis & gan forchloistin duind. Ocus ní h-imcian {SG page 200}
5158]
ro bói fer na foraire ann co faccaid na .u. catha croda cutruma
5159]
coirigthi da indsaige. Dar lium, arsi fer na foraire, is imda
5160]
curaid & cath-milid im Fert in Druad innoss, & is comlann curad
5161]
atrasta iat. Ocus adubairt Find:
- 5162] Comlond laech im Fhert in Druad
co n-ilar sleg rind-gér ruad,
5163] erctha ruibhe rádam-ne
fuil i tosaig na buidne.
- 5164] IMthiged Diarmaid amach
is Oissin tend tairismech,
5165] Mac Lugach re gnim n-glan n- gle
is Osccur re h-ursclide.
- 5166] Ro linsat sluaig in raith bán
rachat-sa is Cailte ina n-dail,
5167] ocus rachmaid uili amach
sinde araen isin teghlach.
- 5168] Na tri caecait co ba thri
do laechraid is calma a cli,
5169] dingébat dib cach re fer
do t-shluag is chalma com-mer.
- 5170] Adeirim-se rib-si de
bid fír ina raidim-ne,
5171] da rús in cath croda crom
mébaid reomum in comlonn.
5172] Comlann.
¶ 369
5173]
Cait a fuil Oscur anossa? ar Find. Sunn, a m' anum,
5174]
ar Osccur. Den maith anossa í cath Thuaith Dé Danann, &
5175]
denad Diarmait & Mac Lugach. Missi & Cailti & Oissin as
5176]
sine accaib, ar Find, & léicid deirid in chatha duind. Dala
5177]
mac Midhir, aincid-si duind iat issin chath-sa Túaithe Dé Danann
5178]
& uathad bratha atait, & feall ar einech & ar inchaib duinde
5179]
olcc d' fhagbail dóib, & ar tiachtain chucca.¶ 370
5180]
IS ann do-ratsamar-ne in cath, ar Cailte, ó fhuined néll
5181]
nona co crichaib na maitne muiche arnamairech acht aen-ní
p.142
5182]
chena ro báe esbaid Tuaithe Dé Danann issin cath-sin .i. deich
5183]
fir & deich fichit & deich cét. IS annsin adubairt Bodb Derg
5184]
& Midir & Findbarr: Cindus is ail lib do denam risin n-ár so?
5185]
ar siat. Tabrad Lir t-Shída Findachaid comairle duind, uair iss é
5186]
is sine do Thúaith Dé Danann. Do-bér-sa, ar Lir, comairle
5187]
duib .i. beirit cach a carait & a comaltada & a meicc & a
5188]
braithre leo da sídaib, & tabar múr tened don darna taeb uaind,
5189]
& tabar múr uisci don taeb aile. Ocus ina degaid-sin ro
5190]
thócbadur Túath Dé Danann léo in lecht-lighi-sin, & nir' fhacbadur
5191]
in ní ara tairissed in bran-én ar in fhaithchi don ár-sin
5192]
tucsat lucht in t-shida orro.