Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 321


4499] Is annsin ro gabad a eich & ro h-indled a charpat do {SG page 186}
4500] Coscrach na Cét, & tainic reime do acallaim ríg Laigen .i.
4501] Eochaid Leithderg, co Druim Lethan Laegairi meic Ugaine
4502] sair, co n-indissed na scela-sin Cailti doib. ‘Is mor mo dimda
4503] ort’, ar Laigen, ‘gan a indissin dam Cailte do beith acut.’

¶ 322


4504] IS annsin at-racht Laigen tri catha mora d' indsaigid
4505] Pátraic & Cailti co Raith Moir Maighi Fae, risa raiter Raith
4506] Mor
ar Machaire Laigen isin tan-sa, & suidhis naem Pátraic
4507] cona muintir a n-dorus na ratha, conid Suidhi Pátraic ainm inn
4508] inaid. Ocus suidis Laigen lín a t-shluaig, & tuc a chend a
4509] n-ucht Pátraic, & comus ó bicc co mór, ocus ‘gé thanac-sa do
4510] t' indsaigid, a m' anam, a naem-chleirig’, ar Laigen, ‘ro bói
4511] deithber mor oraind anallana .i. cath d' fhuagair Ailill mac
4512] Scannlain meic Dungaili, na n-Deissi, oraind í Cailli in Chosnuma,
4513] risa raiter Magh Raigne, & ro léicis in crich do loscad
4514] dó, & tanac do denum do riara-sa & dot' acallaim.’ ‘Reilec
4515] ríg Eirenn acut ina inad’, ar Pátraic, ‘acht co tí tú timchell
4516] na licci-seo ar atú-sa am t-shuidhi.’ Ocus adubairt Cailte:
    1. 4517] Atá lecc ina loighe
      ac Druim Lethan Laegaire,
      4518] maidm re ríg Laigen na ler
      da tí dagh-fher 'na deisel.

p.123

¶ 323


4519] ‘IS cet lium’, ar Pátraic, ‘in bail atá ar Mag Raigne a
4520] t-shlucud don talmain ann.’ Ocus do-ronad mar sin, uair do sluiced
4521] ann h-é tre breithir naem Pátraic, & gan nert do gabail d' fhir a
4522] inaid ar Laighnech(aib).

¶ 324


4523] {folio 132a1} IS annsin adubairt Laigen: ‘Mo mor-chen do
4524] tiacht a m' anum, a Chailti, cid ar th' aghaid féin do thista, & dual
4525] duit tiachtain .i. Eithne ingen Taidg do máthair. Ocus maith
4526] m' anam a ríg-fheindid’, ar Laigen, ‘cred ima tucad Tipra na
4527] Scathderice
ar in tiprait atá a n-dorus na ratha accaind? .i.
4528] Scathderc ingen Chumaill ro baidhed inti ac dechain na smirdrissi
4529] Locha Lurgain’, ar Cailte, ‘corub eisti-sin ro eirig Lach
4530] linide lind-fhuar Lurgan
, co ro lethastar óta in chorrabhall í cind
4531] t-Shleibe Smóil meic Eidhleccair, risa n-apar Sliab Bladma issin
4532] tan-sa, conicci-seo, & ro bói ic lethnachud tar in cuicid uile
4533] archena. Ocus is annsin do-rigni Find ind air- birt trén toghaide
4534] is ferr do-rigne nech reime riam & ina diaid .i. sugh- maire a tír
4535] na h-India & na draithi a tír na h-Almaine & na ban-gaisgedacha
4536] a tírib Sacsan & Franc, co ro t- shúighedur in loch línide
4537] lind-fhuar-sin.’

¶ 325


4538] ‘Ocus rob an urdraic in chét-fhiann-sin Fhind maic Cumaill’,
4539] ar Laigen. ‘Nir' messa cach aen-fer díb iná cach fer uainde,
4540] acht gan a tarrachtain í com-ré nó a com- aimsir duib-si, & iss ed
4541] ba gairdiugud {SG page 187} d' aegairib & do buachaillib beith ac tinol a n-airm
4542] & a n-étaig annseo tri catha na Féinne .i. Find mac Cumaill
4543] & Fer Domon mac Imomain ó Lathraig Cáin do choiced Gailian
4544] andes.’ ‘Ar fír do gaili & do gaiscid riut’, a Chailti, ar Eochaid
4545] Leithderg
Laigen, ‘indiis duind ina n- drongaib & ina
4546] n-áirmib in neoch ro báid in smirdris Locho Lurgan díb.’ Ocus
4547] adubairt Cailte .i.

¶ 326


4548] ‘Faelan Findlacha aniar a cuíced Chonnacht & Aengus &
4549] Dobarchú a cuiced Laigen. Druimderg Daire & Dubh Da Dét
4550] a Ceinel Chonaill atuaid. Iubhar & Aicher & Aed & Art
4551] ceithri meic ríg Chaille in Chosnuma, risa raiter Osraigi isin tan-so,
4552] Cairell & Caicher & Cormac & Cáemh ceithri meic ríg Dal

p.124


4553] n-Araide
atuaid. Maine & Art & Aralt tri meic rig Alban
4554] anall. Eóbran & Aed & Eogan tri meic rig Bretan. Blai
4555] Ili & a da mac .i. Cernd & Cernabrog, da rig Indsi Gall
4556] atuaid, Díure & Barrae & Idae tri meic rig Tuaiscirt Lochlann.
4557] Luath & Indell & Eogan tri meic rig Mairtine Muman aníar. Glas
4558] & Delga & Duibne, tri meic rig Tuath Breg & Midhe. Illann
4559] & Aed & Eoganan tri meic rig Ceinel Eógain atuaid. Samaisc
4560] & Artúr & Ínber tri meic rig Gallgaeidel anall. Conid iat-sin
4561] anmanna na triath & na tigerna & na fer feraind ro báidh in
4562] smeirdris Locha Lurggan do chét-fhéinn Fhind meic Cumaill.’
4563] Ocus adubairt Cailte: ‘gé do-chuaid etar mo lúth &
4564] mo lámach tarrus in magh-so cor' bo loch línidhe fhuar h-é, & ro ba
4565] glas gleorda a uisce.’ Ocus adubairt Cailte:
    1. 4566] Uisci glaissi gleoraigi
      féth snaissi fúam n-iubhraige,
      4567] étach fiallaig ón gaire
      ac bregad mac n- ingaire.
    2. 4568] Reithis faeillean find-lacha
      re h-ur trága trethnaide,
      4569] nocho n-eil cor mara rian
      nochu chian nach gaethlaigi.
    3. 4570] {F§}Cormac, Cobthach, Cu Muighi
      Aedan, Fergal Folt- buidhi.
      4571] Fer Da Tol Temhel Tuathol
      Eochaid Aiblen aduathmur.
    4. 4572] Druimderg Dáire, Dub Da Dét
      maraen con-riadhaidis écc,
      4573] Ibar Acher, Aed is Art
      Cairill Caem, Cicher, Cormac.
    5. 4574] Curach Blai
      do-rat tonn dochum tíri,
      4575] ar m-bathud Blai is a meic
      uch is misti óig Żle.
    6. 4576] Maíne mend mo daltan-sa
      inmain fer tosaigh t- shelga,
      4577] in uair do-berim dom aire
      inmain secht inmain Maine.
    7. 4578] Rob-sum comorba righ riam
      bái tan ní gabaind dí míadh,
      4579] ro fhostaind-sea firu and
      ro sloighinn sluagha saer- cland
      §.
    8. 4580] Deich fir deich fichit deich cét
      iss ed a fhír is ní brég,
      4581] do laechraid lonn, {folio 132a2} lathar n- dil
      marb is ní do chlaind aen-fir.
    9. 4582] Bert-sa mo chubus co grian
      in cach cath in n- dechad riam
      4583] gu nar' marbusa ann de
      acht mac ríg nó ro-duine.
    10. 4584] Ro scáil mo delb is mo dath
      's am mall meta muirbillach,
      4585] do-chuaid mo chiall is mo chruth
      conna mairenn dim acht mh' uch,
    11. 4586] Do-chuaid mo delb is mo dath
      's am mall meta muirbil- lach.
      4587] becc nar' bris mo chraide ar tri
      ó scarus rissin uiscí.
      4588]

      Uisci.

¶ 327


4589] IS ansin tuc-sum da uidh & da aire a beith a n- écmais
4590] a fheine & a foirne & a mor-muintire & a n-esbaid a luith & a

p.125

12
4595] lámaig in lá-sin, & do-rinde toirrsi mor annsin. ‘Maith, m' anam
4596] a Cailti’, ar Pátraic, ‘nír' choir duid toirrsi do denamh, uair
4597] ferr do dluig-siu & do díl innáit sin uile .i. missi do tharrachtain
4598] duit, & maithius in fír-Dia fhorórda .i. {SG page 188}creidemh & crabad &
4599] cros-fhígill seoch cach nech aile don Fhéinn.’

¶ 328


4600] IS annsin thainic deirid don ló & tossach na h- áidchi da
4601] n-indsaighid, & adubairt Coscrach na Cétg Laighen:
4602] ‘Atá fled mor-cháin accum-sa duit, a ,’ ar se ‘.i. ocht fichit
4603] dabach do chuirm sho-óla t-sho-mmblasta.’ ‘Ni tucad dam-sa riam
4604] fledh dara buidecha mé ina sin.’ Ocus tangadur reompo
4605] chum na fleidhe in lín ro badur do t-shluagaib & do chleirchib
4606] im naem Pátraic issin dúnad anunn. Ocus is annsin ro eirgedur
4607] dáilemain re dáil & doirséoraid ré doirseoracht & ronnairida re
4608] roind, & ro benad a ceind-bécca da n- dabchaib dilsi donn-iubhair
4609] léo, & ro eirgedar maccáim re h-escradaib ban-óir, & ro dian-scailit
4610] biada & lind do chach ina diaid-sin.

¶ 329


4611] IS annsin adubairt LaigenPátraic: ‘Nach facamar- ne
4612] airfidech acaib-si ó maitin?’ ‘at-chonncais immorro’, ar Patraic,
4613] ‘.i. Cas Corach mac Cáincinde atá ac dénam fhogloma fessa &
4614] eolais ac Cailti.’ ‘Caide mac na trath’, ar Pátraic. ‘Sunna,
4615] a naem-chleirig’, ar in mac ecalsa. ‘Dó duit amach, bar eissium,
4616] & ticed Aed mac Echach Leith- deirg, mac rig Laigen,
4617] fa thimpan Cais Choraig let, & cochall ciar-leabur uime.’ Ocus
4618] do-ratad mar sin dochum Pátraic & ríg Laigen h-é.

¶ 330


4619] IS andsin ro t-sheindestar Cas Corach a timpan, & tuc
4620] nuall-organ sidhe fuirri, & do reir a h-indisti do choiteldais fir
4621] gonta rissin ceol sírrachtach sidhi do-rinde dóib, & tucad seóit
4622] & máine don airfideach & do-beirid seom i l-laím a gilla, & do-bered
4623] in gilla do chach. ‘Ocus cia díb-siut is ferr einech?’
4624] ar cach ‘.i. in lucht do-beir na seóit ina in t-airfidech no in
4625] gilla?’ ‘Is ferr einech in gilla’, ar Laigen, ‘uair iss é do- beir
4626] do chach cach ní do-geib.’ ‘Gach ní do-geb- sa’, ar in t-airifitech,
4627] ‘tabrad-som h-é, uair ní ac iarraid étala atu-sa i farrad in Táilgind
4628] & Chailti, acht do denum fhessa & fhogluma ac Cailti &

p.126


4629] d' iarraid nime dom anmain ó Patraic.’ ‘Cáid a fuarais {folio 132b1}
4630] in gilla eter, a m' anum, a airfidig?’ ar Laigen, ‘is ferr einech
4631] an-ái féin?’ ‘I cóiced Ulad thuaid’, ar Cas Corach. ‘Ca h-ainm
4632] h-é?’ ar Laighen. ‘Gilla fhuaramur’, ar in t-airfidech, ‘na fes
4633] ainm na máthair na athair dó.’