Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 271
3592]
Créd rob uisce dho and-so? ar Pátraic. Tipra fír-uisce
3593]
atá san baili-so, ar Cáilte. As diamhair an t-inad itá, ar
3594]
Eogan, ór ní fhaghmait ar lár talman h-í. As uathad don
3595]
Fhéinn dar' eoluch í, ar Cáilte, no gur' ormais aen-óclach dhíbh
3596]
uirre, & no gur' urmaises-sa 'na dhegaid, &gur' urmais fer
3597]
in baili féin iarsin. Cia in cét-oclach? ar Pátraic. Aedh
3598]
mac Finn, ar Cáilte, & adeirim nach raibhe inadh asa tuc
3599]
duine lán bledhi nó eascra a h-aill nó a h- abhuind nó a h-indber
3600]
nó a h-inadh dí-thoghla a n-Eirinn nach bérad-som eolus a medón
3601]
oidhche ann, & rucastar eolus gusin tiprait itá 'san baili-si.
3602]
Ocus is ann atá an tipra, ar Cáilte, a slis-bhord na cairrgi
3603]
cenn-gairbhi cloiche & faircle comh-dhaingen comh- dhlútha cloichi
3604]
uirre. Ocus mór lá fuair Smirgat & Der Dhubh (a) (D)uibsléib
3605]
h-í. Ocus at-bert Cáilte:
- 3606] (Atá) tipra san leith thes.
do- ghén-sa dháibh bur n-deigh-leas,
3607] (do-bér-sa) dúib for a lár
usce eochar-gorm im-shlán.
- 3608] (Nocha n-fuil tipra) ocon dún
at-bert Eogan gan mhí-rún,
3609] mina cabra rí nimhe
Mac maith Muire mín-(ghile).
- 3610] Ro ba mhaith m' engnam 'san chath
a n-agaid na n-allm(urach),
3611] ro thuitset lim-sa fo thrí
tri cóeca fer co caeimh-lí.
- 3612] Smirgat ingen Fathaig fhéil
ocus Dér Dhubh a Duibsléibh,
3613] inmain dias téiged a fad
don Fhéinn do brath a námad.
p.103
- 3614] Ro bo mhé in Cailte co cruth
sochaide dá tucus uch,
3615] dá ro tinóilius dom rith
lánamain gach fiadha ar bith.
- 3616] Maith in muinter muinter Finn
mairg fhuil dá n-éis a n-Eirinn!
3617] mór m-beodhachta in buidhen bras
as mór n-iath a m-bói a n-eolas.
- 3618] {F§}
Maith in muinter muinter Find
mairg fuil da n-déis i n-Érinn,
3619] cen locht orra ar tuind talman
acht cen Dia do mor- adhrad.
- 3620] Aed mac Find
fer nachar' creid crois na cill,
3621] a cath conpaiti ro lái a tres
is mor
m-baile bái a eolas.§
¶ 272
3622]
Dul anois, ar Pátraic, & in tipra d' faghbáil. As egal
3623]
leam a fagbáil, ar Cáilte, ór naenbar curad no bhídh ac tócbáil
3624]
a faircle di & in coimh-lín cétna 'gá chur uirre arís, & as ecal
3625]
lim uisqi na tiprat do bháthad in baile, ar Cáilte. As tualaing
3626]
Dia a dháil mar bhus cóir, ar Pátraic. Do éirigh Cáilte & do
3627]
éirghedar-sum leis, & rígh-lia cloichi ro bói as slis in baili amach
3628]
iadhus Cáilte a dhá láimh uimpe, & tairrngis chuige h-í, co
3629]
táinic ród-bhuindi rói-mer d' uisqi eochar- ghorm fhír-áluind asin carraic
3630]
gu raibhi ag dían-bhádad an baili. Annsin tócbus Pátraic
3631]
an láimh caeimh creadhail ro fhóired gach n-airc & gach n-ainces
3632]
frisi tabrad h-í, & sluicter in t-uisqi ar cúl doridisi isin sliabh &
3633]
isin charraic cédna, cu nach raibhi acht lán baisi Pátraic ac
3634]
snighe aisdi amach don uisgi. Bas Pátraic ainm na tiprat
3635]
budhesta, ar Beneoin. As ced leam a beith amlaid-sin, ar
3636]
Pátraic, no gu n-derntar finghal icá duthaigh isin baile re deireadh
3637]
n-aimsire.¶ 273
3638]
Táncadar ar in faithchi imach Pátraic & Cáilte & an lín {SG page 175}
3639]
do bátar isin dúnad, ocus nír' cian dóibh co facadar aen-óclach
3640]
da n-innsaigid, & is amlaid ro bói an t- óclach-sin & léne do
3641]
shída bhuidhi ré chnes & brat áluind uaine uime, & dealg óir
3642]
isin brut ós a bruinde. Cia thusa, a anum, a óclaich?
3643]
ar Cáilte. Aedh mac Aedha na n-abasach , a Cnuc Árdmulla
3644]
amuigh don mhuir, risi n-abar Rachlaind nó Rachrainn isin
3645]
tan-sa, & macaem Tuaithe Dé Danann uili (mise), & d' fiafraigid
3646]
neich dít-sa thán(ac anois). Crét rob ail let d' fiarfaigid dhím,
p.104
3647]
(a Aed)? (ar Cáilte). (Ca ferr dam n)í dhá fiafrochainn díd iná
3648]
cid fá tucadh Carn Manannáin ar an carn- so?¶ 274
3649]
Óclach do Thuaith Dé Danann, ar Cáilte .i. Aillén mac
3650]
Eogabail, tuc grádh do mhnái Mhanannáin meic Lir, & tuc derbshiur
3651]
Ailléin grádh do Mhanannán .i. Aíne ingen Eogabail, &
3652]
ba h-annsa le Manannán í iná in drong dhaena. As annsin
3653]
ro fhiarfaig Aíne da bráthair .i. d' Aillén: cidh, ar si, ro tráigh
3654]
in dealbh rígda romhór do bhói fort? Dar ár m-bréithir ámh,
3655]
a ingen, ar Aillén, ní fhuil don droing daena nech dhá n-indesmais
3656]
sin acht mad thusa at aenar, & do indis di: grád
3657]
tucus, ar sé, d' Uchtdeilbh ingin Aengusa Find, do mhnái
3658]
Manannáin. Am láim-se atá a fhoiridin-sin, ar Aine, ór tuc
3659]
Manannán grádh dam-sa & da tuca-som a mhnái duit-si fóifet-sa
3660]
lais tar cenn furtachta d' faghbháil duit-si. Ocus táncadar rompa,
3661]
ar Cáilte, .i. Aillén & Aine, conice in tulaig-sea, & do-riact
3662]
Mannanán & a bain-chéli lais, & ro shuidh Aine ar láimh deis
3663]
Manannáin, & tairbiris teora póc n-dil n-díchra dho, & ro fhiarfaig
3664]
cách scéla da chéle dhibh. Mar at-chonnaic ben Manannáin
3665]
Aillén tuc grád dho fochétoir, & do indis cach dib scéla da
3666]
cheile. Is annsin adubairt Pátraic: As gablánach
3667]
in scélaigecht-sin .i. siur Ailléin meic Eogabail do thabairt
3668]
grádha do Manannán, & ben Manannáin do thabairt grádha
3669]
dh' Aillén. Conadh de-sin atá in t-seinbriathar: gablánach in
3670]
rét an scéluighecht. Ocus tuc Manannan a mhnái féin d' Aillén
3671]
mac Eogabail, & tuc féin Aine siur Ailléin.¶ 275
3672]
{F§}Ocus ro bai Aíne ingen Eogabail oc brécad Manannáin,
3673]
ar Cáilte, & do-rigni in láid and:
- 3674] A Meic Lir tairri lium
co Daire n-Dairbri os cach dind,
3675] gairfid cailigh beraid lon
darís clochan da borb-chon.
- 3676] Canfaither duit ilar ceol
iter éol ocus anéol,
3677] bidgfaidh guth cuach os chaill céir
re dordan daim damaire.
- 3678] Fascnam fedain feda faind
snaghach snoidi claraig craind,
3679] oig oc abrán re gaith n-gluair
cerc fraich re aidche n-adh-uair.
- 3680] Eistecht re sianan senma
re h-airfitiud n-ílderda,
3681] ingena aille 'n-ar tigh
do-gebtar dait, a Meic Lir.
A.
p.105
¶ 276
3682]
Ocus ruc Aillen mnai Manannáin co Sid Eoghabail, &
3683]
ruc Manannán Aine ingin Eogabail leis co Tír Tairngire.
§.
8¶ 277
{LM folio 182b1}
3685] . gOcus as iat-sin, a anum, a Aed, ar Cáilte,
3686]
in dá cheisd do fiarfaigis dím. Ocus do bátar isin baili-sin re
3687]
h-edh sechtmaine, & do thimnadar ceileabrad d' Eoghan Ardbhrugaid,
3688]
& tuc Pátraic nemh dho ara n- derna dá réir.¶ 278
3689]
Is annsin táncadar rompa co Gleann in Scáil soir, risi
3690]
n-abar Muindter Diugra isin tan-so, áit a raibhe Pátraic a
3691]
n-daeire ac Milcoin mac h- úi Buain ac ríg Dhail n-Araide, &
3692]
at-ciat ceall shuthach ara cind, & .xxx. mac n-eculsa innti ac
3693]
edarmolad {SG page 176}in Dúileman co dícra, & ac déchsain dóibh don
3694]
taeibh eili secha at-ciat in ceall (aile ar in gort) cluana re a
3695]
taeibh. Do rígh nime (& talman at-loch)amar. ar Cáilte, rob
3696]
adhba slógh {LM folio 182b2} & sochaide sin gidh imat naemh & fírén
3697]
anosa and. Cia don Fhéinn do bhí isin baile út? ar Pátraic.
3698]
Raighne Roisclethan mac Finn isin dara baile díbh & Caince
3699]
Corcarderg mac Finn isin baili ele, ar Cáilte, & do mharbhsat
3700]
Clanna Morna Raighne mac Finn. Conadh uada atá Magh
3701]
Raigne. Ocus ro marbsat in mac aili, conad uadha ata Sliab
3702]
Caince.¶ 279
3703]
Ocus nir' chian do bátar ann co facadar ingin mín macdachta
3704]
mong-bhuidhi da n-innsaigid, & suidhis ar an firt fótbhuigh
3705]
acu. Cia thusa, a ingen? ar Pátraic. Edáin Fhoiltfhinn
3706]
ingen Baedáin misi, ar sí, ingen rígh Dáil n-Araidhe. Cidh um
3707]
a táncais, a ingen? ar Pátraic. Do thabairt ar m-beo-maicne
3708]
& ar marb-maicne duit-si, a naemh Pátraic, ar an ingen, ór ni
3709]
fhil dom shíl beo acht mé fein & mo dherbbráthair. Ocus tuc a
3710]
láimh etorra & a léinid & tuc .l. bruth óir & .l. bruth aircit
3711]
a raibhi .l. uingi d' aircet & .l. uingi d' ór ina screabal soiscéla
3712]
do Phátraic, & do shlécht dó. Gá ainm atá ar do bhráthair,
3713]
a ingen? ar Pátraic. Loingsech mac Baedáin, ar inn ingen.
3714]
Ríghi n-Eirinn uaim-si dho, ar Pátraic, & triur dia shíl a ríghi
3715]
dia éis. Gach ní bias acaind-ne dh' Eirinn co bráth duit-si, a
3716]
naeim-chleirigh, ar an ingen. Ocus do cheileabair dhóibh
3717]
iarsin, & do bhádar ar in tulaig re h-athaid tar éis na h-ingine.
p.106
- 3718]
{F§}Cailte cecinit.
- 3719] Ard Caemain aníu cid cell
ropa port ríg co rothend,
3720] is inad crabaid is cros
is ecna cen amaros.
- 3721] Ard Coemain is Cluain Gamna
ge bet indiu fo tarba
3722] is inad crabaid is cross
is mor n-gabad do fuaros.
§
{Laud 610 folio 130a1}
- 3723] Adeirim-si riut reime
bid fír dam in fhaistine,
3724] gé beth mo chraidi fá mairg
is baile aingel ind aird.
Ard.
3725]
[...]
abur on abur Tonn Clidna.¶ 280
3726]
IS annsin ro bói óclach comaidechta do Muiridach mac
3727]
Finnachta do ríg Connacht i farrad Pátraic .i. Corc mac
3728]
Dairine, mac rig Corco Duibne. Fiarfaigid rob ail lium do
3729]
denam dit, a Chailti, ar Corc. Cid ima n-abur Tonn Chlidna
3730]
& cid ima n-abur Tonn Téite risin tuind aili.