Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 261


3469] IS annsin ro thuit a toirrthim suain & cotalta for na
3470] cleirchib leissin céol sir- rachtach sídhe, & tairnic {SG page 171} leis a airfided
3471] do denam. ‘Tabair luag ind airfidid dam, a naem-chleirig’, ar

p.99


3472] Cas Corach. ‘Cá luag iarrai?’ ar Pátraic. ‘Nem dam fein’,
3473] ar eissium, ‘uair is é luag as ferr h-é, & rath ar m' eladain féin
3474] co brath. Patricium edixit artem timpanistraram{folio 129b2} , & ar lucht m' eladhan chaichi am degaid.’
3475] ‘Nem duit’, ar Pátraic, ‘& corub h-í in tres eladha ar a fagaib
3476] nech a lessugud fa deridh a n-Eirinn h-í, & cid mor in doichell
3477] bias roim fhír th' eladhan, acht co n-derna airfided & co n-indsi
3478] scela, gan doichell reime’, ar Pátraic, ‘& fer lephtha ríg tre
3479] bithu ret' eladain, & soirbius dóib acht na dernat leisce.’ Ocus
3480] ro chuir-sium a crann cíuil ina comet.

¶ 262


3481] ‘Maith ind elada-sin do-rónais duind’, ar Brogan, ‘Is maith
3482] immorro’, ar Pátraic, ‘acht muna beth sian-argan in brechta
3483] sídhe inti, & nochon fhuil ní bo chosmala re céol Rig nime inas
3484] acht muna beth sin.’ ‘Ma tá ceol a nim’, ar Brocan, ‘cid nach
3485] biad i talmain, & ní cóir amlaid ind airfited do dichur’, ar
3486] Brocan. ‘Ní apraim úm’, ar Pátraic, ‘acht gan ro-chreidim dó’.

¶ 263


3487] Ní cian ro badur ann co facadur aen-óclach forusta find-liath
3488] da n-indsaighid, & brat corcra uime, & delg óir ann, &
3489] claidim órdaidi imma brágait, & lorg fhind-chuill issin dara laim
3490] dó, & tuc a chend a n-ucht Patraic, & slechtais dó. ‘Carsat
3491] com-ainm tú, a óclaig?’ ar Patraic. ‘Eogan Ardbriugaid m' ainm’,
3492] ar in t-óclach, ‘do muintir rig Eirenn .i. Diarmata meic Cerbaill.’
3493] ‘INd accut-sa at-clos duind in maithius mor do beith?’ ar
3494] Pátraic. ‘Is accum, a chleirig’, ar eissium. ‘Ind adhaig
3495] anocht ar do t-shelbad’, ar espoc Soichell .i. prim-ronnaire Pátraic.
3496] ‘Ca h-adhaig anocht?’ ar Eogan Ardbriugaid. ‘Adhaig t-Shamna’, ar Pádraic. ‘Do-gebthái faeilti acum-sa o
3497] aídchi t-Shamna co h-aídchi Belltaine in lín atáthi eter áigedaib
3498] & muinter’, ar eissium. ‘IS méth in manach’, ar Beineoin,
3499] fuair in cleirech. ‘Rachaid do fhognum na Macha bothuaid’,
3500] ar Pátraic, ‘& masa méth bid ed a mac & a ua ina degaid.’
3501] ‘Ocus ca ferr ainm da m-biath forro’, ar Benon, ‘inait h-Úi
3502] Meith Macha
?’

¶ 264


3503] IS annsin at-chonncadur in .l. fer mor da n-indsaigid, &
3504] deilge iarnaide ina m-brataib, ‘ocus cia so’? ar Patraic. ‘Mo

p.100


3505] brugaidi-sea & mo biataig sin’, ar Eogan. Ocus ro eirgedar a
3506] n-aen-facht & ro t-shlectsat do Pátraic uili. ‘Bar m-béo-maicne &
3507] bur marb-maicne don Macha co bráth’, ar Pátraic.

¶ 265


3508] IS annsin ro ferastur trom-snechta mor & aincis fhuar- dachta
3509] ar in cóiced uile, co roiched co sleasaib fer & co formnaib miled
3510] & co feirtsib carpat, co n- derna gat-shnim do barraib na fidbaide
3511] for-ruade, co nach fétadais dáine imtecht ann. {SG page 172} Ocus is annsin
3512] adubairt Cailti: ‘Inam amh’, ar se, ‘do damaib alltaide & d' eilltib
3513] dul a n-indib cnoc & carrac innois’, ar eissium ‘& innum éicned
3514] do dul a cuassaib bruach ann.’ Ocus adubairt:
    1. 3515] Is fuar geimred, at-racht gaeth
      eirgid dam discir derg- baeth,
      3516] ní te anocht in sliab slan
      gé beth dam dian ic dordan.
    2. 3517] Ní thabair a tháeb re lár
      dam t- Shleibe Cairnn na comdál,
      3518] ní lugha at-chluin céol cúaine
      dam chind Echtgi ind-fhuaire.
    3. 3519] Missi, ar Cailte, is Diarmaid donn
      ocus Oscur aith édrom
      3520] ro chloisdis re ceol cuaine
      dered áidchi adh- uaire.
    4. {LM folio 181b1}
    5. 3521] As maith chodlus in dam donn
      fuil is a chnes re coronn,
      3522] mar do beth fá thuind tuaidhi
      deiredh oidche ind-fuaire.
    6. 3523] Aniu isam senóir sen
      ni aithnim acht becán fer,
      3524] ro chraithinn coirr-shleig co cruaidh
      a maduin oighridh inn-fhuair.
    7. 3525] At-lochar do rígh nime
      do Mac Muire inghine
      3526] do-beirinn mór sochd ar sluag
      ge ber anocht co h-ad-fuar.

¶ 266


3527] ‘Is mithigh dúin imthecht’, ar Eogan, ‘dár n-dúnad & dár
3528] n-deg-baili.’ Ocus do éirgetar rompa, & at- chonncatar an dúnad
3529] ar a cind, & tucadh in baili ar a comus féin ar rochtain dóib,
3530] & tucadh Cáilte cona muintir a n-grianán n-deirrit n-diamair, &
3531] do bádar annsin teora lá & teora aidchi ac ól & ac áibhnes
3532] acht in comh-fhad do bítís na cléirig ac dénum a n-uird & a
3533] tráth & ac edarmholad in Dúilemhan.

¶ 267


3534] Is annsin táinic Eogan Ardbrugaid d' acallaim Pátraic &
3535] do bói ga indisi do gan uisce do beith a comhfhochraib dhóibh,
3536] ór ba scíth dáine ag (tabair)t uisce cum an baili-sin. Ocus
3537] ingnad mar dho (bui in baile i)n lá-sin ina lathar-pholl talman
3538] (& bruindi cethr)a sliab uime anunn & anall (& gan dorus
3539] air acht in dorus) ar a ticte amach, & nach {folio 181b2} fétfaitís
3540] fir dhomain foghail ná dibferg air cémad áil leo. Do fhiarfaig
3541] Pátraic d' Eogan: ‘in b-fuarubar slicht sluaig ná sochaide romhuibh

p.101


3542] isin m-baili?’ ‘Fuaramar’, ar Eogan, ‘sleagh & cloidem &
3543] iarn-leastar ann.’ ‘Do-gébhthar a fhis-sin ac Cáiltí’, ar Pátraic.
3544] Ocus do-cuas ar cenn Cáilti, & tucadh d' innsaigid Pátraic h-é.

¶ 268


3545] ‘Maith a anum, a Cháilti’, ar Pátraic: ‘in fuil a fhis acat
3546] duin cia do bói isin baili-se ria n- Eogan?’ ‘Urusa damh-sa a fhis
3547] dho beith agum’, ar Cáilte, ‘ór is mé in t-ochtmad fer do bhí
3548] ac tabairt in baili-se don fhir dá tuc Finn mac Cumaill é .i.
3549] aen-óclach do-rinne a mhuindteras ar éicin riamh re Finn .i.
3550] Conán mac in Léith Luachra aniar.’ Ocus do-rala dhó olc mór
3551] do dhénam re Finn .i. cú & gilla & óclách do mharbhadh ón
3552] t-samhfuin co araili don Fhéinn re taebh an tres duine as ferr
3553] do bhi do Chlannaib {SG page 173} Rónáin do mharbad .i. Aedh Rind mac
3554] Rónáin cona trí macaib .i. Aedh & Eogan & Eobran. Ocus
3555] do-riacht in flaith-féinnid co Carn Luigdech thiar i cóiced Muman,
3556] & ar suidhi dho ann iar n-dénam shealga do-riacht Conán
3557] da innsaigid do leith a chúil, & do gabastar tar a fhormna &
3558] tara arm-ghaisced in flaith-feinnid gan rathugud dó. Aithnis
3559] Finn in té don-gabastar amhlaid-sin. ‘Cidh is áil duit, a Chonáin?’
3560] ar Finn. ‘Mu chor & mo mhuinnteras & mu thairise do dhénam
3561] friut-sa, ór itú secht m- bliadna ac foghail & ac dibhfheirg ort, &
3562] ni fhuil fulang h' feirgi-se acam.’ ‘Gidh meisi rot- gabadh’, ar Finn,
3563] ‘atá dha mhét d' ulc & d' écóir do-rónais ar Fiannaib Eirenn nach
3564] sáilim do ghabáil dóibh cum sídha.’ ‘Acht gu n-gaba-sa mé, a
3565] ríg-féinnid, léic eadram & Fianna Eirenn’, ar Conán. ‘Gébat
3566] ámh’, ar Finn, ‘gidh coraighecht ar éicin damh.’ Ocus do ghabh
3567] Finn é, & do-rine a chor & a mhuindteras ris. Ocus do-riachtadar
3568] an Fhiann ina n-dronguibh & ina m-buidhnibh da n- innsaigid,
3569] & ba h-ingnad la gach n-droing thiced ann in dias is mó ba
3570] námuit a n-Eirinn & a n-Albain d' faicsin i n-aen-inad.

¶ 269


3571] ‘Maith, a Chonáin’, ar an Fhiann, ‘cidh fil acat dúinn in(ár)
3572] mór-olcaibh?’ Freagras Conán cu comnart sin: ‘Gach (cath) &
3573] gach eicin & gach mór-olc do-ria cucaibh, cui(ridh misi i) na
3574] cenn’, ar Conán, ‘acht dá toiter-sa ann, (do tairistissi) oram bur
3575] bh-fhalta, & mina thoiter ann, (is oraib-si) {folio 182a1} bias a nós
3576] & a orrdharcas.’ ‘Dar ár m- bréithir ámh’, ar Oisín, ‘ní tucad dúinn
3577] riam coma budh fherr linn iná sin.’ Ocus do- rónad síth re Conán annsin.

p.102


3578] ‘Cá lín atái do mhuindtir, a Chonáin?’ ar Finn. Cúic cét
3579] óclach & cúic cét gilla & cúic cét con, ar sé. ‘Ó atai in coim-lín-
3580] sin’, ar Finn, ‘sir féin Eirinn, & in tricha cét thoghfus tu féin
3581] innti do-bér-sa duit h-é.’ ‘Ocus do-luidsium-ne ochtar óclach leis’,
3582] ar Cáilte, ‘conice in m-baili-si a tám, & ni raibi tairisi ag Conán,
3583] gia ro gabsat in Fian h-é chun sídha, no gu táinic don baili-se,
3584] & ó 't-chonnairc in baili-si cur' ba dún diamair daingiun di-thoghlaidi
3585] é tucasdar grádh dho, & táinic lion a shlóig & a muindtiri, & do
3586] gabadh in baili-si leis fria ré .xxx. bliadan, & gach cath & gach
3587] comracc thiced cum na Fénne fris-sin ro dingbhadh-som tosach
3588] gacha comhraic dhíb.’

¶ 270


3589] ‘Crét aidhidh in Chonáin-sin?’ ar Pátraic. ‘An cethramad
3590] fer’, ar Cáilte, ‘fuair bás re h-adhart don Fhéinn hé .i. cruimh
3591] neime do ghabh 'na chinn, & fuair bás ón trath co araili.’