Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 221
2970] IS annsin do fhiarfaig Colman Ela do Chailti:
2971] créd fa n-abar Tipra in Bantrachta rissin tiprait-sea a cind in
2972] locha? Ocus do fhrecair Cailte sin:
2973] Athad ingine ríg Muman le h-Oissin inso¶ 222
2974] Niam ingen Aengusa Tírig, ingen rig da cúiced Muman,
2975] luidh ar athad & ar élod le h- Oissin mac Find ó ta Dún na
2976] m-Bárc i cóiced Muman aniar con- ice in tiprait-sea, & ro bói
2977] Oissin ina farrad ann cáeicis ar mís ac denam t-shelga & fhiadaig
2978] chuicid Ulad ann, & ticed in ingen .x. mná .xx. cacha maitne
2979] d' indlat a lám & a n-gnuissi assinn uisci eochar-gorm-sa. Dála
2980] immorro Aengusa Tírig rí Muman, ro chuir co mór air a ingen
2981] do dul lé h-Oissin ar athad & ar élod, & ro tinoiled da cúiced Muman
2982] leis .i. cóic catha mora & deich cét ar fichit cét cacha catha, &
2983] tangadur a n-iarmoracht na Féinde conici-seo, & ro bói Niam
2984] in tan-sin ac indlat ac in tiprait & a bantracht, & at-chonncadar
2985] na cóic catha ar in tulaig oss a cind. Truag sin! ar-si in
2986] ingen: mo-genar do-gébad bás & aidhed , ar sí, sul do chífed
2987] a oidi & a athair & a tri derbbraithri, & maithi do cóicid
2988] Muman amlaid-sin h-í! Is annsin tuc inn ingen a gnuis re
2989] lár, & fuair bás ann in tricha ban ro boi, & ro chuir a craide
2990] ina lia fhola tar a bél amach. Conid Cnoc ind Áir ainm na
2991] tulcha ossin anall cosaníu, & curab Tipra in Banchuire ainm na
2992] tiprat óssin ille. Ocus adubairt Cailte:
p.85
- 2993] Atá 'sa chnoc in rigan
sochaide rissa digal,
2994] Cnocc ind Áir óssin ille
baile chaich 'na comnaide.
¶ 223
2995] At-conncadur da cuiced Muman bás na h-ingine. Adubairt
2996] in rig: as olcc amus Fhind & Oissin & na Féinde oraind, & adubradur
2997] re ban-echlaig {folio 127a2} da muintir .i. Muirend ingen
2998] Muirisci, dul chum Find & cath d' fhuagra fair. Ocus do-chuaid roimpe
2999] co Raith Chind Chon i n-Dail Araide, áit i r-raibe ind Fhiann, &
3000] fiarfaigis Find {SG page 161}scela di, & indissid ind echlach a toisc dó, &
3001] adubairt in laid:
- 3002] Cath uaind ar do t-sheilb, a Fhind
a fhir na m-briathar m-bith-bind,
3003] is tiachtain leis co Cenn Chon
gan aithcheo, gan éliugod.
- 3004] Comrac Find is fear Muman,
sochaide ris ba cuman,
3005] marbaid cach díb a chéile
bid curuta a com-eirge.
- 3006] Adeirim-si riut reime
bid fír dam in faistine,
3007] mina thairge breth bus grind
biaid cath ar do t-sheilb- se,a Fhind.
¶ 224
3008] IS andum, ar Find, cath d' fhuacra orum gusaníu. Eirig
3009] amach, a Gairb Chronain, arsí Find, & abair rissin Féind
3010] eirgi chum in catha. Ocus tainic Garb Cronan amach co
3011] longphort na Féinde, & ro leicestar tri barann-glaeda bodbda ar
3012] lár longphuirt na Féinde, & ro fhrecradur in Fhiann sin, uair
3013] do aithenset co raibe deithbir mor fair.
3014] Is annsin ro eirgedur ind Fhiann, & ro cóirged cath croda
3015] accu, & is ann adubradur in Fhiann re Find: créd adhbur in
3016] catha, a ríg- fhéindid? ar siat, & ra indis Find sin.¶ 225
3017] IS annsin at-bert Fergus Fínbél, fili na Féinde, re Find: is
3018] cath écoir duit-siu in cath-sin do thabairt do rig Muman i
3019] folaid a ingine is marb accut.¶ 226
3020] IS annsin ro cenglad comairle ac Find & ac maithib na
3021] Féinde, & at-bert Find: cait a fuil Smirgat ingen Abhartaig?
3022] Sunn, ar sí. Eirg co luath & abair re h-Aengus Tírech &
3023] re maithib Muman do-ber-sa breth Chormaic h-ua Chuind &
3024] Eithne Ollaman ingen Chathair Móir, & Cithruaid maic Fhir Chaecait.
3025] Ocus do imthig frissin techtairecht-sin, & do fhrecair rí Muman
3026] di, & adubairt: Da tucthar cuir & tenta ris, gebat-sa sin. Ocus
3027] cia na cuir chuingi? ar Smirgat. Mac ind fhir do-roine olc
p.86
3028] rium .i. Osccur mac Oissin & Ferrdoman mac Buidb Deirg,
3029] meic in Dagda, & Diarmait mac Duind, meic Donnchada. Ocus
3030] do fháem Find sin, & do-chuadur in Fhiann & rí Muman co
3031] Temraig, & is sí breth rucsat na breithemain ro toghad ann .i.
3032] inn ingen do thogbail assin tulaig thogaide i r-raibe, & a cur a
3033] meidh, & a comthrom d' ór & a comthrom d' airget ina h-éiricc
3034] do rig Muman, & éiric ar leith in cach ingin ríg & taíssig
3035] atorchair ann.¶ 227
3036] IS annsin adubairt Find: cindus roindfimait ind eiric út,
3037] a Fhianna Eirenn? Ocus ro fregrad sin acco-sum: a trian do
3038] chlaind Báiscne & a dá trian duinde inar fiannaib. Corub
3039] h-ísin, arsi Cailte, aen-éiricc do roind Find riam ar in Féind,
3040] & is é-sin, ar Cailte, a chleirig, in scél {folio 127b1} ro th-siris orum,
3041] & in ní dia tá Cnoc ind Áir & Tipra in Bantrachta ainm na tiprat.¶ 228
3042] IS andsin ro chuir Eochaid Faeburderg mac Firglindi .i.
3043] rí Ulad, fessa & techta ar cenn Chailti o Raith Aíni, & do-riachtadur-
3044] sin co Loch Daim Deirg ar cenn Cailti. Ocus ro
3045] timna Cailte ceilebrad do Cholman & d' Eoganan, & gellsat na cleirig
3046] nem dó-sum, & a écnairc do gabail, & Rí nime & talman do guidhe fair.¶ 229
3047] Dála Chailti immorro, do-luid i carput rig Ulad co Raith
3048] Aíni i nd-airther Ulad, ait i r-raibi Eochaid Faeburderg mac
3049] Firglinde rí Ulad, & ba rí uassal oirdnide in rí-sin, uair ní
3050] airged nech cen chóir, & ni benad a bunad-chenel féin do neoch.
3051] Raith Aine cid dia tá?¶ 230
3052] IS annsin ro bói in rí tri catha cutruma i nd-aen-inad, &
3053] is annsin do-riacht Cailte {SG page 162}chuccu, ocus tairlingid assin carput,
3054] & do-riacht rí Ulad chucu, ocus feraid faeilti fris cona
3055] t-shluagaib. Maith m' anum, a Cailti, ar in rí, ca ferr duind ní
3056] da fiarfochamais dít na senchus na ratha-so .i. Rath Áine?
3057] Atá acum-sa inní dia tá sin, ar Cailte .i. Áine ingen Mughirnn,
3058] ingen rig Alban anall, & ro badur fir Alban íc a rada ria:
3059] Cid taí-ssiu, a rigan, gan feis re fer maith i nd-Albain nó a
3060] n-Eirinn? Ocus adubairt nach raibe inti-sin fer budh dingbala
3061] lé acht madh Find mac Cumaill amain, & at-clos do Fhind sin.
p.87
3062] Is annsin adubairt Find re Find Fer in Champair & re Ronán
3063] Rígóclach, da ríg-fhéindid Alban, dul da tochmarc ara h-athair.
3064] Cé coma bérmaid lind? ar iat-som. Comus a fil a n-Eirinn
3065] & a n-Albain acum-sa di. Maith a ríg- fhéindid, bar iat som,
3066] dias gráda do t-shen-muintir-si fein lind gura moide do chreidfed
3067] in rigan sinde. Eírig-siu & Mac Lugach leó, a Cailti, ar
3068] Find, & gid mor gabthai sí foraib do-bér-sa di hé.