Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 211
2802] IS ann sin ro gabsat in bantracht a n-eirred & a n- étach
2803] aistir & imthechta umpu, cét ingen rig & taissech co n-étaigib
2804] cacha datha, & tangadur conici in tulaig-sea, & do scuired a
2805] n-eich, & do geltsat fér co h-urchleithe talman. IS ann do gab
2806] ítu mor in ingin .i. Sadb ingen Buidb & in bantracht uile.
2807] Ní h-aichnid dam uisci annso a comfhocraib, ar Conaing
2808] mac Duib meic Aengusa Tirig, mac ríg Muman, & in ríglia
2809] chloichi ro bói a mullach na tulcha & ro ergetar in lín fer ro
2810] batar, & tucsat feidm ferrda cacha fir furri cor'
2811] chuirset assa tuinide in trom-chloch, & ro moid loch- thopur grind
2812] gloinide assa h-inad. Is feramail ro tochlad in t-uisci- sin, ar
2813] in ingen, & ca ferr {folio 126a2} ainm da m-bia urri na Glaissi
2814] na Fer? Ocus at-ibset a lor-daeithin don uisci.¶ 212
2815] Dála Fhind, ro geallsabair do beith annso, ar in ingen.
2816] Dar ar m-breithir ám is andso ro geall beith, & atá a fhis accaind
2817] is a n-degaid Chlainde Morna do-chuaid i coiced ollbladach
p.80
2818] Ulad, ar siat, & co Bennaib Boirchi. Ocus ni cían ro badur
2819] ann co facadur in luath-grinde áigh & irgaile atuaid cach dírge
2820] chucca, i r-rabadur ocht cét óclach. In aithintí siut? ar Sadb.
2821] Aithnigmait, ar Conaing .i. Goll mór-glonnach mac Morna
2822] fuil ann & dar n-indsaig-ne thic. Ocus ró ergetar na fir & ro h-indled
2823] a carbait, & do cuired in ingen ina carpat leo, & is
2824] annsin adubairt Goll: in aichintí na fir út? Aithnimaid, ar
2825] Conan mac Morna .i. da mac Duib meic Aengusa Tírig .i.
2826] da mac rig Muman, & da fher gráda d' Fhind mac Cumaill iat.¶ 213
2827] IS andsin tucsat muinter Fhind glun re gliaid & aighed
2828] re h-eislind do Goll cona muintir, & do dibraicedar cach a
2829] cheile díb, co torcradar ceithri cét fer n-armach {SG page 157} n-inchomlaind
2830] do Macaib Morna le muintir Fhind, & atorcradur-sum féin gan
2831] eladhach a m-bethaid díb. Dála in ban-chuire tucsat a n-aichthi
2832] re lár & fuaradur bás d' uathbás ann :conid de atá Tulach an
2833] Banchuire ar in tulaig-so, ar Cailte.
2834] IS annsin tainic Find & tri catha na Feine conici seo,
2835] & at-connairc in t-ár, & dála da mac rig Laigen tangadur issin
2836] tulaig, & tucsat a m-beil re lár, & fuaradar bás ann do cumaid
2837] a dá comalta, & at-connairc Find sin, & do thuitedur a airm
2838] assa lamaib, & ro chaiestar frassa falcmura fir-thruaga cor'ba
2839] fhliuch blái os bruinde dó, & ro cháiestar in Fhiann uili archena,
2840] & adubairt Find: is mairg, ar se, ro soissed co tech Cuind
2841] Cétcathaig co Síd Liamna Lendchaime, & is olcc in scel indestar
2842] do Dub mac Aengusa Tírig do rig da choiced Muman co
2843] cathair t-Shleibe Claire bodes & co for-imell t-Shleibe Cúa bodes,
2844] & is olcc in scél ro sia co Bodb Derg, co Síd Ban Find bodes
2845] .i. bás a ingine. Ocus ro eirig Find iarsin & ro fechadh in t-ár
2846] aicci, & ní fhuair Sadb. Ocus ro eirgedur in Fhiann, & do cuired
2847] na ceithri cét-sin do muintir Fhind fó fhochlaidib talman, & is
2848] amlaid do-geibthea cach fer do muintir Fhind, & fer do Macaib
2849] Morna marb fói, & ro scribad a n-ainm oghaim oss a cind, & ro
2850] ferad cluiche cáintech ann, gurub de atá Cnoc na Laechraide
2851] ar in cnoc-sa, & corub de atá Cnoc in Ban- chuire ar in cnoc
p.81
2852] aile seo, & Ard na Macraide ar in cnoc-so thuaid ó macaib
2853] ríg Laigen ro cuired fo thalmain ann. Ocus is sé-sin, a
2854] Chonaill, ar Cailte, in ní ro fhiarfaigis dím & in ní dia fuilet.¶ 214
2855] IS ann sin do fhiarfaig Conall {folio 126b1} do Chailti in ra badur
2856] gessa for Fhind. Rob imda iat, ar Cailti, & ni h-iat tainic
2857] ris, & do gab crith & uromain annsin Find, ar Cailti, asa h-aithli
2858] na muintire-sin do chur fo talmain. Ocus adubairt:
- 2859] IS truag in gnim
da mac Duib, da mac in rig,
2860] cét gilla ocus cét con
atorchradar gan imrol.
- 2861] Mór in scél
im Raith Artrach immat dér,
2862] bas Conaing ocus Cathail
do beith im chenn aen-achaid.
- 2863] Glais na Fer
bid h-é in topur suthain sen,
2864] bid irdraic ac cach in scel
meraid co tí brath na m-meadh.
- 2865] Gan imthecht maitne a moin Breg
gan teiched re daim fhiled,
2866] gan feis adhaig ic Dún Rath
gan tuarustul da n-óclach.
- 2867] Gan feis re h-ingin Buidb Deirg
fescur is faide tar leirg,
2868] 's gan imtecht Sídh Ár Femen
re daigir nua n-deirg-thened. {SG page 158}
- 2869] Ni ro diult re duine riam
dar Mac Muiri na mor- giall,
2870] dh' ulcc nó do maith, comall n-gle,
Find mac Cumaill Almaine.
- 2871] Éc Cathail is Crimthain chais
atait fó thulaig tonn- glais.
2872] ní fhaca-sa thes na thuaid
ár mar sin uile a n-aen-uair.
- 2873] Do marbad Find na Feinde
ic tabairt a laech-leime,
2874] is do bris mo craide ar tri
ruc mo nert uile ar nemfní.
2875] IS truag.
¶ 215
2876] Ad-rae buaid & bennacht, a Chailti, ar Conall, is mor in
2877] fis d' fhácais acaind ré indissin do lucht deirid na h-aimsire.
2878] Ocus tangadur issin m-baile anunn 'arsin, & ro badur ac ól &
2879] ac aibnius co trath cumsanta dóib. Ocus eirgis Cailti arnamairech
2880] & timnais ceileabrad do Chonall Derg mac Neill & da
2881] muintir uile, & is mithig dam-sa imtecht ar leith aili festa, ar
2882] eissium, & téit reime sair co Loch Daim Deirg in la-sin, a
2883] n-Dail Araide, co h-airm i r-rabadur da chruimtir uaisli do muintir
2884] Patraic .i. Colman Ela & Eoganan, & siat ic gabail na
2885] cánoine cáime coimdeta & ic etarmolad in Duileman. Áigidecht Cháilti co tech Colmáin Ela & Eoganain
2887] ar Loch Daim Deirg.
p.82
2888] IS ann sin tangadur tri maic ecalsa do muintir na cleirech,
2889] & do chuirset a curach amach do gabail éisc, & iat ac denam
2890] a n-uird & a trath, & at-connairc Cailti iat, & ro bói icc á
2891] n-eistecht, & adubairt in láid:
- 2892] Ba h-annam re h-ó mo chind
cloistecht re léigind os lind,
2893] ba minca lim ro bói than
eistecht re dordan deg- ban.
- 2894] Gebé nech ica m-biad pend
fada do biad 'ga scribenn,
2895] is truag mar atu-ssa bos
is mor d' ingantaib fuarus.
- 2896] Mall mo thurus ó Thráig Lí
fada atú 'ga furnaidí,
2897] liubair léighind, mór in mod,
a n- eistecht lem ba h-annam.
2898] Ba h-annam.
¶ 216
2899] IS andsin tainic Colman Ela & Eoganán amach & at- chondcadur
2900] na fir mora & na coin mora ina lamaib. IS fír,
2901] ar Colmán, is é Cailti siut, & do muintir Fhind h-é, arsi Colman,
2902] & is do muintir nóem Patraic fos dó, & a thobairt isin ailen {folio 126b2}
2903] dár n-indsaigi na tri náenmuir atait. Ocus tucad & do cuired iat
2904] a tech n-diamair n-derrait iat, & tucad sen cacha lenda doib ann
2905] & nua cacha bíd, & ó thairnig dóib a proind & a tomultus,
2906] Cid diata Loch Daim Deirg? Ni insa.
2907] is ann sin do fhiarfaig Colman do Chailti: Cred fa tucad Loch
2908] Daim Deirg ar in loch-sin? Fregrais Cailti sin: Dam derg,
2909] ar se, do bói a les-lergaib na Luachra lend- braenaigi thes, &
2910] teighed d' feraib & do chonaib na Féinde fecht fá tri cacha
2911] bliadna, & ro lensat ind Fhiann bliadain h-é conici seo. Tárthamar-ne
2912] cethrar don Fheind air .i. Diarmaid h-ua Duibne &
2913] Mac Lugach & Glas mac Aencherda Bérra,{SG page 159} & missi fa nessa
2914] dó ic techt dochum in locho-so, & do chaithim ar ceithri slega
2915] a n-aen-fhecht fris, & do-rochair lind, & tar- rasa in darna congna
2916] de, & tarraid Diarmait in congna aile, & ruc leis co Temair
2917] Luachra d' indsaigid Fhind, & tuc Find bun in chongna ar a
2918] traig, & do bói in benn uachtarach de ara bathus, & is sé nech
2919] ba mó don Fheind h-é, & ro fhacusa in con- gna aile a cind na
2920] h-indsi-seo, & damad t-sholus dam is doig co beraind eolus da
2921] indsaigid. Ocus adubairt in láid ann:
p.83
- 2922] IN loch-so in Loch Daim Deirg
fris tangamar leirg do leirg,
2923] bid h-é a ainm óssin amach
co tí in díne déidhinach.
- 2924] {F§}
Do-rorithius re feind Find
ar techt dam a h-Ibarg(lind),
2925] ba h-ainm dam-sa Cailti cas
rob aith- nid dam oglachas.§
- 2926] Mad solus dam-sa co fír
is mád lethan tar cach tír
2927] do-bér-sa daib ar in lár
congna ocus h- é comlán.
- 2928] In cethrur lodmur aníar
a crich Muman na mór-giall,
2929] ba maith ar luth is ar cloth
noco rangamur in loch.
2930] IN loch.
¶ 217
2931] Ad-rae buaid & bennachtain, a Chailti, ar Colman, iss mor
2932] in fis & in fir-eolus-sin do marthain ac nech. Ocus decha let,
2933] a meic ecalsa, ar Cailti, nar' eirig in t-éscca ina pupaill aérda
2934] fós? Ra eirig, ar in mac ecalsa, conid com- sholus muir & tír
2935] de. Ocus is annsin ro eirig Cáilti a cúil íartharaig ind ailén, &
2936] tuc a lam sís issin m-bruach, & tuc leis anís in congna, & léicid
2937] ar lár in tighe i r-rabadur na cleirig, & is é ba ríg Ulad in tan-sin,
2938] Eochaid Faeburderg mac Firglinde, & ro bói í comfocus dóib-sium
2939] a Tulaig na n-Arm, risa raiter Mag Rath.¶ 218
2940] IS annsin do eirig Colman & Eoganan co moch sé meic
2941] ecalsa, & rucsat in congna léo da thaispenad do rig Ulad &
2942] d' Ultaib archena, & do badur a n-aenach ann, deich fichit fer
2943] n-armach ina timchell ann, & tuc in mac ecalsa in congna i
2944] fiadnaissi rig, & ro thuillfidis uile in lin-sin ré doinind & re
2945] derdan fói . Cé fuair in congna? ar rí Ulad, & cáit a frith?
2946] A Loch Daim Deirg fuair Cailti h- é, ar siat. Mochin dam-sa,
2947] ar se, da toirsed dom' indsaigid, uair do fhuicfed senchus cacha
2948] criche & cacha céite & eter-deiliugud cacha find accaind.¶ 219
2949] Dála na cleirech, {folio 127a1} tangadur ar cúl dochum a tighi,
2950] & ro facsat in congna ac ríg Ulad. Maith, m'anam, a Cholmain,
2951] ar Cailte, créd adbur na n-ocht trath út chum a
2952] n-eirigthi-si eter lá & áidchi? Frecraid in naem-chleirech sin:
2953] Mor a fáth & a n-adhbur, ar Colmán, .i. ocht caire atá ic
2954] lenmain chuirp & anma cach duine, & dílait na h-ocht tratha-
2955] sin iat. Ocus adubairt Colman in laid:
{SG page 160}
- 2956] Na h-ocht caire chollaide
coceilet co grian,
2957] na h-ocht tratha toghaide
da n-díchur co dian.
p.84
- 2958] Prim re craes nach coimsigi
teirt ré feirg na fáth,
2959] medhon láe suairc soillsighi
uaim ré h- etrad n-gnáth.
- 2960] Nóin i nd-aghaid n-occobair
ar brú talman theind,
2961] esparta suairc soccomail
uaim re toirsi theind.
- 2962] Compléid re snim sechmallach
or is comroind choir,
2963] iarmeirge thenn togaide
fria maithnighi móir.
- 2964] Maiten maic Dé dílgedaig
fri díumus n-dúr n-drocht,
2965] gu rum-saera a rí brethaig
a Íssu fa ocht.
2966] Na h-ocht.
¶ 220
2967] Ad-rae buaid & bennacht, a Colmain Ela, ar Cailte, is maith
2968] ro uaslaicis in cheist-sin. Ocus cidh dam-sa, ar Cailti, gan na
2969] h-ocht tratha-sin do thathaighid ó ro fhuirig Dia mé i com-aimsir ríu?