Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 191


2468] IS ann sin do fhiarfaig rig Eirenn: ‘cá lín do rígaib Eirenn
2469] leis a tucad ferann don Fheind?’ Fregrais Cailti sin, or do bói
2470] a fhis aice .i. ‘ ro gabusdur Eirinn .i. Feradach Fechtnach,
2471] & da badur da mac aici .i. Tuathal & Fiacha a n-anmanna, &
2472] fuair Feradhach bás, & do roindset a da mac Éire eturru .i.
2473] seóit & maine & indmusa & buara & bó-thainte, a failgi & a
2474] fornasca, a n-duinte & a n-dingna & a n-deg- bailti don darna fer;
2475] a h-alla & a h-indbera, a mes & a mor-thorad & a h-éicne
2476] aille eochur-breca & a fiadach don fhir aile.’ ‘Cait a n-dernnsat
2477] in roind-sin?’ ar Eirenn. ‘Immon cnoc-so ara fuilmid inar
2478] suidhe do roindset da mac rig Eirenn eturru.’ ‘Ní samlaithi
2479] in da roind-sin’, ar maithe fer n-Eirenn. ‘Cé díb roind bod
2480] ferr lib-si?’ ar Oissin ‘.i. a fleda & a tighi & a maithius archena
2481] issin darna roind dib, a feda & a fassaigi, a selg & a fiadach
2482] issin roind aili’. ‘In roind ba messa díb’, ar Cailti, ‘dar lib si
2483] is sí ba ferr linde.’

¶ 192


2484] ‘Ráid & indis a fhírinde-siut, a Chailti’, ar Oissin,

    2485] Oissin cecinit
  1. 2486] Raid a Chailti cid dia fuil
    mor eolus ré iarfaigid,
    2487] cét-roind Eirenn leth ar leth
    do cach crich fil um Uisnech.

  2. p.71

  3. 2488] Cia do-rat ferann don Féind
    ind abrai frium a Oisséin?
    2489] cia ro scar re gillacht chon
    cia ros-dil fa thuarus- dul?

¶ 193


    2490] Cáilte cecinit.
  1. 2491] Mebair lem in ní dia fuil
    a meic ingine in Deirg druin,
    2492] ó ro lessaig Fiacha in Féind
    co ro athrígis-si, a Oisséin.
  2. 2493] Deich m-bliadna do fhlaithius maith
    duit-siu a Ossin, a ard-fhlaith,
    2494] ó rus-brég Fathad in Féind
    co rus-tréigset tú, a Oissein.
  3. 2495] Deg-mac Feradaig dar lim
    dar' bo chom-ainm Fiacha Find,
    2496] Eithne ingen Daire Duib
    ro bí in Morrigu a mathair.
  4. {folio 124b1}
  5. 2497] Feradhach is Fiacho Find
    roindset Eirinn tind a tind,
    2498] badur ar Eirinn co m-blad
    gan chocad, gan chomardad.
  6. 2499] Ruc do roga in mac ba só
    beith ré Féind, ní h-imargó,
    2500] foithri, fássaigi, feda
    aibhne is alla is indbera.
  7. 2501] Ro gab Feradach, dar lem
    airdrígi ar feraib Eirenn,
    2502] a fleda, a thairgthi, a tighi
    a táinti 's a trebaire.
  8. {SG page 150}
  9. 2503] Rígi Feradhaig ba maith
    cor' thuit lé Mál in mac-fhlaith,
    2504] bá tásc rígh ruamnus a gail
    bás in ríg ind áidchi-sin.
  10. 2505] Luid Fiacha a Temraig co rath
    ó do-rochair Feradach,
    2506] gabais nert Eirenn uile
    la marmuir mac Rocraide .
  11. 2507] IArsin do-rat Fiachan in Féind
    do Morna gusin mor-cheill,
    2508] cethrar dóib-sein, dreimne gal
    ina diaid ro gabsatar.
  12. 2509] Morna mac Cairpri co n-gus
    deich m-bliadna dó ina fhlaithius,
    2510] a deich do Garad nár' gann
    nó cor' scarad ré cháem- chend.
  13. 2511] Daighri mac Garaid co n-gus
    cóic bliadna dó 'na flaithius,
    2512] áirim secht m-bliadan gan brath
    Donn mac Morna in deidinach.
  14. 2513] Eochaid mac Nárchada anair
    Fhiann Eirenn a h-Ultaib,
    2514] bliadan co leith a líne
    ós in Féind a n-airdrígi.
  15. 2515] Cas mac Cannáin, cruaid a neim
    aen-bliadan aici a h-Ultaib,
    2516] Duban a mac, monar n-grind
    da bliadain aici áirmim .
  16. 2517] Gabsat a Mumain, miad cealg
    Liath Luachra is Labraid Lamderg,
    2518] deich m-bliadna doib, lith nach gann
    do macaib aithig Árann.
  17. 2519] Trénmor h-ua Baiscne ba baic
    ba h-úa do Shetna Shithbacc,
    2520] sen-athair Fhind, ségda in roind
    athair Cumaill is Crimaill.
  18. 2521] Tarraid Trénmor, trén a báig
    Fianna Eirenn a n-aen- dáil,
    2522] rigsatar a ríg andes
    secht m-bliadna déc a reimes.
  19. 2523] Ro gab Cumall, cruaid a neim
    a l-los sceith ocus chlaidim,
    2524] rígi fá tuc teora cath
    scannlach, congalach, cocthach.
  20. 2525] {F§}Ro gab Cumall, cruaid a nim
    i l-los scéith ocus cloidim
    §
    2526] deich m-bliadna dó sunn ana
    co torchair i cath Chuncha.

  21. p.72

  22. 2527] Arsin gabsat maic Morna
    ar brón & ar bith-doghra,
    2528] tricha laech, ba mor a n-gal
    im Daigri, im Goll, im Garad.
  23. 2529] Goll Mór ba mílid i cath
    mac do Morna déidenach,
    2530] deich m-bliadna dó, lith nar' gann
    i nd-airdrigi fhiann Eireann.
  24. 2531] 'Ar sin ro gab in t-éo óir
    Find mac Cumaill meic Trénmóir,
    2532] ar tairbertach saer sluagach
    ar sái amra il-buadach.
  25. 2533] {F§} Ar flaith, ar séghaind, ar sái
    ar m-breithem, ar n-druth, ar n-drái,
    2534] ar cend cumaing, ar slicht slóigh
    Find mac Cumaill meic Trénmóir.
  26. 2535] Dob é Find in cóiciud laech
    uasal forusta fir-gaeth
    2536] noch dob ferr delb ocus drech
    dob ferr arm ocus édach
    §
  27. 2537] Dá cét bliadan co m- blaithe
    ocus tricha gan tlaithe
    2538] saegal Find, ba fata re
    co torchair 'ga léim baissi.
  28. 2539] Secht déc, is deimin lem
    do gab rigi Fhiann Eirenn,
    2540] ferr Find inait sín uile
    cath- milid ard Almaine.
  29. {folio 124b2}
  30. 2541] Cuicir druad , ba dám duilig
    is ferr taraill Iath Fuinid,
    2542] is mebair lim-sa co becht
    a n-aísneis is a n- dráidecht.
  31. 2543] Ba díb Badgna a Síd Badgna
    díb Cathbad drái deg-amra,
    2544] Stocán mac Cuirc chrechtaig cháim
    Mog Ruith is Find a Formail.
  32. 2545] Cuicir legha, lith n-amra
    is ferr taraill tír Banba.
    2546] cid cían atú-sa da n-éis
    isam eolach 'na faisnéis.
  33. 2547] Miach is Oirmed, dalaib drecht
    ocus a n-athair Dian Cecht,
    2548] Gabran liaig tar muir anair
    Find féin h-ua Baiscne barr-glain.
  34. 2549] Cuicer filed, uasal drem
    is ferr tharaill iath n-Eirenn,
    2550] is mebair lium-sa co becht
    a faisneis, a filidecht.
  35. 2551] Cairbri fili fuair dar ler
    Amairgin Indsi Gaeidel,
    2552] Feircheirtne re Labraid Lorc
    Mogh Ruith is Find Faeburnocht.
  36. 2553] Cuicer is gaithe um ceill n- grind
    ro bói a n-aen-tig a n-Eirinn,
    2554] Fithel ocus Flaithri a mac
    Carpre ocus Aillbhi is Cormac.
  37. 2555] In cheist do-chuirdis tri cheill
    prap ro fhuaslaiced Find féin,
    2556] in cheist do-nith Find na fled
    nech don chuicer ní chuimged.
  38. {SG page 151}
  39. 2557] Cuicer laech luaidis ferga
    is ferr táraill Iath n-Elga,
    2558] budh gairbe gnim ocus glonn
    bud gairge í cath 's a comlunn.
  40. 2559] Lugh mac Céin meic Cáinte anall
    Cú Culainn ocus Conall,
    2560] Lugaid Lágda, lám ar gail
    Find féin h-ua Baiscne barr- glain.
  41. 2561] Cuicer is féile frith riam
    budh fherr um brat is um biad,
    2562] do chined na n-Gaeidel n-gle
    maith ro chaithset a maine.
  42. 2563] Lug mac Eithlenn, Aengus áin
    na cerda, crúaid a báig,
    2564] Conaire caem, cruth nar' chlé
    Find is Mac Luchta ar aen- cháe.
  43. 2565] Cuicir flatha ferrdi lem
    is ferr taraill tír n-Eirenn,
    2566] is mebair lim-sa co becht
    a n-aisneis 'na flaithemnacht.
  44. 2567] Eirimon mac Miled moir
    Iugaine a n-diaid Eirimoin,

    p.73


    2568] Aengus Tuirbech,treissi a n-gail
    Conn Cétchathach, Find féindid .
  45. 2569] Laech ar gairbe, co n-gnim n-glonn
    ocus óglach ar chomund,
    2570] cleirech ar procept Maic Dé
    ocus flaith re fírinde.
  46. 2571] Ni fhetar locht ar Fheind Fhind
    dar in Rig fhuil os mo chind,
    2572] acht, a Dé tadhaill talman
    gan in Mac do mor- adhrad.
  47. 2573] Ni mairit in muinter maith
    ní mairenn Find in fír-fhlaith,
    2574] ní fhuil in cuire gan cleith
    na ruire 'mun rigfhéindid .
  48. 2575] Ferr a sretha na cach sreath
    ferr na cach rig a taissech,
    2576] mét na fer is mét a sciath
    mét a laech n-gasta n-garb-liath.
  49. 2577] Ba ríg, bá fáid, ba fili
    ba triath co mét mor-fhine,
    2578] ar fisid 's ar n-drai 's ar fáid
    ba bind lind cach ní do ráid.
    2579]

    R.

  50. 2580] I N-abraim do thestaib Find
    dar in g fhuil os mo chind,{folio 125a1}
    2581] ba ferr-som fos co ba tri
    cid mor in ní raidim-sí.
    2582]

    Raid.

  51. 2583] Gu ba shecht do chreid in
    Find mac Cumaill Almaini,
    2584] in sechtmad fecht do bói ar fás
    is do thainic a thiug-bás.
  52. 2585] Leth Moga ac Eogan do bói
    Trénmor is ré laim ro láe,
    2586] mac dó Cairill fa gein Scail
    ba bínd lais cach ní ro ráid.
    2587]

    Raid.

¶ 194


2588] ‘Ad-rae buaid & bennachtain, a Chailti’, ar Diarmait mac
2589] Cerbaill, ‘& caid a filet sin & senchaide Eirenn? Scribthar i tamlorgaib
2590] filed & a slechtaib suad & a m-briathraib olloman sud,
2591] co m-bere cach a chuid lais da crich & da ferann
2592] bodein da cach ní dar' indis Cailti & Oissin da mor-gnimarthaib
2593] gaile & gaiscid, & do dind-shenchus Eirenn.’ Ocus do-gníd
2594] amlaid-sin.

¶ 195


2595] IS annsin ro fhiarfaig Find mac Faeburdeirg, mac rig
2596] h-Ua Ceindselaig. ‘A Chailti’, ar se, ‘crét fa-dera in Giussach
2597] Fhind
náim & fíreoin ic a h-adhrad seoch cach n-inad aile issin
2598] crich?’ Frecrais Cailte sin. ‘Lúb-gort selga d' Fhind h- í’, ar se,
2599] ‘& in tan na fagdais in Fhiann a cuiged letharthach Laigen óta
2600] Indeoin Maighi Feimin co Beind Éadair a n-daeithin selga do
2601] geibdis issin Giussaig Fhind.’

¶ 196


2602] ‘Maith m' anam, a Chailti’, ar Find mac Faebair, ‘cret
2603] ima n-abar Áth Ferna risin n-ath atá ar lar na Giussaigi?’
2604] Frecrais Oissin sin: Goll mac {SG page 152}Morna ro marbustar Fernn mac
2605] Cairill ann ar foghail Chlainde Morna, & mac rig na n-Deissi

p.74


2606] andes h-é, & óclach grádha d' Find h-e, & 'arna chur fá fhochlaitib
2607] talman tuc Find a ordain fá déd fis & ro faillsiged fírinde
2608] dó, & ro ceiled gói fair, & adubairt: ‘a Fhernn
2609] maic Cairill, mo-genair duit ro h-adlaiced issinn inudh a tái.
2610] Uair mor do fhind-cheolanaib ceilebartha & do fhind- leabraib trath
2611] & do eadbairt chuirp in Choimded do-gentar ós do chind.’ Ocus
2612] adubairt:
    1. 2613] Ath Ferna
      áit a m-bia M' Aedóg fhedbda,
      2614] aníu cid imda a chuana
      bid imda a duana nemda.
    2. 2615] Ath Ferna na féorainde
      bid fedbda in fer 'ga m-bia,
      2616] da-roiset ann anmcharait
      bat im-fhoicsi do Dia.
    3. 2617] Da-ria M' Aedog muintirach
      tar Áth Find Glaissi fia
      2618] bidh chrom-chind ros-tairgéba
      bid roibh-chind duíní Dia.
    4. 2619] Da-ria M' Aedog muintirach
      maissi greine tar cithu,
      2620] da-ria mac na retlaindi
      retla buadach tré bithu.
    5. 2621] Bíd h-é in t-inad oirrnidi
      a m-bíd fianna fa fulacht,
      2622] da-ria M' Aedóg muinterach
      mo- chin darab rulacht.
    6. 2623] Bidh h-é in torc trén tulcháinim
      bid h-í in lassar borb brátha,
      2624] da-ria M' Aedóc muinterach
      bid tonn tar ilar n-átha.
      2625]

      Ath.

¶ 197


2626] ‘Is maith am ro indissis’, ar Find mac Faebair, ‘& atá
2627] ceist aile accum is áil lium d' fhiarfaigi dít, a Chailti?’ ‘Cret
2628] in cheist-sin?’ ar Cailte. ‘Baile atá acainde annso í comrac
2629] in da chóiced .i. Comar ollbuidnech na Tri n- Uisci, áit a comraicend
2630] Siúir & Fheoir & Berba, & Ros {folio 125a2} m-Brocc
2631] ainm in baile-sin, & rob ail lium-sa a fhis d' fhagbail uait-siu
2632] cia ic á raibe in dúnad út ann.’ ‘Urusa lium-sa a fis-sin duit’,
2633] ar Cáilte .i.
.

¶ 198


2634] ‘Dá óclach gráda d' Fhind mac Cumaill ro bói ann .i. Cellach
2635] Braenbili
& Mo Ling Luath do chóiced Laigen, & do badur
2636] da cét óclach & da cétgilla & da cét con ac cechtar de díb,
2637] & cid iat tri catha na Féinde do t-shirthea ba terc ann dias
2638] budh fherr luth nó lamach anait-sium, & do bí maith aile
2639] intib-sium mailli ris-sin, uair is 'na tigib do bith in Fhiann re
2640] bliadna gan teirce bíd na lenda orro ris-sin.’

¶ 199


2641] ‘INgnad linn’, ar Finn mac Faebair, ‘uisci in baili-sin in

p.75


2642] ard & a t-shruth ina all, & foírid in t- uisci-sin cach eslainti re
2643] m-benann.’ ‘INdeossat-sa duit adbur in ratha-sin’, ar Cailte.
2644] Is é-sin cét-uisci ro bennachadur aingil Dé a n-Eirinn, & is sé
2645] uisce déidinach béos bendeochar inti, & Táeidiu
2646] ainm na h-abhann, ar se.

¶ 200


2647] Ocus do badur in dá óclach-sin ann nóco n-dechadur Maic
2648] Morna
ar fogail ar Fhind, & nir' rathaigset áidchi ann nó cor'
2649] gabsat Maic Morna anair & aniar immon m-baile acco, & ro
2650] badur teora lá & teora aídchi ac dul ar in m-baile, & nir' fhedatar
2651] ní dó ris-sin, & a cind in tres lá fuaradur baegal {SG page 153}teined do
2652] chur ann, & do loisced in baile léo, & do-rigned a argain, &
2653] ní thernó duine béo d' fhir na do mnai gan a loscud ann, &
2654] in tan tairnic leo in baili d' arggain & d' indrud tangadur reompo
2655] tar sgairb Indbir Dub Glaissi, tar Berba síar ar sodain, & is sí-
2656] sin aimsir i r-rangamar-ne tri catha na Féinde dochum in baile
2657] gin gur' chobair doib-sium sin. Ocus suidhis Find & tri catha
2658] na Feinde ar faichthe in dúnaid, & ro cháisetar co dérach
2659] do-bronach, uair ní minic má do-rinded riam gnim bo doilgi
2660] leissin Féind ina sin. Ocus tucad loing-shithal bán-óir chum
2661] na flatha Find annsin, & ro indail a láma & tuc uisci ima
2662] gnuis rígda ro-alaind, & tuc a ordain fa déd fis & in tres
2663] fis is mó ro faillsiged dó riam issin tan-sin ro faillsighed
2664] dó h-é, & adubairt: ‘Ceithri cáidi foghaide ticfat tar m' eissi a
2665] n-Eirinn, & do rig nime & talman do-génat a faistine, & bid annso
2666] ticfa in cethramad fer .i. Mo Ling mac Caelain, meic Feradaig
2667] Find
, meic Fhidgai, & cath chuirfither re deiredh aimsire i nd-Eirinn,
2668] .i. cath Maigi Rath, & Suibne Geilt tic assin chath-sin
2669] is annsa baili-seo muirbfither h-é & aidhlécthar, & ben d' feraib
2670] Muman máthair in chleirig-sin, & ní lemat fir Muman olcc in
2671] baili-seo do denam chaídche.’ Ocus adubairt in laid ann:
    1. 2672] Ros m-Brocc aníu is conair chuan
      romur ruad itir da all,
      2673] cian gar co toirset nóim ind
      Mo Ling ainm in tí 'sa ceall.
    2. {folio 125b1}
    3. 2674] Taediu chorrach cham-lindtech
      ar ur na cairrgi is lia,
      2675] da-roichid sunn sochaide
      imtheghdaid ann ar Dia.
    4. 2676] {F§} Taídíu grianach genter leis
      beith ara greis bud maith lim,
      2677] truagh deired in domain dein
      saeth lim mé féin can beith ind
      §

    5. p.76

    6. 2678] Do-roichfea in fer foluaimnech
      atuaid a Maig Rath,
      2679] bid gairidugud don chleirech
      maiden co méit rath.
    7. 2680] Tech Mo Ling meic Fhaelain
      meic Fheradaig Fhind,
      2681] uingi d' ór ó nech
      ar a thech 'na chill.
    8. 2682] Bennan Mo Ling Luachair
      bentar isna trathaib,
      2683] ní lémat láich Luimnig
      ben Muimnech a mathair.
    9. 2684] Tiucfat fir Chualann atuaid
      forba a sluaig co Tech Mo Ling
      2685] ó sin amach co brath mend
      ferr issa ferr Tech Mo Ling,
    10. 2686] Adeirim-si rit reime
      bid fír dam in fhaistine
      2687] geib re h-anmain Fhind í bhos
      tarrngaire Mo Ling don Ross.

      Ros