Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 181
2360] Alléra anís ar mo ghualainn-si, a Cháilti, ar Diarmait,
2361] ac a gabail ar leth-laim. Ní fer gualann rígh mhe,
2362] ar Cáilte, acht fer fiadhnaisi rígh, ór mac óclaich mhé, & is
2363] ferr in té atá ar do ghualainn innú-sa. Dom bréithir fris, ar
2364] Oisín, nach ruc ben a com-aimsir frit a n-Eirinn neach dar'
2365] chóir a rádh gur' ferr é fein iná thusa.¶ 182
2366] Is annsin ro fersat fir Eirenn fáilti re Cáilte, & ferais in
2367] rí fáilte fo trí ris, & tuc Cáilte teora póc d' Oisín, & suidhis ar
2368] a leth-láim. Lán duirn do bhiror & fothlacht búi i láim Oisín tuc a
2369] láim Cáilti. Biror & fothlacht na Flesce so, ar Cáilte, & in fuaruis
2370] iasc innti? Fuarus ocht maigre, ar Oisín, & atá in t-ochtmhadh
2371] maigre acainn araen díbh. Dar mo bréithir, ar {SG page 147}Cáilte, ní roibhi
2372] mo chuit-se riam i l-láim mná ná fhir budh annsu lim innái-si.¶ 183
2373] Is annsin tuc Cáilte a láim a comraidh a scéith, & tuc
2374] slabrad línidi Logha meic Eithlenn ar lár 'na bh-fiadhnaisi. I
2375] Carn Gairb Daire fuaruis in slabradh, a Cháilti, ar Oisín. As
2376] ann co deimhin, ar Cáilte. Ocus tuc Cáilte do rígh Eirenn
2377] in slabrad, ocus .u. catha fichet búi in slúag, & do thicedh 'na
2378] timchill & ocht cét óclach do thoilledh ann, & dúnad ar in cét-fer
2379] dhíbh, & gan comus a osluicthi no gun-oslaici in cét-fher.¶ 184
2380] Is and adubairt in rí: Maith, a Cháilti, ba maith in cethrar
2381] bátar a n-Eirinn a n-aen- aimsir .i. Cormac mac Airt & Find &
p.68
2382] Cairbre Lifechair & Oisín. Ba maith in t-óclach Cormac, ar
2383] Cáilte, &dob aithnid do chách maithes Finn. Ocus at-bert Cailte:
- 2384] Da tísadh fo breith dála
a mhac cuigi 'sa náma
2385] ba do maithib líne dhó
eturra ní bérad gó.
¶ 185
2386] Ocus, a Cailti, ar Diarmait, inar' fherr Cormac iná Find &
2387] inar' fherr Cairbre iná Oisín? At-bert Cáilte:
- 2388] Dar in Rígh fhuil ós mo chinn
nír fherr Cormac iná Find,
2389] 's nír' mesa Oisín co m-blaidh
iná Cairbre Lifechair.
¶ 186
2390] Is and do fhiarfaig Eochaid Lethderg, rí Laigen, do Cháilti:
2391] Crét fo-dera d' Finn & don Fhéinn gan in péisd adbal- mór
2392] atá acainn a n-Glenn Ruis Enaigh do mharbad sech gach n-arracht
2393] eli dar' dhíchuir sibh a h-Eirinn? Is ed fo-dera sin, ar
2394] Cáilte, in ceathramad rann d' inchinn Mes Gedra h-í, & ro sluic
2395] in talam ann h-í co n-derna peisd adbul- mor di. Ocus ní raibhi
2396] a n-dán dúinne a marbad no gu toirsedh an Táilcend & deiscibul
2397] da mhuintir chenglus d' aen-shifinn luachra ar deiredh na h- aimsiri
2398] h-í, & biaidh isin cengal-soin co tí in b(ráth). Cidh uma téígdis
2399] an Fhian da marbad féin (& do mharbad a con) ar an loch-sin
2400] don phéisd? Leannán sídh(e) {Laud 610 folio 124a1} do bói
2401] ac Find, ar Oissin .i. Uaine ingen Moduirnd, & tuc Find éra
2402] tochmairc furri ar a immat d' ilreachtaib a téiged sí, uair ní raibe
2403] bethadach na téighed sí 'na richt, & tangadur ind Fhiann laithe n-aen
2404] ar in carnn os chind in locha-sin, & tainic in fiad amach ar in
2405] loch, & do lenamar-ne ar in loch h-é, & do eírig in peist duind,
2406] & do marb cét cú & cét fer accaind, & is annsin do iarfaig
2407] Cailte do Fhind: in lind tuitfis in peist, & mased co cuirmis ria
2408] & co n-dighlamais ar muintir furri. Ocus tuc Find a ordain fa déd
2409] fis, & ro faillsiged fír faistine dó, & ro ceiled gae fair ann,
2410] & adubairt in laid:
{SG page 148}
- 2411] Glend Rois Enaig, bid fir dam
bid bind guth cluic ann nach than,
2412] gé beth fó damaib ruada
robsat ili a ard- buada.
- 2413] Ro gab in doinend dubad
ni soinend acht ar selaibh,
2414] do gab in talam trochull
do gab cochull cend n- enaig.
- 2415] Enach feinde fadb fulaig
im-rulaig garb re conaib
2416] siat srotha elta enaig
rian tregain ter- chtha trogain.
p.69
- 2417] Crotholl Feinne fuath curraig
os duillib ruada rindib,
2418] sceo gaithi céo tar rindib
os rengaib leabra ar lindib.
- 2419] Coscrach at-chiu-sa an muirbich
rosc dercain brath tar buidnib,
2420] taeb-úaine taithnem taidlech
biaid Cáemgin ga m-bia cuibrech.
- 2421] Muirbech lonn Locha h-Enaig
tonn 'na degaid ad-raigi,
2422] sissi ac slaidhi na Féinde
óig na Feinde 'ga slaide.
- 2423] Deich m-bliadna ar da bliadnaib
a h-ocht riagail ar relaig,
2424] ar da cét deg sét saíre
gusin áine ro genair.
- 2425] Loch n-Enaig adhba elad
scith cen fhianna 'na fharrad ,
2426] tailgind contagfat uime
badh binde chanfat aille.
- 2427] Loch n-Enaig adhba ela
dind m-bera itir da m-broine.
2428] enach trogain blái théite
otá in chéiti có 'raili.
- 2429] Glend Enaig itir da t-shliab
iss é is áille at-connarcc riam,
2430] Abhand Da Loch ar a lar
iss é lán don leith aniar.
- 2431] Bidh adhba ailithrech uar
bid adba trén ocus truag,
2432] bid adhnacht rig cend a cenn
ticfa Cáemgein issin n-glenn.
2433] Glenn.
¶ 187
2434] Ní h-éitir a indissin na a aisneis neoch ro indisstar do
2435] denam dóib féin do mor-gnimaib gaile & gaiscid & do maithib
2436] na Féine, re táeb dind-senchais cach cnuic & cach fheraind ro
2437] fhiarfaigetar fir Eirenn díb.¶ 188
2438] IS ann sin tainic Tamun Trénbrugaid mac Tréin
2439] .i. flaith-briugaid cétach comramach do ríg Eirenn .i. tri. l.
2440] fer mor ina fharrad & faideran fír-gorm im cach fer díb &
2441] fedana find-uma isna brataib os a m-bruindib
2442] & leinti lígdha lán-gela umpu, & tri .l. gabal-lorg ina lámaib,
2443] & ro bennaigedur do ríg Eirenn & fregrais in rí iat. Atá
2444] fled mor acaind duit, a ríg, ar siat .i. deich fichid dabach
2445] do midh, & deich .xx. dabach do chuirm glain gabaltaig cona
2446] daeithin do biadaib ilarda écsamlaib léo, & tucsat in biad &
2447] in lind léo don ríg. Ocus do fhiarfaig rí Eirenn d' Oissin: in
2448] a n-aen-tech re maithib Eirenn rachtthaisi nó in tech óil & aib- niusa
2449] ar leith bes accaib? Ar cuit bíd & lenda duind
2450] {folio 124a2} ar leith, arsi Oissin, uair ní lucht comdíne na comaimsire
2451] duind na daíne anois. Cá lín atáthi? ar rí Eirenn.
2452] Da naenbur, ar Oissin .i. nonbur dam-sa & naenbur dom
p.70
2453] chomalta, do Chailti. Fiche dabach cona n-daeithin bíd doib,
2454] ar rí Eirenn. Maith a rí , ar Cailti, na cutrumaig-siu sind
2455] do bíud nó do lind chaichi, uair in tan do-berthea deich n-dabcha
2456] dam-sa, {SG page 149}.xxx. dabach b(ud) chóir d' Oissin, Ocus ro chaithedur
2457] ind adhaig-sin co subach so-brónach, co tainic la cona lan-shoillsi
2458] gan uresbaid bíd na dighi forro.¶ 189
2459] Ocus do cuired a phupall tar rig Eirenn issin tulaig
2460] thonn-glais in lá-sin, & nír' léiced ach rígdamna issin pupaill,
2461] & tainic Patraic cona chleírchib issin darna leth don phupaill, &
2462] nír' léiced acht esgob & sacart & mac ochta rig nime & talman
2463] issin leith i r-roibe Patraic.¶ 190
2464] Suidhis Oissin i fiadnaissi Pátraic & Cailti i fiad- naisi rig
2465] Eirenn. Cia accaib as sine? ar rí Eirenn. Missi, ar Cáilti,
2466] uair .x. m-bliadna .xx. do bo th-slan dam in tan rucad Oissin & .uii.
2467] m-bliadna déc dó am leapaid-sea, & as mo thigh ro gab feind & foirind.