Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

171


2237] Ocus nír' chian (ro batar ann co facatar) {folio 174a2} in
2238] móirsheiser gilla mór cucu. ‘Can asa táncabair, a ógu?’
2239] ar Conall mac Néill. ‘Táncamar’, ar siat, ‘ó Phádraic mac
2240] Calpuirn & ó Oisín mac Find & o Dhiarmaid mac Cerbaill ar
2241] do cenn-sa & ar cenn Cáilte.’ ‘Ní h-éiter lim-sa dhul ann aniu d' éis

p.64


2242] mu shealga, & éirigh-se ann, a Conuill’, ar Cáilte, ‘& beir let na
2243] h-aisceda út .i. in t-eascra do bhí ac Find do Phátraic, & in
2244] Craebh Ghlasach, claidem Find, do Diarmait mac Cerbaill do
2245] rígh Eirenn, & in muc do marbad ann do ríg Eirenn, ós as í-
2246] so in Mhuc Shlángha, & co faicit cách í & gu roinne Eirenn
2247] dóib h-í idir mhaith & saith.’ Do- rónad uili mar sin, & tucadh
2248] in cloidem i láimh Duinn mheic Aedha meich Gharaidh mheic
2249] Mhorna. ‘A sochar & a dochar in chloidim ort, a {SG page 144}ghilla’, ar
2250] Cáilte, ‘ no gu ria co rígh Eirenn.’ Ocus tuc Conall féin in
2251] t-eascra leis do Phátraic, & tucsat na moghuid an muic leo,
2252] & lotar rompa co ráncadar Cnoc Uachtair Erca, re n-abar
2253] Uisnech isin tan-so, i m- Midi medoin do ló. Ocus
2254] 'ar rochtain dóibh ann is ann do bhói Pátraic i Mullach Uisnig,
2255] & Diarmait mac Cerbaill ara láim n-deis, & Oisin mac Find ar
2256] a láim clí, & Muiredach mac Finnachta Connacht fora láim-sein,
2257] & Eochaid Leithderg Laigen ar a láim-sein, & Eoghan
2258] Derg
mac Aenghusa, dá cóiced Muman, ar láim rígh Eirenn.

172


2259] Táinic Conull mac Néill iar sin & tuc a cenn a n-ucht Pátraic,
2260] & do shlécht do. ‘Tar sunn, a Chonaill’, ar Diarmait. ‘A bh- fiadhnaisi
2261] Pátraic biat’, ar Conall, ‘gurab é bias ós mu cinn a
2262] nim & a talmain.’ ‘Rígi uaim-si duit’, ar Pátraic, ‘ocus tricha
2263] ríg dot shíl a ríghi. Mo cathair & mh' abdaine duit fós, &
2264] in neoch fo-ghébh o chóic oll- choicedhaib Eirenn do chaithimh acat.’

173


2265] Tuc Conull an t-eascra óir i láimh Pátraic. ‘Do chara
2266] féin, Cáilte mac Rónáin, tuc in aiscidh-sin duit’, ar Conall. ‘As
2267] cara, dar mo bréithir’, ar Pátraic. Ocus tuc Pátraic secha i
2268] láim ríg Eirenn é, & do bhí Eirenn ica fhégad co fada, & adubairt:
2269] ‘Ní facamar riam sét budh ferr iná in t- escra, & dégha
2270] let, a Oisín, cia ica raibe’. ‘Acam athair féin’, ar Oisin, ‘ac
2271] Find mac Cumaill. & tuc do bain-chéli dho é .i. Berrach
2272] Breac
ingen Cais Cuailgne. As í ro marbhsat Meic Morna
2273] ar in foghail, & is deimin leam-sa’, ar Oisín, ‘in tí
2274] fuair so co fuair se in sét eli as ferr do bí a n- Eirinn ná a
2275] n-Albain(.i. in) Craeb Glasach, cloidem Find.’ ‘Atá acam-sa
2276] sunn’, ar Conall, ‘(do rí)g Eirenn & is maith in aithne tucais.
2277] Érigh, a Dhuinn, & tuc in cloidem do rígh Eirenn, ór is do

p.65


2278] tuc Cáilte (é. Ocus tuc in gilla) in cloidem i l-láim Oisín, & ba
2279] lán glac {folio 174a2} Dhuinn do dornchla in chloidim’. ‘Ingnad
2280] lim’, ar Oisín, ‘do glac do línadh don chloidem, ór nír’ lín
2281] glac riam acht glac fhir do Cloinn Bhaiscni nó do Cloinn Mórna.
2282] ‘Can duit a gilla?’ ar Eirenn. ‘Donn mac Aedha, mheic
2283] Garuid, meic Mórna mhisi.’ ‘Dar mu bhréithir’, ar Oisín, ‘do
2284] bo mhaith h' athair & do shen-athair.’ Ocus tuc an cloidem i l-láimh
2285] rígh Eirenn. ‘Caidi dece an cloidhimh, a Eirenn?’ ar
2286] Donn. ‘Cá dece shire?’ ol in . ‘Rígh-féinnidhecht Eirenn amail
2287] bái ag derbbhráthair mo shen-athar.’ ‘Madh cet le h-Oisín &
2288] le Cáilte’, ar Érenn, ‘ragaid dhuit.’ ‘As ced
2289] ámh’, ar Oisín, ‘ór is é mu chet-sa cet Cáilti, ocus as duthaig
2290] do Dhonn h-í, ór ro ghabsat secht rígha uime rígh- féinnidhecht
2291] Eirenn & Alban.’ ‘Is amlaid do-beirim duit {SG page 145}h-í’, ar an , ‘gan
2292] chís gan chánachus óir ná aircit do tabairt duit aisdi, amail
2293] tucad do gach rígh-fhéinnid romut, acht comus sealga & fiadaigh
2294] Eirenn duit.’ Ocus do ghabh- som cuir & tennta ann sin, &
2295] do bhí secht m-bliadna fichet a rígh-fhéinnidhecht Eirenn &
2296] Alban no gur' mharbh Dubh mac Dolair a cath Cuire thall a
2297] n-Albain h-é.

174


2298] Tucad iarum in mhuc a fiadhnaisi rígh Eirenn. ‘Ac sin’,
2299] ar Conall, ‘in muc ro mharbh Cáilte & Donn, & tuc Cáilte
2300] duit-si h-í da roinn ar feruibh Eirenn ar dáigh cumad coimhdhi
2301] dóibh a cuid don Muic Slangha do rochtuin dóibh.’ Ocus do
2302] roinn Eirenn in mhuc dona .u. cathaib fichet bátar fir
2303] Eirenn i n-Uisnech gur'bhat subaigh so-brónaigh uili iat. Ocus
2304] ba h-í-sin Muc Shlángha déidhenach do roinned idir feruibh
2305] Eirenn.

175


2306] Is andsin adubairt Conoll Mór mac Neil re rígh Eirenn:
2307] ‘Cá breth is áil let-sa do breith ar Cháilte da tí dot innsaigid?’
2308] ‘Proinn deich cét óclach dho’, ol in , ‘& ocht fichit bó do
2309] chur i fér-ghurt gabhála & a loim do thabairt do digh doib
2310] ré loigi & dá chomalta, dh' Oisin.’ Ocus do bátar
2311] ann in adhaigh-sin co h-arabárach.

p.66

176


2312] Dála Cáilti immorro, do gabadh eich Chonuill do, & do
2313] h-innleadh a carpat, & táinic roime i fos- mhullach Sléibi Fuait,
2314] & do Chaerthenn Ban Finn, re n-abar Caerthann Cluana Dá Dhamh,
2315] & d' Ard in Ghaiscid atúaid, frisi ráidhter Fochaird Muirthemne,
2316] bhaili a n-derna Cú Chulainn in foicherd gaiscid ar sluaiged tána
2317] bó Cuailngi, & d' Áth na Car- pat budhtúaid, re n-abar Áth Guill,
2318] & d' Echlaisc Ech Con Culainn, re n-abar Lighi in Léith Macha
2319] (iter Dún Dealgain & muir, & do Slíab na Com(
[gap: damage to MS]
)
risa ráidter)
2320] Slíabh Bregh.

177


2321] As í-sin aes & uair ro ghabh (íttu Diarmait) {folio 174b1}
2322] mac Cerbaill i Mulluch Uisnigh, & maithi bh-fhear n-Eirenn 'na
2323] fharrad ann, & do fhiarfaig in raibhi uisce a com- fhocraibh do. ‘Ní
2324] fhuil’, ar cách. Do-chuala Oisín sin & at-bert: ‘Sithal damh’, ar
2325] sé, ‘co n-dechuinn d' iarraidh uisci.’ ‘Gilla leat’, ar Diarmait.
2326] ‘Ni thicfa gilla na óclach’, ar Oisín.

178


2327] Ad-racht Oisín & do chuir in cairci frith-roisc
2328] for a lurg co nach facad nech a longphurt fher n-Eirenn é, & ráinic
2329] d' innsaigid na tiprat .i. in Findfhleascach tipra Uisnig, & ó
2330] thucadh cath Gabra ní fhuair nech d' feraibh Eirenn h-í co sin.
2331] Ocus ráinic Oisín co grian-tracht an tobair, & at-connuic na h-ocht
2332] n-éicne áilli eochair-breaca ann, ór do bí do dhiamhair an inuid
2333] nar'{SG page 146} ecal leo-sum ní ann, & benais ocht n-gais bhiroir & ocht
2334] n-gais fothlachta, & tuc in t-sithal fón tiprait, & tuc lais na h-ocht
2335] m-bratáin beo ac baeith-léimnech isin t-sithail & na gais birair &
2336] fhothlachta ar a h-uachtar, & táinic roime co h- Uisnech amlaid-sin,
2337] & tuc in t-sithal a fiadnaisi rígh Eirenn, & ba h-ingnad le cách
2338] sin, & do théiged glún Diarmada a m-bun gach gaisi díbh. ‘A
2339] roinn-sút ar dhó’, ar Diarmait, ‘& a leath do Phátraic & a leth
2340] aili dúinne.’ ‘Ní h-amhlaid’, ar Pátraic, ‘ór lia dáibh-si, & roinnter
2341] ar trí iat, & tabar a trian donn eclais, ór as i-sin a cuit féin.’
2342] Ocus do-rónad amhluidh. ‘Maith, a Eirenn’, ar Pátraic, ‘ná
2343] benudh in dias út do chuid nimhe dít-sa.’ ‘Cidh é-sein, a naem Pátraic?’
2344] ol Diarmuid. ‘A mhéd do-beiri dot uidh iat’, ar Pátraic.

179


2345] Dála Cailte immorro, indister andso: do-riacht-
2346] sein co faithchi in Brogha atúaid, tar Linn Féig ar Boinn

p.67


2347] bhán-tsrothaig, & lámh des re Cnoc Tlachtgha, & lámh clé re Cnoc
2348] Tailltenn ingine Magmóir
, & a Rót na Car- pat suas i Mullach
2349] Uisnigh
bhaile i r-rabhatar firu Eirenn. Toirlingidh Cáilte isin
2350] aenach, & táinic mara raibhi Pátraic, & táirnes do & tuc a chenn
2351] a n-ucht Pátraic. Éirghis ath- laech do muintir Phátraic roime
2352] .i.Mu Chua mac Lonáin. ‘Maith a anam, a Cháilti’, ar Pátraic,
2353] ‘innis dúin cuich é Mu Chua.’ At-bert Cáilte:
    1. 2354] (Mu Chua) mac Lonáin na lenn
      meic Senaigh arnach saighfem,
      2355] meic Aenghusa in greaga ghuirm
      (meic Mughna,) meic Blait breac-duirn.
    2. 2356] Meic Aedháin, meic (Blae Aeda)
      meic Fhergais, meic Chinaetha,
      2357] meic Fiachach, (meic Airt don Muigh)
      (meic) Muiredaig meic Eogain.

180


2358] ‘Crét fuil acum-sa’, {folio 174b2} ar Mu Chua, ‘acht do chuimnigud-sa
2359] a n-ocht trathaib na h-Ecailsi?’