Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 151
1935]
Imthect acainn amárach, ar Cáilte, & bennacht fhácmaid
1936]
acaibh-se. Beir buaid & bennachtain, ar Eogan,
1937]
Ocus ro thimnadar ceilebrad d' Eogan, & táncatar
1938]
rompa assin co Tulaig na Céd, risi ráidhter Tulach Dá
1939]
Ech isin tan-sa, & do Chuillendros na Féinne budhtúaid,
1940]
& do Churrach {SG 137}na Milchon, re n-abar Currach na Cuan, & do
1941]
Bhoith Chnó budhtúaid, áit ar' thaispen an eicsi cenn do Lugh
1942]
Lámhfhada mac Eithlenn, & in bhaile a rucadh Colum Cille mac
1943]
Feidlimid, & do Dhoire Guill budhtúaid. Ocus ac toidhecht
1944]
dóibh dar bord in daire amach co facadar in t-aen-óclach & a
1945]
druim re cairthi comdaingen cloichi, & brat corcra corr-thurach
1946]
uime, & dealg óir isin brut ós a bruinne, & inar maeth-sróil
1947]
uime, & dá choin caeim-shealga 'sna láim, & cuanart gadar 'na
1948]
fhiadhnaise. Bennachais Cáilte don óclach, & freagrais in t-óclach
1949]
in bennachad. Cia danad muinter sibh-se? ar in t-óclach.
1950]
Ní mharann ar triath ná ar tigerna .i. Find mac Cumaill,
1951]
ar Cáilte.¶ 152
1952]
Is annsin ro cháieasdar an t-óclach déra falcmara fír-truagha,
1953]
gur' ba fliuch blaei & bruinne dho. Cia thusa amhlaid,
1954]
a óclaigh? ar Cáilte. Do-ghén mo shlonnad duit-si, ar
1955]
éisium: Donn mac Aeda, mheic Garaid, meic Morna, misi. Do
1956]
ba mhaith h' athair, ar Cáilte, & adubairt:
- 1957] Rob é in bríghach buan-bladach
dob é in fénnid fír-ghalach,
1958] dob é in ghég toraid co m-blaidh
re fogail séd in domhoin.
¶ 153
1959]
Maith, a anum, a Cáilte, ar Donn: in fuil sleagh m' athar
1960]
acut-sa? Atá cidh a sciath & a chloidem, ar Cáilte. (Ar fír)
1961]
do ghaili & do ghaiscid frit, ar Donn, innis d(am an fochaind)
p.56
1962]
bhunaid umar' marbad h-é. Indeos(at duit), ar Cáilte, uair
1963] {folio 172b1}
isam meabruch ann.¶ 154
1964]
Dubh Dithre righ-fhéinnidh fhiann Osraige do mharbad dot
1965]
shen-athair-se do Gharadh mhac Mórna, & Carrac Guill do
1966]
ghabháil ar Goll mac Morna thiar, & tri catha na Féinne do
1967]
beith ac forbhaisi fair gu cenn caeicdighis ar mhís ann, & a
1968]
bheith nái n-aidchi gan bhiadh, & scithlim do dul ar a luth &
1969]
ar a lámach, & dul do Muc Smaili mac Duib Dithre anund
1970]
isin carraic, & Goll do dícennadh a fiadhnaise fhiann Eirenn,
1971]
& tuc leis in cinn d' innsaigid Fhind, & do bhí h' athair-se ag
1972]
iarraidh dligid & cora ar Muc Smaile .i. inneoch ro búi idir
1973]
rígh & óclach do tabairt dó.
- 1974]
Cáilte cecinit:
- 1975] Adubairt nach tibhredh cóir
don Aedh Fhinngheal ba mór ádh,
1976] acht do-béradh corp re corp
an gach olc do-rinne a lám.
¶ 155
1977]
Ocus adubairt h' athair-se coimdhilsi do lécen etorra & Muc
1978]
Smaile. Do-bér-sa comha duit, a Aedh, ar Muc Smaile. Gá
1979]
coma sin? ar Aedh. Do-bér, ar eisium, dá shleig Guill meic
1980]
Morna, & {SG 138} sciath Cairill í Conbroin, & corn Duibh Dithre, &
1981]
cloidem Muirinne Macha do bhí ac Goll, & muince sealga
1982]
Sigmaill, & misi, ar Cáilte, do-chuaidh lesin techtairecht: dia
1983]
n-ebrad in láid:
- 1984] Tiagat techta uainn cu h-Aedh
ráidhid risin segainn saer
1985] ar gealladh dó, toluibh gal
co bráth nocho coimeltar.
- 1986] Targa dho muinci sealga
tucad d' Finn as Síth Nennta
1987] gan cor no a fhiadh tar cladh
nócha teit gan a mharbadh.
- 1988] Targa sciath Cairill co m-bloidh
do bhidh air isin imghoin,
1989] suairc in sét in sciath scenmdha
gráin céd ara tigerna.
- 1990] Targa dho in cloidem catha
do bídh ac Muirinn Macha,
1991] Targa fós corn Duib Dhithre
gidh do bádhus ga dhicleith,
1992] geall caeca mogadh tar muir
atá d' ór ana borduibh.
- 1993] Targa dhá sleig, monar n-glé
co crannuib ruis ro-bhuidé,
1994] gid beg a fuili nó a loit
is marbh gach duini a tiagoit.
- 1995] Ocus gé tharga-sa sain
nír' gabhsat Clanna Garoidh
1996] ar imad a slóg 'masech
na mac mór fial-gharg fuilech.
- 1997] Do faeth le Cloinn Morna moill
Findtan Ferrda a Feadhaibh Cuill,
p.57
1998] Banbh Sinna Sciathbreac in áigh
ocus Finn Mór mac Cuáin
- 1999] Sirit ar Mac Lugach lonn
a éraic ór do gon Goll
2000] is ar Cáilte is airm géir gloin
'sar
[gap: extent: 4 syllables]
a Luachoir
- 2001] (Óclach do thuai)th Temra Breag
do fer cuinnscleo re Goll n-geal,
2002] mael-gorm {folio 172b2} 'san treas, ferdha in roinn
dar' ainm Flaithius
2003]
Firáloinn.
- 2004] Dá m-beitis trí caecait mac
ag Goll gasda na n-geal-ghlacc,
2005] nír' bo annsa le cloinn cain
ná lim-sa mo dhegh-athoir.
- 2006] M' athair-si Dub Dithre dian
féinnid forusda fír-fhial,
2007] ni chlos a écnach a cath
fa maith a lúth 'sa lámhach.
- 2008] Ráidh risna feruibh ní gó
uaim ní bérat ní bhus mó,
2009] nái cét is a n-druim re feart
isin tulaig a tiagat.
¶ 156
2010]
Ar fír do ghaili & do ghaiscid, a Cháilti, ar Donn, tabhuir
2011]
arm-gaisced mh' athar dhamh. Do-bhér immorro, ar Cáilte, dóigh
2012]
ba fial-nár fria h-athchuingid h-é féin. Ocus tuc Cáilte arm-ghaisced
2013]
a athar uili dhó. Tabair eolus dúin anosa, a Dhuinn,
2014]
ar Cáilte. Cia h-áirm a sire eolus, a righ-fhéinnid? ar Donn.
2015]
Do tigh Conaill meic Néill, rígh Ceneoil Conuill.
2016] Cáilte cecinit:
- 2017] A Dhuind tabair eolus dún
gan meirg ocus gan mhí-rún,
2018] ór atái at aenar male
tar éis h' féinne is h' foirne.
- 2019] do-chuadar as Meic Morna.
adbar bróin is bith-dogra,
2020] deich cét laech, ba h-edh a lín
dob é in t-oirecht gan imsním.
- 2021] Adeirim-se rib-si de
bidh fír gach a ráidhem-ne,
2022] re taeibh óir is arcait uill
fo-ghébha sin uaim, a Dhuinn.
¶ 157
2023]
Raghat-sa romat-sa annsin, ar Donn, uair derbbhráthair
2024]
mo mháthar h-é, & as é ro oileasdar mhé, & gidh aigi-sium atá
2025]
in ríghi is acam-sa atá a tóthacht. Ocus do ghabh Donn a
2026]
arma & táinic {SG 139} roime co tech Conuill, co Dún na m-Barc. Innis
2027]
scéla dhuinn, a Dhuind, ar Conall mac Néil. Do indis Dond
2028]
mar tuc Cáilte na h-airm dhó féin & a beith ar sligid cum in
2029]
righ. Do-gébhu-som sin, ar Conall, ór as do Leith Cuinn dó,
2030]
& ar a n-derna féin do maith. Ro thaisfen
2031]
Donn na h-airm & na h-il-fhaebair tuc Cáilte dhó. Is ó deg-dhuine,
2032]
ar in t-airecht, fríth na h-aisceda út. As degh-dhuine immorro,
2033]
ar Conall, ór ni dubhrad mac ócláich re duine budh fherr anás.
2034]
Ocus do-riacht Cáilte reme dar Sruth na Feindi fothuaidh, &
p.58
2035]
tar Ard na Macraidi, risi n-abar Ard n-Glas isin tan-sa, & d' Fid
2036]
Mór, co facatar in dunad uaithib. Ocus mar at-conncas
2037]
Cáilte cum in dúnaid, do éirigh Conall co maithibh a
2038]
shlóigh & a mhuinntiri d' ferthain fáilte re Cailte, & suidis Cáilte
2039]
ar in carn a n-dorus in dúin, & suidhit in slúag uime.¶ 158
2040]
Do fhiarfaig Conall do Cháilte, crét ima tucadh Carn Gairbh
2041]
Daire ar in carn-so? Do freagair Cáilte in ceisd-sin, ór is
2042]
aigi do bhí a fis. Óclach gráda dh' Find mac Cumaill do bói
2043]
ann so, ar Cáilte .i. Garbh Daire mac Aenghusa mac rígh
2044] {Laud 610 folio 123a}
fer Muman andes, & ro bói ac dénam t-shelga
2045]
laithi n-aen annso, & ro bí selg taidiur taibs(en)ach aigi,
2046]
& ro marb tri chaeca dam & tri .l. muc & tri .l. eilit,
2047]
& at-conncadur lucht in tíre & in fheraind sin, & ro lingset chuice,
2048]
& rucsat a fiadach & a t-shelg uaide, & atorchair tri cét óclach
2049]
leis ac breith a t-shelga uada, & ro iadsat lucht in tíre uimme, &
2050]
do-rigned ubhall im rendaib de, & ro marbad h-é, & do-riachtamar-ne
2051]
tri catha na Féinne da dighailt, & do falmaigemar in
2052]
chrich & in ferann, & ro marbsamar trí ríga in tíre, & ro éladar
2053]
drong aile a n-ailenaib, conar' fhacamar acht beccan díb gan
2054]
marbad. Ocus adubairt Cáilti:
- 2055] Marbad Gairb Daire issin traig
lé Cenel Eogain imlain,
2056] marb-sum coeca laech malle
sunn a n-díghail Gairb Daire.
¶ 159
2057]
Ocus is sé atá issin charnn-so cona arm-gaisced, & is aici
2058]
ro bói slabrad Logha meic Eithlend ro bíd ac comet braiget
2059]
Mac Miled & Tuaithe Dé Danann aici.¶ 160
2060]
Ro bad maith lind, ar Conall, na h-airm & na h-il-fhaebair-
2061]
sin d' fagbail. Mad maith let, ar Cailti, tochailter in carnn
2062]
anocht. Ní h-ed , ar Conall, acht tochailter amairech h-é, uair
2063]
adhaig ann, & ól & áibnis do-gentar acaind anocht. Ocus tangadur
2064]
rompo issin m-bruidin moir, & tucad Cailti cona muintir
2065]
í tech n-derrait n-diamair, & ro frithailed iat commaith, & is sí
2066]
bá ban-cheili do Chonall, Bé Bhind ingen Muiredaig meic Fhínnachta,
2067]
ingen ríg Connacht. Maith m' anam, a ingen, ar Conall,
2068]
cid fata gairit bes Cailte abhos, tabair proind deich cét cach
p.59
2069]
láe dó, & cuirter ocht fichit bó a fér-gort gabala ina chomair,
2070]
& a m-blegon cach n-áidchi dó, & in nech do-berthar do as &
2071]
do lemnocht uaithib a tabairt dó.