Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

141


1772] Is annsin ro tócbait a cuirn & a cupada, & do bátar ac
1773] ól & ac áibhnes & ac urgairdiugad menman & aicenta. ‘Maith,
1774] a anum, a Cháilti’, ar Ilbrec: ‘c(ia da tibérthar) comus in chatha
1775] da tí Lir cona braithrib do dhíghail a eoin orainn?’ ‘Don tí
1776] da tabradh Find comus a chatha .i. do Derg Dhianscothach
1777] annsút. Inn gebhe de láim sút, a Deirg?’ ar lucht in t-sídhe.
1778] ‘Gabhaim cona shochar cona dhochar’, ar Derg. Ocus do bádar
1779] amhlaid in adhaigh-sin. Ocus nír' chian dóibh ar matuin gu
1780] cualatar seitfedach na n-ech & culgaire na carput, & glonn-béimnech
1781] na sciath & tairm in mhór-slóig, & táncadar 'mon sídh, &
1782] táncas asin sídh dá fhégad gá lín do bádar, & is edh do bádar,
1783] trí catha cródha commóra. ‘Pudhur leam-sa’, ar Aedh Minbreac,
1784] ‘a n-dingéntar annsin .i. bás & aidhedh d' faghbáil dúin, & ar
1785] sídh-brugh do beith ag cloinn Lir Sídha Finnachaid’. ‘Nach

p.51


1786] fedrais, a Aedh’, ar Cailte, ‘cu téit an trén-torc allaid ó chonuib
1787] & ó chuanartaib, & in tan ghabus a bedg in búiridan daimh allaid
1788] téit imshlán o chonuibh mar an cédna.’ 6Cáilte cecinit
    1. 1791] {F§}Ro soich tretirni tulaigh
      re cuanairt con craeb tubaid,
      1792] ó ro soich buirech a bedg
      re cosair conart crob-derg
      §

142


1793] ‘Gá comhlann as doilghe libh isin cath?’ ar Cáilte. ‘In
1794] fer as ferr engnam do Thuathaib Dé Danann’, ar siat, ‘.i. Lir
1795] Sídha Findachaidh.’ ‘An ní fa tucus-sa láimh in gach cath riam’,
1796] ar Cáilte, ‘.i. in comlann as ferr do bhiath ann do frithailimh
1797] ní léiceabh aniu re lár h-é.’ ‘Ocus caidhi do chomlann-sa
1798] dhúin, a Dheirg?’ ar siat. ‘Gá comhlann is doilghi lib 'na
1799] dhegaid sút?’ ar Derg. ‘Donn & Dubh’, ar iat-som. ‘Dingébhat-sa
1800] iat araen’, ar Derg. Ocus do éirghedar sluaigh in t-sídha
1801] amach a n-aein-fhecht cum in catha, & ro dibhruic cách a chéli
1802] dhíbh do shoighdibh (sith-go)rm(a) & do gháibh bega bir-ghéra
1803] & do (laighnib) lethan-glasa; & do chuired in c(ath) {folio 171b1}
1804] ó solus-trath éirgi do ló co medón lái. Ocus do comraic Cáilte
1805] & Lir Sídha Finnachaidh co fuilech fobartach, & torchair Lir
1806] a crích in chomraic le Cáilte. Is annsin do gabsat an dias
1807] deg-laech .i. Dubh & Dond dá mac Eirgi Anghlonnaig a h-Innsib
1808] Gaid
, ac coimét an chatha. Ocus is amlaid ro chuirset an
1809] gliaidh .i. Dubh a tosach na dírma & Donn re deg-fheithium
1810] 'na diaid. Ocus at-connaic sin Derg Dianscothach, & tuc a
1811] choirr-mér a suainemh na sleige, & tuc urchar ádhmur don fhir {SG 134}
1812] ba nesa do, gur' bhris a dhruim ar dhó, & go tarla i compar cléib an
1813] fir ba sia uaidh, gu torchratar don aen-urchur. Is ann as-bert Ilbrec:
    1. 1814] Do-rochair Lir le Cáilte
      ocus ní gním nach máidte,
      1815] do-rochair Donn ocus Dubh
      le mac Eoghain d' aen-urchur.
    2. 1816] Do mhinaigh in cath budhtuaidh
      ar Lir co méit a mhor-slúaig,
      1817] ni dhechaid dhíbh don muig mhas
      acht ein-triar gu n-deigh-eolas.

143


1818] Ocus táncatar rompa isin sídh iar m-buaidh coscair &
1819] commáidhmhe, & do gabsat nert & forlámhus ar Shídh Findachaid
1820] asa h-aithle-sin riamh. ‘Do shleagh duit, a Ilbric’, ar
1821] Cáilte. ‘Nír' chomadhas duit a rádh rim’, ar Ilbrec, ‘ór gin

p.52


1822] gu beth d' arm im Lir acht an t-sleg-sin as duit-si do-rachadh,
1823] ór comarba dílis dingbála di thú.’ Ocus do bátar teora lá &
1824] teora adaig isin sídh iarsin.

144


1825] ‘Maith, a anum, a Cháilti’, ar Ilbrec Esa Ruaidh: ‘cia
1826] airm a n-derna Find creidium, nó inn derna riamh?’ ar se.
1827] ‘Do-róine ón’, ar Cáilte. ‘Cáit a n-derna & crét adbar a dénmha?’
1828] ar Ilbrec. ‘Ag Druim n-Diamhair, risa n-abar Druim Dhá Én, ar
1829] in Sinaind, & ba h-é adbar in creitmhe ar bíthin Findine ingine
1830] Buidbh ro mharbh a céle féin .i. Conán, & ro mharbh cách a
1831] céli dhíbh .i. Conán & Ferdhoman, & do-riact an Fhian co
1832] Fidh n-Enaig, re n-abar Druim n-Diamhair isin tan-sa, & tucadh
1833] loing-shithal bán-óir do shaigid Fhinn, & do innail a ghel-ghlaca,
1834] & do chuir in t-uisqi eochar-ghorm im a ghnúis, & tuc a ordain
1835] for a dhét fis, & do faillsiged fír dhó & do ceiledh gái fair, & do
1836] faillsiged do gu ticfadh in Táilceann tabarthach re dereadh
1837] domain, & gu n-gébadh tech ar leth Eirenn .i. Ciarán mac an
1838] t-Saeir
’. Ocus adubairt Cáilte:
    1. 1839] Inmain ceall (bus comra)mach
      bias fo eochair na h-abhunn,
      1840] (inmain fertán forba)rach
      bidh anacal mór n-anum.

145


1841] {folio 171b2} Ocus do-riacht fis an chomhraic-sin cucainn conice-
1842] sin, & do-righne Find in creidemh-sa ann & fuair nemh trit:
    1. 1843] Mairg féinnid at-cuala in scél
      ar techt duin co Snámh Dha Én,
      1844] aidhed Conáin Maeil don Mhuigh
      ocus aidhed Fherdhomain.
    2. 1845] Druim n-Diamhair
      a ainm so cusna fiannaib,
      1846] Druim n-Énaig ó sin ale
      d' énach Fhind is na Féinne.
    3. 1847] Is amra in gein berthar ann
      do deoin Ruire na rochlann,
      1848] mac dingbála rígh nime
      aingil ica fhurnaidi.
    4. 1849] Bidh eisidhe Ciarán caidh
      is é berthar 'san ríg-raith,
      1850] gébuidh leth Eirenn male
      Mac in t-Saeir a Muirtheimhne.
    5. 1851] Rachait faghlaidh a chille
      bás obunn do ruaidh-rinne,
      1852] crochad is riaghad gan rath
      ocus iffern íchturach.
    6. {SG 135}
    7. 1853] Aderim-se ribh-si dhe
      as fír dhamh in fháitsine,
      1854] creidim Athair ocus Mac
      is Spirat Naem a n-aein-fheacht.
    8. 1855] Sáilim flaithius ríg nimhe
      as ferr iná gach fine,
      1856] in rom-cuir ar cairdi
      nim-léicfe fo bith-mairgi.

p.53

146


1857] Do bátar isin t-sidh iarsin gu cenn cáicdigis ar mís. ‘As
1858] mithig dúin imthecht’, ar Cáilte, ‘ór atámuit re h-athaid abhus.’
1859] ‘Bennacht Dé & dáine abhus ort’, ar lucht an t-sídha, ‘& gid
1860] choidhche bidh áil duid beith acainn fo-ghébtha. Ocus ac sud’,
1861] ar Ilbreac, ‘ó's imdecht do-ní, nai n-édaigi lígda lennmhaisecha, &
1862] nái scéith & nái slegha & nái cloidim inntláis órdhaidi, & nái coin
1863] caeimh-shelga duit.’ Ocus do thimnadar ceileabrad, & do fhácbatar
1864] bennachtain, & rucsat buidechus, & gér'bh fada an cath-sin, ba
1865] foidi le Derg n-Dianscothach (scarad) le(a) choicle & le a chomhalta
1866] bhudhéin, ór nír' faide leis in lá do scar re Find & risin
1867] Féin iná in lá-sin.

147


1868] Táinic roimhe Cáilte in naenbhar óclach sin, & do bí a
1869] Sliabh Cuire & a Sliabh Cairbre & a Sliabh Céide budhtuaidh
1870] & do Chathair Daim Deirg, & nír' chian do bátar ann, co facadar
1871] in dias niamhdha n-dath-áluinn ara cinn isin carn .i. óclach áluinn &
1872] ríghan a com-aeisi 'na fharradh. Fiarfaigis an t-óclach scéla do
1873] Cháilte, & do innis Cáilte a scéla dho. ‘Do mhuintir Finn meic
1874] Cumaill dam, & Cáilte mac Rónáin m' ainm. Gá comainm thúsa,
1875] a óclaich?’ ar Cáilte. ‘Eoghan Flathbrughaid m' ainm’, ar sé, ‘& do
1876] shen-mhuintir Chair(bri) Lifechair mheic Cormaic dam. Ocus Becnait
1877] Banbhrugaid
ainm (na) mná maithe si, & com-aeis dam-sa & di. Ocus
1878] as slan deich fichit bliadan duin araen.’ ‘Na(ch raibi){folio 172a1}
1879] maithes mór-adhbhul acat-sa, a óclaich?’ ar Cáilte. ‘Ro bhói immorro’,
1880] ar Eogan, ‘ar ní raibhi ó Es Ruaid Meic Mhodhuirn gu
1881] Cnoc in Fhomhoraich budhthuaid, re n-abar Torach thuaiscirt
1882] Eirenn nach raibhi finn-airghi gach re m-baile nó gach treas baili
1883] dib acam.’ ‘Cidh ro dhíghbadh sin’, ar Cáilte. ‘Torathar táidi &
1884] fomor fir-grána & mac mí-raith ro mhill sinn, & ro chaith na secht
1885] tricha cét comlána co na fil nech re gabáil forba na ferainn co ro
1886] fhásaigh uile arna n-díthugad-som, & ro dighbadh & ro airg
1887] mhisi dano acht oct fichit find-airghi do deired mo mhaithiusa
1888] ocum.’ ‘Cáit a m-bí in fer-sin?’ ar Cáilte. ‘Carrac comdaingin
1889] cloichi atá rinn atúaid ar an cuan coimlethan, is ann bhís, &
1890] beiridh lán a luinge leis a triur muinntiri & comhlín ceithre cét
1891] é féin, & comlín tri cét a chú, & {SG 136} comlín tri cét a ingen, & ní
1892] chumngann nech ní dóibh.’ ‘Cáit a tic-sium isin cuan?’ ar Cáilte.

p.54


1893] ‘Risin m-baili aníartúaid amne’, ar Eogan. Do bádar ann re
1894] h-edh na h-oidhchi-sin, & ro freastladh & ro frithoiledh da gach
1895] leith iat.

148


1896] Do éirigh Cáilte a oenar cu moch arnamhárach, & ro ghabh
1897] a sciath & a chloidem & a dhá shleig, & táinic roime cusin
1898] carraic n-di-thoghlaidi do thaeibh an chuain, & do bí re h-edh &
1899] re h-athaid ann, co facuidh in curach da innsaigid, & triar isin
1900] curach .i. madra gairbh-fhindach glas-odhar & slabrad agarb
1901] iarnaidi ima bhrághait, & scailp ingin maeili duibhi fa cosmail
1902] re beinn cairrgi do chéin h-í a tosach in churaig, & birga imdaingen
1903] iarnaidi ina láim, & in t-eathach a n-deiredh in churaig,
1904] & do gabsat cuan & calad a comfhocus do Cháilti, & do gab
1905] gráin & egla Cáilte rompa. Adubairt an fer mór re a ingin:
1906] ‘Oslaic don choin’, ar sé, ‘& léic cum in aen-duine móir út
1907] h-í cu ro loingi a lór-dhaethain de re n-dul ar fect & ar turus.’
1908] Ocus ro osluic an ingen don choin, & gabus gráin & egla Cáilte
1909] roimpi nar' ghabh riam a cath ná a comlann. Ocus adubairt:
1910] ‘Mo Dhúilium & mho Tháilgenn uaim-se an bar (n)-agaid’ , ar
1911] Cáilte. Ocus gothnait umhaidhi do bhí aigi ro di(braic rod
1912] n-urchair di cum na con, cu tarla in dara (cenn don bhi)r isin
1913] carput uachturach & in cenn (ele isin carput)íchtarach, cu ros-dúin
1914] a glomar, ‘ocus do thuit asin curach (co)mad i n-domain in
1915] mara fuair bás’ {folio 172a2} & do chuir in tonn i tír h-í iarsin.)

149


1916] Táncatar an dias eli a tír ar amus Cáilti, & do comraicset
1917] co dána dúrcraidech ris, & tuc an ingen .xxx. gon ó ladhair
1918] a choisi có a urla air, & tuc Cáilte béim cloidim di gur' léic
1919] a h-abach & a h-inathar aisdi. Ocus ro dhánaigh & ro dhíchraigh
1920] in comrac risin b-fer mór, & do-ríne trí h-oirdne ur-granna dhe,
1921] & ba h-í in treas ordu dhíbh, a cenn. Ocus do ben a trí cindu
1922] dib, & tuc leis iat cum na bruidhne, co tech Eogain.
1923] Do éirigh Eogan & muinter Cáilte, & tucsat aithne ar na cennaib-
1924] sin, & ro altuighset in gnímh, & is Cailte co h-anmhunn étlaith.Cáilte cecinit:
    1. 1926] {§}I n-adhaigh a tigh Eogain
      is im craide ata a beo-ghuin,
      1927] facaim Maelan is a chú
      ar in tracht, na comnaidhiu.
      §

    2. p.55

    3. 1928] Marbaim Maelan is a cú
      is a ingin can caem-clú,
      1929] ó maidin co trath érgi
      ro bo cruaidh ar comergi.
    4. 1930] Gachar' shires tess is tuaidh
      don doman co mét mor-shluaigh,
      1931] ní fuaras i n-uair na a ló
      a comolc na h-aidci-so.

150


1932] Ocus ro thuitset taisi & táimnéllu fair, & tucad losa ícce da
1933] innsaigid, & bái re h-edh caicdhighis icá leighius, co n-dernad
1934] sleman sláin-chréchtach dhe.