Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

121


1595] ‘Cia risa n-derna an rith dian doilig, a Dheirg?’ ‘Risan
1596] ech n-dub ro bái ac Dil Mac Da Creac’, ar Derg:
    1. 1597] Each dubh ac Dil Mac Dá Creac
      in gach cluiche ro chuirset,
      1598] ocon carraic ós Loch Gair
      ruc trí lán-bhuadha an aenaig.

122


1599] ‘Gá tech a rabhumar in adhaigh-sin, a Cháilti?’ ar Derg. ‘A
1600] {SG 129} tigh Catháir meic Ailella’, ar Cáilte, ‘ar m-breith Finn & na
1601] Fénne leis ar cuiredh. Ocus do bámar teora lá & teora h-oidhchi
1602] a tigh Catháir cen athscis, gan uiresbaid bídh na
1603] leanna na leasaigthe ar ar sluagaibh’. ‘In tucsam ní dhó, a
1604] Cháilti?’ ar Derg. ‘Tuc Finn’, ar Cáilte, ‘trí cét bó & .ccc.
1605] brat & tri cét uingi dh' ór.’ Ocus adubairt Cáilte:
    1. 1606] Trí cét bó is trí cét brat
      trí cét claidem ba comnart,
      1607] do-rad Finn fiach a leanna
      do Caithír mac Ailealla.

123


1608] ‘Cia tuc in t-ech dub d' Fhinn?’ ar Derg, ‘an h-é Dil Mac
1609] Da Creaca
nó an h-e Caithir mac Ailella?’ {F§}Fregrais Cáilte co
1610] comnart sin: ‘Ní nechtar dib’, ar Cáilte, ‘acht
§ Fiacha
1611] Muillethan
mac Eogain’, ar Cáilte; & adubairt:
    1. 1612] Ac súd duit-si an t-ech dub dian
      ar Fiacha re flaith na fian,
      1613] ac sut mu chloidem gu m-blaidh
      ocus ech uaim dot araidh.
    2. 1614] Luid Finn d' imluad an eich duibh
      gusin tráigh ós Berramuin,
      1615] is teichim-se di fo trí
      or baam luaithi aná gach ní.

p.46

124


1616] Ocus luidh an t-ech gu cenn iartharach na (trá)gha, & fuair bás
1617] ann do ghal retha, conad Tráigh in (Eich) Duibh ainm na trágha,
1618] & Tráigh Berramain a h-ainm co sin.

125


1619] ‘(Is dered do ló) ann’, ar Cáilte, ‘ór do-chuadar neoil áilli
1620] (aen-gela) an lái as, & táncatar damalta dorcha {folio 170a2} na
1621] h-aidchi chucainn’.

126


1622] As annsin táinicc Derg Dianscothach roime isin sídh
1623] anunn d' urfhuigeall Cháilti re h-Ilbreac Easa Ruaid & re h-Aedh
1624] Minbrec
mac an Daghdha, & do innis a imacallaim re Cáilte
1625] ó do-riacht chuice co h-aes na h-uairi-sin. ‘A thabairt isin sídh’,
1626] ar siat, ‘ór do-chualamar a einech & a engnam.’ Ocus luidh
1627] Derg ara chinn, & ruc leis é cona mhuintir, & ro (suidigedh)
1628] iat ana n-inadaib dílse dingbhála isin t-síd. Ba h-í-sin aimser
1629] do-rála cocad mór idir Lir Sídha Findachaid & Ilbreac Easa
1630] Ruaid
, & ticedh én co n-gob iarnaide & co n-err teinedh ar fuindeoig
1631] ordhaidi isin t-sídh, & do chrothadh é gacha nóna ann, cu
1632] nach fácbadh claidem ar cenn-adairt, ná scíath ar dealgain, ná
1633] sleg ar aidhlinn, gan leacadh a ceann lochta in t-sídha. Ocus do
1634] bítis lucht an t-sídha ica dibhracad, & cech urchar do-berdis
1635] cuici
is ed do thecmad ar cenn meic nó mhná nó
1636] dhalta do lucht in t-sída . Ocus ro h-ecradh a tech n-ola in
1637] adhaigh-sin aca, & do-riacht in t-én cédna chuca & do-róine
1638] in t-aidmilledh cédna. Ocus do bhádar luchd in t-sídha 'ga
1639] dibhrucad & nir' chuimngetar a bec dhó.

127


1640] ‘Cia fot atá in t-én mar sút?’ ar Cáilte. ‘Ré bliadna anosa’,
1641] ar Derg, ‘ó ro gabsam cocad & lucht an t-sídha aile.’ Ocus
1642] it-bert Ilbrecc so and: Fó fos nargart fiad firu airm n-grindi
1643] colg dremni dibad dasachtach ni duindi is fó .Fo. fos

1644] 4

128


1645] Is annsin tuc Cáilte a láim a comraidh a sceith, & fleasc
1646] umhaidhi bái aige, & tuc urchar don eon di trena ucht
1647] cu rus-marb d' oen-urchar, co tarla {SG 130}ar lár in t-sídha cuca
1648] é. ‘In n-derna nech riam lámach budh fherr iná sin?’ ar Ilbreac.
1649] ‘In raibi isin Féin’, ar Aedh Minbreac Esa Ruaid, ‘nech bhudh

p.47


1650] commaith lámach frit-sa?’ ‘Báigim-se mu bhréithir ris’, ar Cáilte,
1651] ‘nár' bo cóir do neoch sech araili díb bocasach do dhénam, ór
1652] do bhí a lór-dhaethain lúidh & lámaigh in gach fhir dhibh, &
1653] do bhí indam-sa, 'no’, ar Cáilte.

129


1654] Is annsin tuc Ilbreac a láim secha suas, & tucastar gái
1655] nemnech áith uillind-glas da h-aidhlinn, & tuc a
1656] láim Cáilti h-í. ‘Decha lat, a anum, a Cháilti, cia in t-sleg-sin,
1657] & cia d' fhiannaib Eirenn ica raibhi?’ Ro benastar Cáilte a foirtcedh
1658] & a h-incasnaidi don t-sleig, & do bátar tricha semann d' ór thíre
1659] Araibe ar a (chró. ‘Aithnim-si so’, bar Cáilte): sleg Fiachach meic
1660] Congha, (& is ón t-sleigh-si) {folio 170b1} do ghabh Find mac Cumuill
1661] ríghi Fíann Eirenn & Alban ar tús, & a Síd FinnachaidSídh fhér-uaine
1662] Fhinnachaid
tugad í, & Aillén mac Midhna do Thuathaib
1663] Dé Danann
do tigedh ó Charn Fhinnachaid atuaid co Teamraig,
1664] & is amlaid ticedh, & timpain ciuil 'na láimh, & do codlad
1665] gach nech at-cluinedh h-é, & do chuiredh ainnsein cairche teined
1666] as a bheol, & ticedh co Temhraig i líth-laithi na samhna gacha
1667] bliadhna, & do seinnedh a thimpan, & do chodladais cách risin
1668] ceol sídhi do-níth, & do shéidedh a anáil fon cairche teined, &
1669] no loiscedh Temhair cona turrscar gacha bliadna amlaid-sin
1670] fri ré trí m-bliadan fichet. Ocus ba sí-sin aimser a tucad cath
1671] Cnucha, & do thuit Cumull mac Trénmhóir and, & do fhácaibh
1672] ben torrach da éis .i. Muirne Munchaemh ingen Taidg meic
1673] Nuadat.

130


1674] Ar n-díth Cumhaill tugad rígh-fhéinnidhecht Eirenn do
1675] Gholl mór-glonnach mac Morna, & do bí deich m-bliadna aigi.
1676] Rucad iarum mac do Chumhall .i. Finn, & do bhí ar foghuil
1677] & ar díbhfheirg cu cenn a dheich m-bliadan. Ocus do-rónad feis
1678] na Temra isin dechmad bliadain le Conn Cétchathach, & amail
1679] ro bátar fir Eirenn ag ól & áibhnes i Tigh mor Midchuarda
1680] nír' rathaigset ní no gu riacd in maccamh óg il-dealbach cucu,
1681] a cind a deich m-bliadna, & ro shuidestar a bh-fhiadnaise
1682] Cuind Chétchathaig, & Ghuill meic Morna, cu maithib
1683] Fian Eirenn uime isin tig, & ba do bhuadaibh feisi na Temra
1684] na lamadh nech fala ná frithfala do thabairt fri ré caeicdigis 5
1685] ar mhís airet bíte ag ól — nó do chaithim — feisi na Temra.

p.48


1685a] Ro dhech Eirenn in macamh, doigh nir' aithnidh dho h-é ná
1685b] do nech eli da raibhi isin bruidin.