Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 101
1310]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti! ar Pátraic, is maith
1311]
an scél do innisis duinn: & scríbhtar an scél út lat, a Brocáin,
1312]
& do scribh Brógán.¶ 102
1313]
Ocus do bádar annsin re h-edh na h-aidhchi-sin, & do
1314]
éirghetar co moch arnamhárach, (&) táncatar rompa i Ré Carpuit
1315]
Fearghusa, fris(a r)aidhter Imaire Meic Chonnrach isin tan-so, &
1316]
do Cnuc na Ríg, frisa n-abar Uarán n-Garad, & do gabadh
1317] {folio 168a2}
sosad & longphort les ann, & do srethad a phuball
1318]
tar cend irsi na n-Gaedel .i. tar Pátraic, & do chan
1319]
a thrátha annsin, & do bennaig an tuluch taebh-áluinn togaidi
1320]
& do ráidh: Bid h-í so an t-ochtmad releac dhéc bhus dili leam
1321]
a n-Eirinn. As eadh ar doilghi, ar rí Connacht, gan uisce a
1322]
comfhochraibh di. Madh deoin don Dúilemain, ar Pátraic, biaid
1323]
usce annso.¶ 103
1324]
Is annsin ad-racht Pátraic & beann cairrgi cloichi ad-connaic
1325]
a n-imeal in bhaili táinic do h-innsaighidh, & saidhis a trosdán
1326]
isin carraic gur' ben re grian & re grinneall, gur' mebhadar
1327]
trí sreabha d' uisqi eochar-gorm fir-uaine asin carraic.
1328]
Fácbala ar in tiprait, a naemh Patraic, ar Beneoin. Coimgi
1329]
gu cenn nomhaidhi do gach neach ibhes a h-uisqi, ar Pátraic,
1330]
& ma h-uime bus marb é nem Dé dó, & usce Eirenn
1331]
uili do dhighbhugud fo trí re {SG 123}deiread an domain tre mhóid in
p.38
1332]
Dúileman, & Eire do leasugud asin tiprait-si, & in t-uisqi-se fo
1333]
trí do thabairt cum duine galair, & ni fhuil aincis nach foirfe.¶ 104
1334]
Indis athscél duinn, a Cháilti, ar Patraic. Indésat, ar
1335]
Cáilte, scél ima tarmairt fianna Eirenn, etir choin & duine, do
1336]
mharbad aran tulaig-si a d-tai. Guaire Goll & Flaithes Faebrach,
1337]
dá ghilla imairchthe fithchle Find, & táinic óclach d' imirt
1338]
fidchle re Guaire ar an tulaig-si .i. Finn Bán mac Breasail,
1339]
mac rígh Laigen. Imérat-sa geall friut, ar Guairi Goll. Crét
1340]
in geall? ar Finn. Tri uinge d' ór ó chechtur againn co ceand tri
1341]
lá & tri n-aidchi, ar Guaire. Ocus is amhlaid do bí
1342]
Find Bán as é an treas fidcheallach as ferr do bhí isin Féin
1343]
h-é .i. Finn mac Cumaill & Diarmaid o Duibhne & Flaithius
1344]
Faebrach gilla na fidchli.
{F§}Ocus ro raid Oisin so and:
- 1345] Flaithius Faebrach gilla Find
's é is ferr ro imred fithchill,
1346] nocha tarraid ar clár beirt
lámh budh áille ica h-imbert
§
¶ 105
1347]
Ocus do imredar an dias-sin re trí lá , & ní ruc Guaire
1348]
én-chluichi rissin, & do thuit a gheall uadha, & tucastar ail &
1349]
aithis ar an óclach ele, & adubairt nár' ghilla a n-gillaighecht
1350]
h-é, & nár' óclach i n-óclachus & nár' ghaisceadach a n-gaisced.
1351]
Ocus tócbus Finn Bán in láim, & tuc dorn do Ghuaire co tuc
1352]
trí cláir-fhiacla asa charpat uachturach & tri fiacla asa charpat
1353]
ichtarach. Ocus do tarla ina luighe (ar) chlár na fidchle.
1354]
Indister sin (don rígh-feinnid), & adubairt Finn Bán (cona
1355]
mhuintir do mharbad). Dom bhréithir, ar Oisin, ní muirbfider,
1356]
acht ra(chaid i m-breith) Cáilte & Diarmata í Dhuibne & Fher(gusa
1357]
Fínbeoil) (.i.) {folio 168b} ollaim na Féinne, duit-se, a Fhinn.
1358]
Ocus rucsat an triar-sin a m-breith .i. áit a comraicfisi & gilla
1359]
Finn Bháin tabair-si dorn dó, & rachaid ascaidh duit-si leis
1360]
sin .i. uingi d' ór ó gach tháisech Féinne d' fiannaib Eirenn;
1361]
& do-rónad síd amlaid-sin acu.
1362]
Ocus a cinn fichet bliadan tángamur gu Caill Coimhéda
1363]
i crích Ua Tairrsid Laigen, risa raidter Druim Criadh isin
1364]
tan-so, & do-chuadar an Fhian do sheilg, & do fhacbhatar óclach
1365]
don Feinn ac coiméd in bantrachta dar' bho comainm Garad
p.39
1366]
mac Morna, & is amhlaid do bhí Garad annsin 'ar techt urmhóir
1367]
a aeisi, & 'ar marbad a bhráithrech acht becan namá.
1368]
Ocus adubratar na mná ris-seom: Maith, a anum, a
1369]
Gharaid, in áil let-sa fidchell d' imirt frinne? Ni h-áil immorro,
1370]
ar eisium. Cidh ón? ar an bantract. Laithi n-aen do bámar-ne
1371]
ac Tulaig na Rígh & ag Loch an Eoin a cuiced Connacht, & do
1372]
innis an scél dóibh, & is é so é, a naemh Pátraic. Ocus adubairt
1373]
ben dibh: nách uime do fácbhadh Garad inar farrad-ne
1374]
do dhénam theined duin & d' imirt fidchle rinn, uair do-chuaidh
1375]
ara lúth & ara lámach, & loighi aeisi {SG 124}dho in loighi a d-tá.
1376]
Darm' bréithir, ar Garad, is glor ban m-bidhbad sin, & gidh
1377]
fada do beinn-si a coimhlenmain na Fénne nírsat carait bunaid
1378]
fa deredh iat. Is annsin ro addá theinid moir isin m-bruidin
1379]
& ro dhúin na secht n-dorais bai uirre, & táinic féin amach &
1380]
tuc a airm leis, & adubairt riu-san an sen-rann:
- 1381] A mna áilli Fénne Finn
imridh-se féin bhur bh-fhidchild,
1382] sib-si sósar in rígh ghlic
misi senóir, sean m' imeirt.
- 1383] Bruth aeisi orm snas ar sin
an comhaes re bhar n-aithribh,
1384] is áithe cach n-delg as só
níchom-aeis ar comh-chluicheo.
- 1385] Cumain lim lá ag Loch an Eoin
ni maith senóir gan sein-sceoil,
1386] do tarmairt ar n-ár uili
tre imarbháigh én-chluiche.
- 1387] Do bí Guaire gilla Finn
ag fáith-imirt ar fidchill,
1388] ocus Finn Bán mac Bresail
da tarla dóibh imresain.
- 1389] Dob ferr d' im(ertach) Finn Bán
iná Guaire a Glaiss berrán,
1390] ruc Finn Bán cetra cluichi
ní ruc Guaire (acht én-chluiche).
- 1391] (Fásaid ferg mór) a n-Guaire
re mac Bresail brat-uaine,
1392] do-ráidh olcc (daririb ris)
(tré)na beirt n-dírig n-dílis. {folio 168b2}
- 1393] Ba mór imnairi Fhinn Bain
is tócbaidh gu luath an láimh,
1394] gur' ben tar bél Guaire gloin
dorn ó mhac buadach Breasoil.
- 1395] Eirghit suas an Fhian amra
fhial oscurdha fhír-chalma,
1396] saeth leo gilla na flatha
do bhualad tré droch-fhatha.
- 1397] Eirghit suas fianna Find bháin
is fian meic Cumaill d' én-láim,
1398] fiann Cáilti, fian Conáin chain
fian Oisín, fian Fherdhomhain.
- 1399] Ergid a l-los gaiscid gloin
fiann Find fein, fian Mail Enaigh,
1400] fian Duib Drumann a Ros Guill
fian Guill ocus fian Irguill
- 1401] Is ann adubairt Find féin
dech amuich, a meic mhóir-tréin,
1402] cidh 'ma fuil ferg na Fénne
crét adbar a coiméirghe?
p.40
- 1403] Guaire do ghilla-sa, a Fhinn
óclach do bhi fot fhidchill,
1404] ni maith in t-adbar da fuil
a marbad do mhac Breasuil.
- 1405] {F§}Gabar mac Bresail cen brath
ar mac rechtaire Temrach
1406] baeth do neoch cemad tren-fer
marbad gilla in righ-féinded§
- 1407] Gabhthar mac Breasail, ar Finn
ná gabhthar comha da chinn,
1408] ní ba comairce dhó dhe
Diarmait, Oisín, ná Cáilte.
- 1409] Dar do láimh, a Fhinn gu n-glóir
dar h' uaisli is dar h' onóir,
1410] ní muirbhfither mac Breasail
ó tarla 'na imreasain.
- 1411] A athair, oiris 'gut chéill
a mheic Cumaill, ar Oiséin,
1412] breth dírech as dú do fhlaith
is ní briathar bhaeghal-bhraith.
- 1413] Gidh sinne no beth gan chosc
dit-sa dlegar ar tecosc,
1414] tabair fod déid fis do mér
na beir luaith-breith ar leith-scél.
- 1415] Gabhthar Faelchu mac Fir Chruim
gilla meic Breasail barr-truim,
1416] mad do marb-san Guaire glan
marbhthar lat-sa féin Faelchad.
- 1417] Tiaghmait i n-degaid Fhinn Bháin
ó mac Cumaill einech-náir
1418] co tucsam mac Breasail lenn
co righ-fhéinnid Fían Eirenn.
- 1419] Do fhiafraig Find d' Finn aili
Find mac Cumaill Almhaine,
1420] créd 'má raibhi do Ghuaire
ar n-imthecht ar n-anbhuaine?
- 1421] Guaire do ghilla-sa, a Fhinn
bachlach do bhí fat fhidchill,
1422] táinic tri maitne muichi
rom-greannaig fa én-cluichi.
- 1423] Rucus cetra cluchi annsoin
ar Ghuaire mac Beobeartoigh,
1424] rom-loisc in uair fa lonn leis
tre fheirg ocus tre aitheis. {SG 125}
- 1425] Do-rat orum aithis tenn
a fhiadhnaisi Fhian Eirenn,
1426] nír' bhám gilla, nir'bam laech
tan ba h-airc nír 'bham óclaech.
- 1427] Tócbhaim mu láim n-dirigh n-deis
nocha n-dernas ann eisleis,
1428] do-radus dorn dara bhél
ni innisim acht fír-scél.
- 1429] Bennacht don láim do-rat dó
ar Oisín, ní h-im(argó(,))
1430] do gilla-sa, a Fhinn na fledh
ní gan fath(adh do buailed).
- 1431] Muna maithi in dorn co daith
ícfaither rit, a (ard-flaith),
1432] rot-fia screabal óir gach fir
olc dia (m-bíthea gan chluinsin). {folio 169a1}
- 1433] Doigh damad maith let-sa sin
a n-olc do chosc ót ghillibh
1434] Guaire, Comán, Saltrán seng
ag imdergadh fian Eirenn.
- 1435] Guaire do imderg Finn Bán
Glas d' imdergad do Chomán,
1436] mó gach scél Saltrán solam
do rádh uilc re Ferdhoman.
- 1437] Finn mac Breasail ó Ráith Chró
mad thuc dorn dod ghilla-so,
1438] tabair a fhlaith na corn cain
dorn do gilla meic Bhreasail.
- 1439] Beir mo bennacht, eirg dot thoigh
ar Finn re Finn mac Bresail,
1440] luach a n-dubairt Guaire féin
dligid sár-briathar sár-béim.
- 1441] As í ascaidh iarruim ort
a flaith na fian faebhar-nochd,
1442] narub bés ó aniu cu bráth
gilla d' fhuigeall re h-óclach.
p.41
- 1443] Tucsam lughi lámh do láim
fian meic Cumuill einech-nair,
1444] nach lémadh beith a b-féin Fhinn
gilla nach tibhredh uirrim.
- 1445] Misi as gilla dháibh anocht
orraim uaim dhaibh, a bhanntrocht,
1446] tucus form bréithir theglaich
nach trotfainn re h-ingenraidh.
- 1447] Gidh cian do bheimís male
a bhanntracht Finn Almaine,
1448] cein bus cumhan lim rem lá
ni imér-sa ribh, a mhná.
¶ 106
1449]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti, ar Pátraic, is maith
1450]
an fis & in forus-sin do innisis.¶ 107
1451]
Ocus do éirghetar in slógh rompu do Carnd na h-Airmi,
1452]
risi n-abar Carn Fraeich meic Fhidhaigh isin tan-sa,
1453]
, & táinic Pátraic suas isin cnuc. Maith a anam, a
1454]
Cháilti, ar Pátraic, ar' chreideabair-se do ríg nime & talman,
1455]
nó an fetubair a beith ann etir? Frecraidh Cáilte sin: ro fitir
1456]
in flaith-féinnid, ar Cáilte, ór ba drai & ba fáidh & ba flaith
1457]
é, & do thuicemar-ne uili cu raibhi Dia ann tré urchra n-oidche
1458]
ad-conncamar. Crét an urchra-sin? ar Pátraic. Teg(l)ach mór
1459]
bái ag rígh Eireann ac Cormac mac Airt, deich fichit mac ríg
1460]
bá sedh a lín, & ní bái duine díb-sin acht mac rígh & ríghna,
1461]
& ni tabrad duine dib-sin ben acht ingen righ & righna
1462]
& ac Ros na Rígh fria Te(mhraig) anorthuaidh no bítis.
1463]
Crét in ros éisein? ar Pátraic. Ros Cailledh, ar Cáilte, &
1464]
míle do cenél gacha crainn ann. & do bhí ríg-bhruiden romór
1465]
ann ag na macaibh rígh sin, & ní déntai acht a cuid do thidlacad
1466]
o Themhraig dóib, & do bádar iar n-ól & iar n-áibnes
1467]
adhaigh ann, & ro déirget a n-imdaidhi dóibh, (& d)o bádar
1468]
ann re h-edh na h-oidhchi-sin.¶ 108
1469]
Is annsin (tái)nic prímh-rechtairi na Temrach .i. Binde
1470]
(Bóinde) d' agallaim mecc rígh Eirenn do bhí isin bruidin, (&
1471]
ro dhéch) {SG 126}uime in tech, & is amlaid do bátar, {folio 169a2} & siat
1472]
marbh uili, & do thuicemar assin go raibi in
1473]
fír-Dhia forórdha ann .i. in nech aca raibe comus & cumachta
1474]
orainn uili. Ocus at-bert Cáilte:
- 1475] Baili na ríg, Ros Temhrach
ann ba meinicc mór-theglach,
1476] ba h-imdha sluag is groigi
ar a thaebh go tonn-ghlaine.
p.42
- 1477] Deich fichit mac rígh ba ráin
do bí 'san teglach trom-náir,
1478] an coimlín cétna do mnáibh
do bhí 'san tulaig thonn-bháin.
- 1479] Ni faca urchra mar soin
a Pádraic uasail idhoin,
1480] iar n-dul uili as male
in slóg do bí i n-én-bhaili.
¶ 109
1481]
Ocus do h-adlaiced isin tulaig-sin na deich fichit fer & na
1482]
deich fichit ban sin, conid Cnoc an Áir ainm in chnuic ó sin alé,
1483]
& dála na cailledh a rabatar ro shluic an talam fana comair in
1484]
ros uili, & ro thuicsem ríg nime & talman trít-sin, ar Cáilte.¶ 110
1485]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti, ar Pátraic.