Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 91
1160]
Áth ísseal ar Magh Mínadhbul, cidh dia tá? ar Cainén.
1161]
Connla Derg a Cnuc Dhein ro ghonasdar Fiacha Muillethan
1162]
mac Eogain ann, & Áth Tuiseal de-sin h-é. Ocus at-bert Cáilte:
- 1163] Ath Tuisil ainm an átha
do chach as fis fírfhátha,
1164] tuseal tuc Connla Cnuic Dhean
ar Fiacha maith Muilleathan.
¶ 92
1165]
Ocus cath Samna, ar Cainén, cia lasa tugadh & cia
1166]
thorchair ann? Cormac Cas, mac Aililla Óluim, tucastar h-é
1167]
d' Eochaidh Abhratruadh do rígh Uladh atuaidh, & do tuit ann
1168]
Eochaidh Abratruadh, & do buailed Cormac Cas ann, & ro bhái
1169]
trí bliadna déc ica leighius & a inchinn (ac si)led, & sé a ríghi
1170]
Muman ris-sin. Ocus do-rónad dúnad (& deg-bai)le aigi ac dún
1171]
ar sléibh, & is amlaid ro bhái (in dúnad s)in, & loch-topar grinn
1172]
glainidi ar lár an (dúnaid), & do-rónad rígh-thech romhór aigi
1173]
imon {folio 167a2} tiprait, & ro saidhit trí liagána cloiche uimpe,
1174]
& ro suidhiged leabaidh in rígh & a cenn siar idir na trí h-uaithnibh
1175]
cloiche sin, & óclach grádha da mhuintir ag tabairt uisce
1176]
a cuach nó as sithal ima cenn. Ocus fuair-sium bas iarsin
1177]
ann, gur' cuired fo fhochlaidhibh talman h-é isin dún-sin. Ocus
1178]
as de-sin atá Dún Trí Liacc d' ainm fair, ar Cáilte. Ocus as
1179]
é-sin in scel ro fhiarfaighis dim, a Cainéin, ar Cáilte. Ocus
1180]
adubairt Cáilte an láidh:
- 1181] Aibhinn gidh in dún-sa thair
risa n-abar Dún Eochair,
1182] as aibhne fós o thic lá
loighe Sadhbha is Oililla.
- 1183] Marbh Sadb do chumaid Meic Con
ro gaet Ferchis d' aen-urchor
1184] don fhairind ana fharrad
marbh Ailill do thámh-ghalar.
- 1185] Ba marbh Eogan Mór gan mheth
a cath Mucramha maeithnech,
1186] borr-shlat ro las ó ghnímuib
marbh Cormac Cas d' fhuill-ídhain.
- 1187] Goin Fhiacha Muillethain mas .
meic Eogain gu n-airechas,
1188] lór a sholmha ro bái tan
ro gaet Connla ic Áth Leathan.
p.34
- 1189] {F§}Ocus Áth Lethan bodhéin
sloindit sár-fir co sár-céill
1190] is Dun Eochair os maidh móir
caidhi fochaind a claechlóigh?
- 1191] Áth Sisel ainm in atha
is e so in fis fírfádha,
1192] don tuisel tuc Connla a Cnucc Dean
ar Fiacha maith Mullethan.§
- 1193] Cath Samhna ro ládh ann soin
ann ba raen madma ar Ulltaib,
1194] do buailed Cormac 'san cath
do marbad rí na n-Ulltach.
- 1195] Tángadar a chnedha ris
re mac rígh fega findlis
1196] gilla nár' bho dimbuan bladh
usce innfhuar ro fhoiread.
- 1197] Gach lá do théiged fon es
mac Oililla Cormac Cas,
1198] an leas dia m-bí do bo ghar
dul fo Es Maighi mor-ghlan. {SG page 120}
- 1199] Do-luidh as co dún ar sléib
co dún a athar budhéin,
1200] ro saidhtea tri liaga lais
d' innfhuarad a chinn chaem-chais.
- 1201] Dona trí liacuibh at-ciat
aderar ris Dún Trí Liac,
1202] as é ainm ó sin ale
tar éis ChormaicChinn Chlaire.
- 1203] Marbh mac ríg Muman iar soin
do chneaduibh is d' fuill-idhoin,
1204] ro adnacht 'san dún glan grind
a leabaid innfhuair áibind.
¶ 93
1205]
Dála Mhuiredhaig mheic Fhinnachta rígh Connacht indister
1206]
asa h-aithle-sin. Ro bói mac grádach aigi .i. Aedh mac
1207]
Muiredhaigh, & ro fuacradh imáin ag macraid choicid C(onnacht)
1208]
in tan-sin, & ruc Aedh mac Muiredhaig sé (cluichi) ar an macraid
1209]
gan nech do chuid(iugud leis) {folio 167b1} & ro shuidheastar
1210]
iarsin, & ro ghab slaedan tiughmaine , trom-ghalair h-é, &
1211]
fuair bás annsin, & ro h-innisedh da mhuinntir sin & da mhathair
1212]
.i. Aifi Foiltfind ingin rígh Ulad, & do-rónad nual-ghubha mór
1213]
ag mnáibh an cóicid do bhás in macaimh-sin, & adubhairt a
1214]
mháthair a thabairt a n-ucht in Táilcind .i. in tí dar' thidhluic
1215]
Dia Eire uile, & comus lesaigti cáich innti. As imdergad mór
1216]
leam-sa sin, ar rí Connacht, mun bhadh deoin do féin h-é.¶ 94
1217]
As annsin do-cuas ar cenn Patraic asin pubaill a raibi
1218]
rí Connacht cona slóghuibh, & in mac marbh ann, & brat corcra
1219]
corrtharach thairis & culpait chaemh chorcardha 'na thimceall.
1220]
Ocus adubairt a mháthair & a trí comhaltada & a deirbhshiur cumad
1221]
marbh da chumaid iat. Ocus ó 't-chuala naem Pátraic sin ba
1222]
truagh lais, & tainic a chraidhe forro.¶ 95
1223]
Is annsinn tucadh loing-shithal bhán-oir chum an chléirig, &
1224]
a lán d' uisci innti, & coisercaidh in t-uisqi, & tucadh a cuach
p.35
1225]
fetta finn-aircit an t-uisqi, & éirghis an naem- chleirech & tócbais
1226]
in chulpait caeim corcordha, & tuc trí bainne don uisqi a m-bél
1227]
Aedha meic Mhuiredhaig, & in treas loim tuc ina bheol ro éirigh
1228]
ógh-shlan, & tuc a láimh dara agaidh mar do beith a m-bandail no a
1229]
cuirm-thigh, & do éirig asan imdhaid amach.
Cáilte cecinit:
- 1230] Aed mac Muiredaigh meic Fíndachta
air re h-imred fir-ferta
1231] ro athbeóaigh Patraic co m-blaid
re h-athlum 'san aidchi-sin
¶ 96
1232]
Ocus ba subach somenmnach na slóig de-sin, & do creitset
1233]
do Dia, & tucsat a cinn a n-ucht Patraic, & tucsat a comus ó
1234]
bhic gu mor dhó, & do bádar annsin re h-edh na h-oidhche-
1235]
sin co tainic lá cona lan-soillsi, & ro fhácbhatar in
1236]
baili arnamhárach. Ocus táncatar na slóig uili rompa a n-Gannmhagh,
1237]
risa n-abar Magh Find isin tan-so, & i Tochar an Bhanchuire,
1238]
re a ráidhter Tochar Find isin tan-so, & lámh dhes re
1239]
Ros na Fingaili, re n-abur Ros Camain isin tan-so .i. nái meic
1240]
Uair meic Idhaist ro marbsat a chéli ann, conad de aderar Ros
1241]
na Finghaile ris, & do Ráith Glais, re n-abar Raith Brénaind.
1242]
Ocus ro saidhed pupall rígh Connacht annsin, & do-riact Patraic
1243]
& Cáilte, {SG page 121} & ro suidhset ar an firt fótbaig ós or na rátha, (&
1244]
táin)ic rí Connacht co lín a shlóig, & suidhit a farrad {folio 167b2}
1245]
Pátraic & Cáilti.¶ 97
1246]
Is andsin ro fhiarfaig Muiredach mac Finnachta do
1247]
Cáilti: Cidh dia tá Ráith Glais ar in ráith-si? Adér-sa rit,
1248]
ar Cáilte. Glas mac Dreacain, mac rígh Lochlainn, táinic cúic
1249]
catha fichet do ghabáil rígi n-Eirinn, & is ann tángatar, gu
1250]
Cathair Dhaimh Díleann, risa n-abar Dún Rosarach, & is ann
1251]
bái Find mac Cumaill, a n-Almain Laigen in tan-sin.¶ 98
1252]
Do fhiafraig Muiredach do Cháilti: cidh fa tucadh Almha
1253]
uirre? Freagrais Cailte: óclach do Thuaith Dé Danann do
1254]
bhí isin Brugh braenach breacsholus. Bocan a
1255]
ainm, & do bí ingen a n-oighi aigi, Almha a h-ainm, & tucastar
1256]
Cumhall mac Trénmhoir h-í, & ba marb do bhreith mheic do
1257]
Chumall h-í, & ro múired in tulach tonn-ghlas so thairrsi, gurub
1258]
uaithi ainmnigther an tulach, & Tulach na Faircsina a h-ainm co
p.36
1259]
sin. Nó Almha ainm an tí ro ghabh re linn Neimhidh. Nó dana
1260]
Nuadha drái do-róine dún & dingna ann, & do ghab almhain
1261]
don dún, cunad de atá Almha. Ocus adubairt Cáilte:
- 1262] Almha Laigen, lis na fian
bhaili ar' ghnáthaig Find fír-fial,
1263] atá sunn do réir gach shin
an ní dia fuil in t-ainm-sin.
- 1264] Almha ainm in fhir do ghabh
re linn Neimhid co nert-bhladh,
1265] marbh thall 'san tulaig uaine
do thámh obunn én-uaire.
- 1266] Oclach d' Feruib Bolg nár' bhaeth
Iuchna ba h-ainm don óclaech,
1267] ba lán an dún tiar is toir
do éidib & da almhoib.
- 1268] Luidset á tainti le tart
d' ól usce cum na tiprat,
1269] gleacsat le truma a tarta
gur' fhacsat a n-adharca.
- 1270] d' adharcuibh na m-bó m-breac m-bán
ro fhágsat imon uaran,
1271] as de fhuil ann sunna 'na
Adharc Bó Adbhul Iuchna.
- 1272] Coic inghina ac Iuchna ard
'con óclach ghasda glé-gharg,
1273] is uathaibh-sin leath a fat
gach ferann mar do ghabhsat.
- 1274] Carman i Carman nach mín
'ga m-bitis baird (sel) co m-brigh,
1275] ben Trega 'na thigh treorach
(nir'bh í) ben ná h-aithgeonadh.
- 1276] Mag Life a(r lí an óir)
gun og-mhnai gasda geal-mhoir,
1277] dar leam ni senchas soebh so
'san cóiced ingen Almho
- 1278] Nuada drai ba gilla garg.
do-ronad lais Dun Dronard
1279] a n-Almhain gu n-gloine n-grinn
do shonnach a dhúin dighainn.
- 1280] Aein-gheal an dun dreimnibh drann
mar do ghabadh ael Eirenn,
1281] don alumhuin tuc o thoigh
as de ata Almha ar Almain.
¶ 99
1282]
Is maith do h-innised an scél-sin, a Cháilti, ar Muiredach
1283]
mac Finnachta. Is ann do bámar-ne annsin, ar Cáilte, a
1284]
n-Almain Laigen, & {SG 122}ráinic fis na loingsi-sin chugainn, & as í
1285]
tuc an fis-sin lé, Sprédh Aithinne, ingen Mhughna Míancraesaigh,
1286]
bain-echlach rígh Eirenn. Ocus do gairmedh a bhain-echlach
1287]
cum Find do thinól & do thoicheasdul Fhian Eirenn & Alban,
1288]
& do thinóil Cormac ua Cuinn tuatha Temra & buidne Breagh
1289]
& mór-shochraide b-fer n-Eirenn, & tancatar cúic catha fichit cusan
1290]
mag-so, & do-ronad crandchar idir in bh-féinn & aes na treabaire
1291]
cia dhíbh da roised tus do thabairt an chatha dona h-allmharchaib,
1292]
& ro-siacht don Fhéinn in cath do thabairt ar tús. Tucad in cath
1293]
gach lái co cenn sectmaine & ro marbad cuic cét déc d' allmarchaib
1294]
& d' Eirennchaib, & tucadh in mór-chath iarsin & torchuir
1295]
Glas le Finn mac Cumaill, & torcratar a secht meic leisin Féinn.
1296]
Ocus tri .l. óclach do-cuamair-ne maraen re Find do chur in
1297]
p.37
chatha-sin, & do thuit .l. laech la gach nech uainn, & do-chuamar-ne
1298]
triar oclach don Fhéin maraen re Finn isin phupaill a
1299]
raibhi Glas mac Dreagain, & fuaramar nái n-uaitne óir ann, & an
1300]
t-uaitne ba lugha díbh ba commór re cuing n-imechtair, & ro
1301]
fholchamar isin móin ruaidh se don taeibh tuaidh don ráith iat.
- 1302] {F§}A Ráith Glais
cosa tathaighmis mór n-uair,
1303] do fhoilghes nói n-uaitne óir
isin móin rét múr atuaidh.
- 1304] Tríar bamar 'ca folach-sin
ba h-é ar lin re ar comáirem,
1305] Find is Oisin, Cailti cruaid
sind ros-folaigh re h-en-uair.
- 1306] Tri coecait ro lodmair-ne
faré Find co mét maisi,
1307] marbsum coecait cech tratha
fa cladh na ratha glaisi.§
¶ 100
1308]
Ocus do cuireadh Glas mac Dreacain fo thalmain annso, conadh
1309]
uaidhe ata Ráith Glais ar in ráith-so.