Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

71


904] Ocus do éirigh Cailte iarsin & da chóraigh a mhuintir immon
905] loch anair & aniar, anes & atuaid, & deisidh Pátraic 'na shuidhe,
906] conadh Suidi Pádraic ainm an inaid-sin a Cenn Abhrat Sléibi
907] Cáin
, & tocbhais Cáilte a shuasán sealga & fiadhuigh & fian-choscair
908] ós aird, & ro léicestar a tri barann-ghlaedha badhbha as, cu nach
909] raibhi i comfhocraibh na a coimhnesa dho fiadh fodilmhain a
910] maigh na a moin na a maigh-shléib na a caill gan techt ina ruamannuibh
911] roretha co n-dechsat da n-infhuarad tar éis a n-aistir
912] a l-Loch bríghach Bó ina bh-fhiadhnuisi, cor' ghabh gráin & egla
913] & uaman iat resin fidhrén & resin fothram adhbul sin .i. re
914] damhuibh alltaidhi & re h-eilltib ruadha roimhera & re torcaibh
915] taebh-troma; & ni mór nach muirbfidis (a cétóir) iat le fad a retha
916] & le scís anála. {folio 165b2} Ocus ro leath in slúag imon
917] loch, & ní dhechaidh éloidech beo as don t-seilg, & do roinnset
918] in t-sealg, & ráncatar ocht cét cum ronna acu.
919] ‘Tabur dechmad in fhiadhuigh dun’, ar Beneoin. Nír'
920] escaidh le Bran mac Deirg in cuid rainic do féin do roinn re
921] nech. Gabus galar ana broinn mac rígh Muman. ‘Do lámh
922] air-so, a naeim-chleirig’, ar Bran. ‘Dar mu breiti’, ar Cáilte,
923] ‘no gu tarda a luach uait ní raga.’ ‘Gá luagh?’ ar Bran.
924] ‘Uair is at broinn atá in galar’, ar Cáilte ‘tairr
925] gacha bó & gacha muice & gacha caerach uaid do Pátraic &
926] don naeim-eclais co bráth.’ ‘Do-bér-sa sin’, ar Bran, ‘& do-bhéra
927] mo mhac am dhiaidh.’ Ocus do-chuaidh-sin a n-gnáthugad ac
928] feruibh Eirenn ó sin imach. Tuc iarsin Pátraic a láimh ar
929] broinn Brain meic Dheirg & ba slán focétóir.

72


930] ‘Imthecht againn budesd’, ar Cáilte. ‘Gá conuir sin?’ ar
931] Patraic. ‘As cumain leam-sa, a naem Pátraic, nach lémdais sluag
932]

p.27

náit sochaide suidhi ar na tri tulchuibh-sea le ceisd Tuaithi Dé
933] Danann
.’Cáilte cecinit:
    1. 935] Cumhain leam-sa trí tulcha
      atáit gan aes gan urchra,
      936] do reithed Liath na Trí m-Benn
      otha imeall co h-imeall.
    2. 937] Cumain lim-sa tri cealla
      robsat dúine deigh-theanna,
      938] ni bídh guth cluic inntibh thall
      meince snaidm druadh 'na timcheall.
    3. 939] As Cáilte féin mh' fírainm-si
      rob-sam cenn Fénne finne,
      940] nocha dénmuis dighairse
      ac tairimthecht an glinne.
    4. 941] Ni fhuilngead Finn fianamail
      in tan ro bhoi 'na bethaid
      942] bennán baeth ac buiredhaig
      ós cinn a longphuirt lethain
    5. 943] Misi is Flann mac Failbhe
      dergmais mór laech do Laighne,
      944] as í so mu chubhus tra
      mór cath isam cumain-sea.

73


945] ‘Ad-rae buaid & bennacht’, ar Pátraic, ‘is urgairdiugud menman
946] & aicenda duind sin’
. Ocus imthigid in sluagh cona
947] n-oiribh sealga forro co Cend Abrat Sleibi Cain, conice inadh in
948] longpuirt a m-bidís an Fíand
.

74


949] Dechain ro dech Cailte da láimh chlí don t-sléibh co n-fhacca
950] dunad & deg-bhaile. ‘Mo chubus amh’, ar s(é), ‘nir' aithnid dhuin
951] dúnad and su(t), & dénam chum in bhaili a(nunn)’, ar sé.

75


952] {folio 166a1} Ia(rsain) táncatar rompa chum an dúnaidh & robb
953] ingnad leo gan slóigh gan sochaide d' fhaicsin ann, acht noenbar
954] banmhogad & triar fermhogad. Tángatar-somh a n-grianán deirrit
955] do bhí isin bhaili. & dá mnái isin grianán, & siat ag cái & ag
956] toirrse. Brat corcra corrtharach imon dara mnái & delg airgid
957] and, & niamland d' ór buidi re h-édan, & faideran fir-uaine imon
958] mnai ele & delg óir isin brut osa bruindi
. Ocus
959] ro fiadhaiged & ro frithoiled iat, & ro beanad a n-errada aisdir
960] & imthechta dhíbh & do fiafraigh Cáilte díbh ‘cia an dúnad {F§}i tám?’
961] Adubratar na mna,
§: ‘dúnad dá mac rígh Fher Muighi
962] so, Lochán & Eogan a n-anmanna.’ ‘Cid um a bh-fhuilti dubach
963] dobrónach?’ ar Cáilte. ‘A aba & a adhbar againn’, ar iat-san.
964] ‘Ag dís derbbhrathar atámuit, & da deirbshiair sinn féin. & do-chuatar
965] ar bh-fhir do thabairt ban ele anoct, & ní fhuil dar
966] b-fuirech-ne isin dúnad acht co toirset ar bh-fhir & mná nuaa leo.’

76


967] Ocus dechain ro dech Cáilte secha i n-iarthar na bruidhne,

p.28


968] co n-fhaca in rígh-lia cloichi ro bái ac oclach grádha d' Fhinn .i. ac
969] Senach mac Mhaeil Chró do shenmhuinntir Find meic Chumaill.
970] Ocus is amhlaid ro bhái in lia-sin & inneoch thuc Finn do
971] thuarasdal dó inti .i. .LLL. uingi d' ór & .LLL. uingi dh'aircet &
972] .LLL. uingi d' findruine & tri .L. falach óir ar
973] n-dúnad in lia cloichi sin impa.

77


974] Is annsin adubairt Cáilte risna mnáibh: ‘Gá luagh do-bérad
975] sibh dham dá n-dernainn bhar bh-fhurtacht & bar bh-fhoiridin, &
976] da tucaind bhur bh-fhir féin cuguib ar g-cúl?’ ‘Da m-beth ar
977] doman againn luagh budh áil leat’, ar siat, ‘dobérmais duit
978] h-é.’ ‘Ata imorro’, ar Cáilte, ‘in rígh-lia cloichi ut i n-imel
979] na bruidhne.’ ‘Dursan duit a rádh!’ ar siat, ór do bhátar morshochraidi
980] na críche agá corugud isin baili a d-tá, & ro bui a
981] n-obair ana corugud ann, gia ro fhedta-sa at aenar ní dhi. ‘Misi
982] féin as meallta dhe-sin’, ar Cáilte, ‘muna {SG page 116}fhédur.’ ‘Rachaid
983] uain duit-si sin co m-beannachtain’, ar na mná.

78


984] Táinic-sium iarsin asin m-baili amach, & tuc lán a glaici
985] desi do losaibh sídhe sainemhla leis dob aithnid dho ag ríghnaibh
986] & ag ro-mhnáibh na Fénne. Ocus tucas(dar do) na mnáibh,
987] & ro fhothraicset iar as(na losaib)-sin, & tuc sin a n-grádh ara
988] b-feraibh féin (cor' léicset ar c)úla arís na mná thucsat leo.
989] {folio 166a2} & tugad an lia dho-san, & at-bert Cáilte:
    1. 990] A lia Bhelaig Atha h-Í
      menic ar comdail cuici,
      991] maine Sencain maic Máil Cró
      do frith sund, ní h-ímargó.
    2. 992] Ata sunda losa díb
      is ní ba losa cen lí,
      993] ní bía 'sa doman uile
      mná bus tochu la firu.
    3. 994] Aderim-si rib-si dhe
      is fir dam in faistine,
      995] nech rom-aithnid cech dia
      lem-sa ba h-inmain an lía.

      A lia.

79


996] Ocus do bhí Cáilte annsin in adaig sin, & ro freastlad &
997] ro frithailed cu maith é, & do (é)irig d(o) mochtrath arnamhárach,
998] & tuc ta(rraing don) lic cuigi do lár thalman.

80


999] Ocus táncatar rompa co Finntulaig, risa n-abar Ard Pátraic
1000] aniu, airm a raibhi Pátraic, & do fiarfaig Pátraic: ‘cáit a ra baduis

p.29


1001] aréir, a Cháilti?’ Ocus ro innis Cáilte dó in scél ó thús
1002] co deireadh. Ocus nír' cian do bhátar ann co bh-fhacatar in móirsheiser
1003] da n-innsaigid. ‘Can asa táncabair, a óga?’ ar Pátraic.
1004] ‘A cuiged Connacht atuaidh’, ar iat-san. ‘Cidh ro imluaidh
1005] sib?’ ar Pátraic. ‘Ar do cenn-sa ó mhaithibh Connacht, a naeim-chléirig,
1006] dar m-breith ar do shoiscéla idir fhir is mnái.’ Adubairt
1007] Pátraic: ‘ni cóir ar an Eclais gan a siled.’