Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

61

{SG page 111}
758] Ocus do áilsedhmar in cath don dula-sin, & táncamar romuinn
759] tar taebhuibh cnoc & carrac & tulach cu Loch Cuire i n-iarthur
760] Eirenn. Ocus táncamar cu dorus in t-sída, & do chansam in dord
761] fian-sa re crannuibh ar sleg n-ur(ard) n-orchrai, & do éirghedar
762] ingena míne macdhachta (mongbuide) {folio 164b1} ar
763] sceimhealborduibh grianán & ar solustighib cláraigh.
764] Ocus táinic Crédhi dar n-acallaim, & .LLL. do mhnáibh uimpi,
765] & do raidh in flaithféinnid ria: ‘Is dod thoga-sa & dod thochmharc-sa
766] tháncamar-ne’, ar se. Fiarfaigis an ingen cia dhar'
767] áil a tochmharc. ‘Do Cael chroda chet-guinech ua Neamhnainn,
768] do mac rígh Laigen anair.’ ‘Do chualamar a scéla.’
769] ar an ingen, ‘gen gu facamar é, & in bh-fuil aigi mo dhuan
770] dam-sa?’ ‘Atá immorro’, ar Cael; & do éirigh & do ghabh a
771] dhuan:
    1. 772] Turus acam dia h-áine
      gé dech isam fíráighe
      773] co tech Créidhi, ni snímh suail
      re h-ucht in t-sléibi anortúaid.
    2. 774] Ata i cinnedh dhamh dhul ann
      gu Crédhi a Cíchaib Anann
      775] co rabhar ann fo dhecraibh
      cetra lá ocus leith-seachtmuin.
    3. 776] Aibinn in tech ina tá
      idir fhira is maca is mná,
      777] idir dhruidh ocus aes ceoil
      idir dháiliumh is doirseoir.
    4. 778] Idir gilla scuir nach sceinn
      ocus ronnaire re roinn,
      779] ata a comus-sin uili
      ag Créidhi fhind fholt-bhuidhi.
    5. 780] Budh áibinn damh-sa 'na dún
      idir cholcaidh ocus chlúmh,
      781] mad áil do Crédhi ro clos
      budh aibinn damh mu thuros.

    6. p.23

    7. 782] Sithal aice a sil sugh subh
      as do-gníedh a blai dhubh,
      783] dabhcha glaine gairdheasca
      cupáin aici is caeim-eascra.
    8. 784] A dath amar dhath an aeil
      coilcidh eturra ocus aein,
      785] sída etorra is brat gorm
      derg-ór eturra is glan-chorn.
    9. 786] A grianan ac Loch Cuire
      d' arcat ocus d' ór bhuidhe,
      787] tuighi druimnech gan dochma
      d' eitibh donna is derg-chorcra.
    10. 788] Dá ursain uáinidhi ad-cí
      a comla ni dochraidh h-í,
      789] aircet échta, cian ro clos
      in crand búi 'na fordoros.
    11. 790] Catháir Chréidhi dot láim chlí
      ba suarca 'sa suarca h-í,
      791] casair uirre d' ór Ealpa
      fa chosuibh a caeimh-leaptha.
    12. 792] Lebaidh luchair na line
      fuil os cinn na caithairi
      793] do-rónad ac Tuile thair
      (d' ór) buidi is do lic lógmair.
    13. 794] (Lebaid eile) dod láim dheis
      d' ór is d' aircet gan eisleis,
      795] co pubaill co (m-bricht m-b)ugha
      co caem-slatuibh credhumha.
    14. {folio 164b2}
    15. 796] An teghlach atá 'na tigh
      as dóibh as áibne ro chin,
      797] nídat glasa slíma a m-bruit
      at casa finna a forfhuilt.
    16. 798] Do choideldais fir ghona
      cona taescaibh trom-fhola
      799] re h-énuibh sídhi ac sianán
      ós bhorduibh a glan-ghrianán.
    17. 800] Madam buidech-sa don mhnái
      do Chréidhi da n-gairenn cái,
      801] méraid ní bus lia a láidhi
      madh dá n-díla a commáine.
    18. 802] Mad áil le h-ingin Cairbre
      ní dam cuirfe ar choir cairdi,
      803] cu n-abra fein rim abhus
      ‘is mu mhóir-chen dod thurus.’
    19. {SG page 112}
    20. 804] Céd traiged i tigh Créidhi
      ón chuirr gu roich a chéle,
      805] is fiche traiged tomhais
      a leithet a deg-dhorais.
    21. 806] A h-udhnacht is a tuighi
      d' eitibh én n-gorm is m-buidhi,
      807] a h-urscar thair ac tobar
      do ghlain is do carrmocal.
    22. 808] Cetra h-uaithne um gach leabaidh
      d' ór is d' aircet coimecair,
      809] gem glaine i cind gach uáitne
      nídat cenna anshuairce.
    23. 810] Dabhuch ann do chruan fhlatha
      a sileann sugh suarc-bracha,
      811] abhull ós cinn na daibche
      co n-imat a trom-thairthe.
    24. 812] In uair líntar corn Créidhi
      do mhidh na dabhcha déne,
      813] tuitit isin corn co cert
      na cethra h-ubla a n-aein-fhecht.
    25. 814] An cethrar út do h-áirmhedh
      éirghit isin frith-dhaileam,
      815] tabrat don ceathrar anunn
      deoch gach fhir ocus ubull.
    26. 816] In tí 'gá táit sin uili
      idir tráigh ocus tuili
      817] ruc Créidhi a Tulchaib Tri m-Benn
      edh urchair do mnáibh Eireann.
    27. 818] Laidh sunn cuice ní crodh cas
      ní gres luighthi co luath-bras,
      819] co Créidhi cruthaig abhus
      bhudh luchair lé mo thurus.

62


820] Is andsin ro fhaietar in lánamain-sin ar feis leaptha &
821] láimh-dheraighthi, & do bátar ann re secht laithib ag ól & ag

p.24


822] áibhnes gan esbaidh bhídh ná leanna ná lesaighthe oraind acht
823] mad imnedh ele a(r Finn) .i. allmhuraigh do bheith ac Finntráigh.
824] Ocus tuc an inghen eirredh dílius dingbhála (do gach)
825] aen díb fo leith, & do timn(amar) ceilebhradh dá chéile.

63

{folio 165a1}
826] ‘Ticeadh an inghen linn’, ar Finn, ‘co bh-fhinnum
827] cia uainn da m-bia maith nó saith don n-dula-so.’ Ocus rucastar an
828] ingen drechta móra do chrudh lé do frithailimh a n-aesa galair &
829] othrais. Ocus as í an ingen ros-biath d' as & d' fírleamhnacht iat céin
830] ro bás ag cur in chatha. & is ina tigh do bhítís lucht icce & othrasa
831] na Fénne, & mar do cinn an ingen ar mhnaibh na Fénne um thidhnacul
832] sét & máine ro chinnesdar Cael .i. a fer, a n-gail & a n-gaisciudh
833] ar tri cathaib na Féinne isin cath-sin, & fa bét in ní do-rónad
834] lá déidhinach in chatha .i. a badadh Caeil, & do bhadar bethaduigh
835] ele, & comhsaegal acu re Cael & fuaradar bás da chumaid Chaeil, & tuc in tonn amuigh 'arna
836] bhádud h-é, & do-riacht an ingen & maithi na Fénne dá innsaigid,
837] & do tocbhad leo é cusin tráigh n-deisceartaigh leth andes
838] d' Fhinntraig, conadh Traigh Caeil ainm na trága ó sin ilé, & Fert Caeil.

64


839] Táinic an inghen & do shín re (a) thaeibh h-í, & do-rinne
840] nual-ghubha & toirrsi mhór. ‘Cidh dham-sa’, ol sí, ‘gan bás
841] d' faghail do chumaid mu chéle in tan atát na fiad-mhila foluaimnecha
842] ac fagháil bháis da chumhaid?’ Ocus at-bert Crédhe:{SG page 113}
    1. 843] Geisid cuan
      ós buindi rúad Rinn Dá Bharc,
      844] bádhudh laeich Locha Dhá Chonn
      is ed cháineas tonn re tracht.
    2. 845] Luinche corr
      a seisceann Droma Dá Trén,
      846] sisi ní aincenn a bí
      coinfhiadh Dá Lí ar tí a h-én.
    3. 847] Truagh an fháidh
      do-ní in smolach a n-Druim Cháin
      848] ocus ní nemhthruaighe in seol
      do-ní in lon a Leitir Laeigh.
    4. 849] Truagh an t-seis
      do-ní in damh a n-Druim Dhá Leis,
      850] marbh eilit Droma Sileann
      geisidh damh dilenn dá h-éis.
    5. 851] Ba saeth lim
      bás in laeich do luiged lim
      852] (mac na) mná a Doire Dhá Dhos
      a bheith (is c)ros fa a chinn.
    6. 853] (Saeth lim) Cael
      do beith a richt mairbh rem thaebh,{folio 165a2}
      854] tond do thoct tar a thaebh geal
      is ed rom-mer, mét a aebh.
    7. 855] Truag in gháir
      do-ní tonn trachta re tráigh,
      856] ó do bháidh fer seghdha saer
      saeth leam Cael do dul 'na dáil.
    8. 857] Truagh in fuaimm
      do-ní in tonn risin tracht tuaidh
      858] ag cennghail um carraic cháin
      ag cáineadh Chaeil ó do-chuaidh.

    9. p.25

    10. 859] Truagh in treas
      do-ní in tonn risin tracht teas,
      860] misi do-dechaid mu ré
      mesaidi mu ghné ro fes.
    11. 861] Caince corr
      do-ní tonn trom Tulcha Leis,
      862] misi nochan fhuil mu mháin
      ó rom-maidh an scél rom-géis.
    12. 863] O do baidhed mac Crimthain
      nochan fhuil mh' inmhain da éis,
      864] is mór triath do thuit le a laimh
      a sciath a ló gáidh nir' gheis.

65


865] ‘Ocus do shin an ingen re taebh Chaeil & fuair bás da
866] chumhaid, & do h-adlaiced iat araen a n-aein-fhert annsin, &
867] as misi fein’, ar Cáilte, ‘ro tócuibh in lia fil ós a lighi: conidh
868] Fert Caeil & Créidhe aderar ris.’

66


869] ‘Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti!’ a Pátraic, ‘as maith
870] in scél do innisis. Ocus caidhi Brocan scríbnid?’ ‘Sunna’,
871] ar Brocan. ‘Scríbtar lat gach ar' chan Cáilte.’ Ocus do scríbadh.

67


872] Nír' chian dóibh iarsin co facadar in dirim degh-shluaig da
873] n-innsaigid, & amdhubach do sciathaib donn-chorcra ana n-uirthimcheall,
874] & fidh-neimheadh do shleaghuibh urarda orcrai re guaillib
875] dhoibh. Ocus tancatar isin phupaill a raibhi Pátraic, & tucastar
876] a tighearna a cheann i n-ucht naem Phádraic & ro shlechtsat dó.
877] ‘Cia thú féin, a óglaich?’ ar Pátraic. ‘Bran mac Deirg mhisi’, ar
878] in t-oglach, ‘mac rig Muman.’ ‘Cidh um a tanacais alé?’ ar Pátraic.
879] ‘Fiannaighecht dob áil damh d' fogluim, a naeimh-chleirig, or (do-
880] chuala) óclach do mhuinntir Fhinn do (bheith i)t fharrad-sa, & dob
881] áil leam (foglaim) {folio 165b1} duird fiansa do denamh aigi.’

68


882] ‘At-cluini sut, a anum, a Cháilti?’ ar Pátraic. ‘At-cluinim’,
883] ar eisiumh. ‘Maith, a Bhrain’, ar Cáilte, ‘cinnus do-ghníthi
884] fein fiadhach?’ ‘Iadhmait 'mon tulaig nó 'mon carn nó 'mon
885] caill maigh-shlebhe, itir coin & gilla & óclach, &
886] bímit re h-edh in chaemh-lai a n-degaid an fhiadhraidh, & marbhmait
887] fiadh {SG page 114}fecht ann, & feacht aile téit uainn.’

69


888] Ro cháiestar Cáilte annsin a bh-fiadhnaise Pátraic co dérach
889] dobrónach, cur'bo fliuch blai & bruinne dho.

70


890] Is annsin ro éirig Pátraic & Cáilte in lín ro bhátar do
891] shluagaibh co Cenn Abhrat Sleibi Cain suas, & is amlaid do bhi
892] suidiugud an inaidh-sin a rancatar tri leannta imon sléib &
893] loch eturra, Loch Bó a ainm, & Osmetal ainm in t-sléibi, & Cnoc
894] na h-Aeire
allaniar don loch, aitt a m-bidh Conán Mael mac
895] Mornda
, & Findinis ainm in chnuic airtheraigh úd,
896]

p.26

airm a m-bidh Fergus Fínbél mac Finn & Ferdoman mac Buidb
897] Deirg
& coin leicthi Find acco
, & Cnoc Maine ainm
898] in chnuic-sea tís, ait a m-bui gilla gráda do Find, & is annso
899] ro bui flaithes fer a lethcuarain
. Ocus annso do bhí
900] in brécairi daimh .i. Líath na Tri m-Benn, & téighedh ón Féinn,
901] idir choin & duine, re ré secht m-bliadan fichet, & ro mharb
902] óclach don Fhéinn é, & as misi in t-óclach í-sein, & ní da
903] bladh breithri aderim sin, ar Cáilte.