Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

¶ 51


572] Is annsin tucadh Mac Lugach d' agallaim Finn, & do fhiarfaig
573] dhe: ‘Maith a anum, a Mheic Lugach’, ar Finn, ‘gá h-olc
574] dor(ignis) risin Féin in tan atá do miscais aco uili?’ ‘Do-beirim
575] dom bréithir’, ar sé, ‘nach fedur a bh-fhochuinn munub olc leo imad
576] do {folio 163a1} lúid nó lámhuigh do dhénamh damh-sa etarra.’

¶ 52


577] Is annsin tuc in flaith-féinnid comhairle do Mac Lugach.
578] & do {SG page 107} bhí buaidh ara chomhairli-sium, & do mhair in comairle-
579] sin ag Mac Lugach, & at-bert Finn:
    1. 580] A Meic Lugach, toluib snas
      más e h' órd an t-óclachas
      581] corbhat sídhuigh teglach tréin
      gurbhat duilig a n-droibhéil.
    2. 582] Ná buail do choin gan chinuidh
      do mhnái co finnair,
      583] ná ben re genaidhi i cath
      gid meraigi, a Mheic Lugach.
    3. 584] Ná h-imderg duine mad cáidh
      ná h-éirigh re h-imarbáigh,
      585] ná rab tarraic imale
      ar ammaid ná ar droch-dhuine.
    4. 586] Dá trian do mhíne re mnáibh
      is re h-echlachuib urláir,
      587] re h-aes dána dénta duan
      nárbhat dian re daescar-shlúagh.
    5. 588] Ná geibh tosach leaptha dhé
      rett aes cumtha is comairle,
      589] im-ghaibh luighi claen is col
      fhaemh uile h' fiadhugodh.
    6. 590] Ná h-abair-se bréithir móir
      ná h-abair nach tibre chóir,
      591] ór is nár a rádh co tenn
      muna fedtar a comall.
    7. 592] Ná ro tréice do ruire
      in chéin bheir ar bith bhuidi,
      593] ar ór ná ar shéd ar bith cé
      na tréic-si do chomairce.
    8. 594] Nár écnaighi co ferdha
      a mhuinntir re tigerna,
      595] ór ní h-obair duine maith
      écnach a shluaig re prímh-fhlaith.
    9. 596] Nárbat buain-scélach brégach
      nárbat labhar luaith-bhédach,
      597] gérsat imdha do ghartha
      nírsat bidbha oirechta.

    10. p.18

    11. 598] Nírsat sibleach thighi n-óil
      nársat ingnech ar shenóir,
      599] in dáil ad-cluine as í in cóir
      ná ben re duine n-deróil.
    12. 600] {F§}Bidh co h-eistechtach cailli
      bid co féchsanach muighi,
      601] oir ní fedrais, mór in modh
      nach biad t' escara it farradh
      §
    13. 602] Nársad diultadach um biad
      nárab cumthach duit ainfhial,
      603] nárad furáil féin ar flaith
      na h-écnaiged gach n-ard-flaith.
    14. 604] Lean dott édach, lean dott arm
      resiu thair an gleo glas-gharbh,
      605] ná déna dibhe fád rath
      lean (d)on míne, a Meic Lugach.

¶ 53


606] ‘(Ad-ra)e buaid & bennacht!’ ar Pátraic, ‘as maith in scél-
607] sin (ro indi)sis dúin; & cáidhe Brocán scríbhnid?’ ‘(Sunn), a
608] naeimh-chléirigh’, ar Brocan. ‘Tabair do lebar & t' adharc &
609] do pend cugat, &’
‘scríbhthar {folio 163a2} an scél
610] út lat.’ Ocus do-rinne Brocan acétóir.

¶ 54


611] Is andsin ro fiarfaig Pátraic do Cháilte: ‘in rabatar airfitigh
612] acuib-se isin Féinn?’ ‘Do bhí imorro’, ar Cáilte, ‘in
613] t-énairfitech is ferr do bhí a n-Éirinn ná i n-Albain.’ ‘Cá
614] h-ainm séin?’ ar Pátraic. ‘Cnú Deróil’, ar Cáilte. ‘Cáit a
615] fríth é?’ ar Pátraic. ‘Eidir Crota Chliach & Síd Ban bh-Fhinn tes’,
616] ar Cailte. ‘Crét a thuarascbáil?’ ar Pátraic. Ceitri duirn Finn
617] do bhí ina áirdi & trí duirn do isin crand chiuil do sheinnedh,
618] & airfitigh Thuaithe Dé Danann do-rinde tnúth ris.
619] Luid Finn in lá-sin co Sídh Ban Finn siar do sheilg & d' fhiadhach,
620] & suidhis ar in bh-firt fótbhuigh andsin. Sillis iarum in
621] flaith-féinnid secha co n-fhacca in fer bec ac sefnad & ac sáir-sheinm
622] a chruiti ar in fhod ina fhochuir, & is amlaid ro bhúi, & folt fada
623] finn-buidi co clár a dhá leas fair, & ar faicsin Finn dó táinic
624] da innsaigid, & tuc a láim 'na láim, ór as é céd-duine {SG page 108} tárla do
625] h-é ar tuidhecht asin t-sídh amach, & ro bhúi oc seinm a chruiti
626] a fiadnuisi Finn no gu tancatar in Fhiann, & 'ar techt dóibh
627] at-cualatar in ceol sirrechtach síde. ‘Maith a anum, a Fhinn’, ar
628] an Fhian: ‘as é-sút in tres turcairthe as ferr fuaruis riamh.’ Ocus
629] do bhí ac Finn no gu fuair bás. Ocus adubairt Cáilte in láid:
    1. 630] Abhuc do fuair Finn ferdha
      do bhí d' fheabus a mheabra
      631] gacha cluinedh tiar is tair
      do bhídh aigi do meabair
    2. 632] Cnú Deróil a ainm in fhir
      a n-Eirinn nir' anaithnidh
      633] inmain leinbhín fa glic n-glóir
      dar'bo comainm Cnú Deróil.

    3. p.19

    4. 634] Indeosat dáibh, fáth gan locht
      mar do fhuair Finn in t-abhoc,
      635] bá gein shochair do fríth ann
      én-mac Logha meic Eithleann.
    5. 636] Do bhámar a farrad Finn
      idir Chrota is Shléib Ban Finn
      637] co cualumar ceol gan chol
      ar an fhót inár bh-fharrod.
    6. 638] Do bhámar ag éisdecht ris
      a cheol nír' ceol co n-eislis,
      639] beg nachar' chuir sinn 'n(ar suan)
      in ceol sirrechtach sír-bhuan.
    7. 640] Annsin at-bert risin {folio 163b1}
      Find mac Cumhaill Almhaini:
      641] ‘canas tici-si, a fir bhic’
      ‘sheinnes in cruit co caeim-glic?’
    8. 642] Tánacas o Shíth Ban Finn
      áit a n-eabhar midh is linn,
      643] is dó tháncas lem co becht
      do beith treall ad chomuidecht.
    9. 644] Do-ghébha seoit is máine
      is ór derg is degh-dáine,
      645] ór thaitnid frim do dhála
      do-ghébha mu lánghrádha.
    10. 646] Do-rad a láim a láim Finn
      annsin roba subach sinn,
      647] is tucmaid h-é linn alé
      do ba caem ar turchairthe.
    11. 648] Cetra duirn i n-airdi in fhir
      trí duirn ina chruit chaeimh-dhil,
      649] mor tairm na bláithi buige
      binn fogar na caem-chruiti.
    12. 650] Do-ratad cuigi málle
      cúic oirfitig na Féinne
      651] cur' fhogluimset ceol síde
      thall ó Chnái go caeim-Líne.
    13. 652] Díb-sin mac Senaig male
      Senach ocus dá Dhaighre
      653] do-rónsat foglaim co h-án
      ocus do-róine Cuán.
    14. 654] Ba cheisd le Finn na Fénne
      a abac gan bain-chéle,
      655] ór nír' áil don fhir chródha
      na mná remra rómhóra.
    15. 656] Adubairt Finn in flaith m(ór)
      co tibredh aircet is ór
      657] don tí uainn do fhinnfadh soin
      i n-Éirinn ben a chosmoil.
    16. 658] Adubairt Scí mac Eogain
      óglach co n-aicniud leomhuin:
      659] ‘inneosat is scél ádha’
      ‘baile a fuil a dhingbála.’
    17. 660] ‘Beir mo bennacht, éirg dod thoigh’
      ‘a mheic Eoghain a Mumoin’,
      661] ‘ocus innis dúin tré spéis’
      ‘in crích a bh-fhuil re aisnéis.’
    18. 662] ‘Roich co Tech Duinn a Mumain
      ‘a Fhinn chródha chomhramhaigh’,
      663] ‘atá ann is oirfitidh dhuit’
      ‘ingen dar' comainm Bláthnuit.’
    19. 664] Annsin ro triallsam co tric
      is flaith na Fian faebair-glic
      665] co Tech n-Duinn d' iarraidh na mná
      ba móide sin ár menmá.
    20. 666] Fuaramar Bláthnait 'san t-sídh
      tucamar linn h-í co fir,
      667] ro fháiset tall istigh mhóir
      Bláthnait ocus Cnú Dearóil.
    21. 668] Tucmait uingi dh' ór gach fhir
      in lín do bhámar d' fianuibh,
      669] a caibhche na mná gan locht
      do-ratadh (tall) don abhoc.
    22. 670] {folio 163b2} Cetra duirn i n-áirde in fhir
      trí duirn ina chruit chaeim-ghil,
      671] áirdi in ben inás in fer
      inmhain lánuma láim-gheal.
    23. {SG page 109}
    24. 672] Lámdha in domain acon mhnái
      imirt óir aircid gan ghái,
      673] lasin bh-fer, fá mór in modh
      slóigh in domain d' áirphiteodh.

    25. p.20

    26. 674] Ní raibhe ríghan 'san Féinn
      na táiseach na flaith co céill
      675] nach tuc grádh ocus máine
      don lánamhuin lánnaidhe.
    27. 676] Mar do thicedh doineann dúr
      ar in b-Féin, fa ríghda rún,
      677] do bhítis ac Finn fóa bhrat
      Bláthnait ocus in t-abac.
    28. 678] In tan ticed maith don Fhéin
      ní cheiled Bláthnait co céil,
      679] in tan do thiced dóibh olc
      ni cheiled orra in t-abhoc.
    29. 680] Nocha n-fhuil ceol ar talmain
      in neoch budh mhian le menmain
      681] nár' shuaill foghar i tigh óil
      acht a canad Cnú Deróil.
    30. 682] Trí turchairthe is ferr fuair riamh
      Finn in flaith-fhéinnid fír-fhial:
      683] Bran ocus Sceolaing gan locht
      Bláthnait araen 's an t-aboc.

¶ 55


684] Nír' chian dóibh asa h-aithle co facadar in móirseser gilla
685] mór dán-innsaigid. ‘Canas táncabair, a óca?’ ar Pátraic, ‘&
686] cia sibh féin?’ ‘Eogan Leithderg mac Aenghusa, ó rígh
687] chóicedh Muman táncamar ar do cenn-sa, a naemh Pátraic.’
688] ‘Rachmait-ne annsin’, ar Pátraic, ‘ol dlegar mar a bh-fhuigter na
689] mainchisa a n-gabháil ann.’ ‘Crét do-géna sinne in nónbar
690] óclách so?’ ar Cáilte. ‘Fáilte mhís & ráithi & bliadna am
691] fharrad-sa dháibh’, ar Pátraic.

¶ 56


692] Is andsin táinic Pátraic roime, & as í slighe tháinic a
693] bh-Fhidh Gaible, & a n-Druim Criadh, risa ráidter Ceall Dara isin
694] tan-sa, & tar Sruithlinn ar Dermagh, & tar Berbha bith-glais
695] & i Tóchar Léghi ingine Cuarnatan, airm i torchair Liagh {F§}le
696] Conall
ar in n-Dergruathar, &§ i Sen-Mag Roichet
697] ingine Déin meic Dileann, risa ráidter Magh Ruadh Roichet, &
698] i Sen Mhagh n-Eo, risa ráidter Mag Láissi, tar in b-Feoir
699] n-iuchar-bhradánaig & d' Achadh Bó bái [gap: MS damaged] trénbhuillig risa
700] ráidter Achad
[gap: MS damaged]
{folio 164a1} a Slighidh Dhála meic
701] Umhóir
, & do Ros in Churad, re n-abar Ros CréRos caemhálainn Cré,
702] & lámh dhes re Lathaig Bó Lodáin meic Lir, risa ráidhter Clár
703] Daire Mhóir
, & do Chorrocuibh Cnámhchoille, & do Chuillind
704] Ua Cuanach
siar in baile i torchair Cuillenn mac Mórna le
705] Finn, & do Leim in Fhéinnedha, & d' Aenach Cuili Mná Nechtain,
706] re n-abar Aenach Sétach Sen-Chlochair isin tan-sa, & tar Ath
707] m-Braengair
, risi raiter Ath Mor isin tan-sa
, & do Chenn
708] Abrat Sléibe Cáin
budhdhes, & do Tulaigh na Fénne, re n-abar
709]

p.21

Ard Pátraic isin tan-so, áit a m-bai Eogan Lethderg mac Aengusa,
710] dhá cóiced Muman, co maithibh in dá choiced Muman uime.

¶ 57


711] Is annsin do scáiled a phuball tar Pátraic, & táinic
712] Muman co maithibh a mhuinntiri, & tuc a cenn a n-ucht Pátraic,
713] & ro shlecht do, & ro búi-sium sechtmain annsin ac todhúscad
714] mharbh & ac slánugud dháine n-galair & esláinte & gacha h-aincesa archena.

¶ 58

{SG page 110}
715] Is annsin tucadh a bhreith féin do Phátraic, & táinic
716] Eogan Leithderg roime co Rosaigh na Righ, dá dunad fein, &
717] do-chuatar maithi Muman dá n-dúintibh & dá n-deg-bhailtibh iarsin.

¶ 59


718] ‘Maith a anum, a Cháilte’, ar Pátraic, ‘crét uma tucadh
719] Findtulach ar an tulaig-so ara tám?’ ‘Adér frit a fhírinni’,
720] ar Cáilte, as so do-chuamar-ne tri catha na Féinne do tabairt
721] catha Findtrágha, & tucad ár sleagha dar n-innsaigid, & tucad
722] fethana fithnais do chrannuibh ar sleg, & ro dhech Finn in
723] tulaig uime & adubairt: ‘As finn in tulach.’ ‘Ocus gá ferr
724] ainm da m-bia uirri iná Finntulach?’ ar siat
    1. 725]
    Cáilte cecinit:

¶ 60


742] Ocus is as-so do-chuamar-ne do chur chatha Finntrágha, &
743] at-conncomar óclach do mhuinntir Fhinn d' ar n-innsaigid .i.
744] Cael cródha céd-ghuinech ua Nemnainn. ‘Can asa tánacuis, a
745] Chaeil?’ ar Finn. ‘Asin Brug braenach atuaid’, ar Cael.
746] ‘Cret do iarais?’ ar Finn. ‘d' acalluim Muirinde ingine Deirg

p.22


747] mo muine féin.’ ‘Cidh a adhbhar-sin?’ ar Finn. ‘Ar bhithin
748] leannain t-sídhe & ard-nuachair & torad aislinge {F§}tarfas dam.’
749] Ader-sa sin rit, ar Finn
§ .i. Crédhe ingen Cairbri
750] cnes-bháin ingen rígh Ciarraigi Luachra. ‘In bh-fedrais, a Chaeil’,
751] ar Finn, ‘conid h-í-sin bain-mhealltóir ban Eirenn, ór is terc sét
752] maith a n-Eirinn nár' bréc chum a dúnaid & a degh-áruis.’
753] ‘Ocus in fidir tú ga comha iarus ar chách?’ ar Cael. ‘Do-
754] fhedar’, ar Finn ‘.i. gibé aga m-beth do dhán nó d' filidhecht
755] duan do dhénam dhi & tuarascbháil a cuach & a corn & a cupad
756] & a h-ian & a h-aird-leasdar & a righ-thech romhór.’ ‘Atá urlumh
757] acum-sa arna tabairt damh ó Muirinn ingin Deirg, óm buime féin.’