Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 41
467]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti! ar Pátraic: as urgairdiugud
468]
menman & aicenta dhúin sin.
469]
Ocus nír chian dóibh (ann co) facadar in t-aen-óclách andes
470]
gach n-direch dá n-inn(saigid co n-degh-éc)usc. Brat corcra uime,
471]
dealg óir isin bhrut, (léine d)o shída bhuidi re grian a chnis,
472]
urtlach {folio 162a2} do chnóibh corra cenn-bhuidhi & d' ubluibh
473]
áille ór-bhuidhi leis, & cuiris ar lár a fiadhnaise Pátraic. Can asa
474]
tucais in cnuasach, a mhacáim? ar Pátraic. A Fidh
475]
gég-áluinn Gaibli, ar esium. Carsat comainm-siu, a ógláich?
476]
ar Pátraic. Falartach mac Ferghusa misi, ar sé. Cidh as
477]
duthaig duit? ar Patraic. Ríghi Tuath m-Breg & Midi &
478]
Déisi Temhrach as dual damh, ar in t-óclách, & foghlaid &
479]
díbercach mhé. Cia ar a n-déne foghail? ar Pátraic. Derbbráthair
480]
damh féin, Bécan mac Fergusa. Do dhuthaig duit
481]
co gairit, ar Patraic. Forchenn
air, a naeim-chléirigh, ar an
482]
t-óclách. Isin bliadain a tám, ar Pátraic: can asa tucais in
483]
cnuas? ar Patraic. Ro fedar-sa ám, ar Cáilte, cáit asa tucad:
484]
is a Ros meic Treoin a Fidh Gaible anall, & lubh-ghort sealga
485]
h-é do bhi ag óglach grádha d' Finn mac Cumaill .i. Mac Lugach
486]
láidir láin-échtach. Maith a anum, ar Pátraic, is annsin atá
487]
fer gráda dom muinntir-se .i. Cessán mac ríg Alban, & sacart
488]
méisi dam-sa h-é. Lubh-ghort sealga don Fhéinn sin, ar Cáilte.
p.15
489]
& in trath ticedh dochma shealga don Fhéin idir Eirinn & Albain
490]
do gheibhdís a n-daethain sealga re teora la & re teora aidche
491]
a Ros meic Treoin.¶ 42
{SG page 105}
492]
Cáilte cecinit:
- 493] Cluain Cesáin ro clos amach
cus' tathaighedh Mac Lugach,
494] ba Ros meic Treoin, forumh n-grind
fria ré thuidechta In Táilcinn.
- 495] Gidh cantar na sailm fa sech
i Cluain Cesáin na cléirech,
496] do-connac in cluain creamhaig
fo damraid rúaid róireabaig.
- 497] Gé atá léighenn uas in linn
do bhí tan nár' bhó toillcill,
498] ba fót abla is snáma a sruth
adhbha cána in chluain chreamuch,
- 499] Táinic in tarrngairi áigh
táilginn treabsat Clúain Cesáin,
500] adubairt Finn fial failgech
cumadh neimhedh naem-ainglech.
- 501] Menic sinn 's ar coin fa sech
a n-diaidh dhamhrad n-óc n-uaibrech
502] ar laeich ar n-gadhair co h-uain
ac faghail um an caemh-chlúain.
- 503] Tri fichit rigan gu recht
bátar acum i n-aoin-fhecht,
504] do-ghnínn a leasa uili
fa mé an cleasach cluannuidi.
¶ 43
505]
Gá trath do ló ann anois? ar Pátraic. Is fogus d' adhaigh
506]
ann, ar Beneoin. In táinic ar proinn fós cuca(inn?)(ar
507]
Patraic). {folio 162b1} Ní tháinic ón, ar Beneoin. A anum, a
508]
naem-Pádraic, ar Fulurtach mac Fergusa, do-bherainn-se eolus
509]
duit in bhaili i fhuighbhithea proinn & tomultus anocht. Cá
510]
h-inad sin? ar Pátraic. I tigh Becain mu bhráthar féin a
511]
tuathaib Breg & Midhe.¶ 44
512] Ocus luidhset cléirigh roim
Pátraic co tech
Bécáin, & ailis
513]
Beneoín feis air, & is amlaid ro bói sein, & ocht fichit
514]
finn-airge aigi, & érais um biadh iat. Ocus táinig
Benén & na
515]
cléirigh ar cúl, & indiset
scéla do Phátraic. As ced
limsa,
516]
ar Patraic, a bh-fhuil aigi-sium do chrudh & do mhuinntir gan
517]
élaithech a m-bethaidh amárach dhíbh, & ro fírad an ní-sin,
518] ut dixit Patricius:
- 519] Becan
ní rab ilar a
tredan,
520] oiret rabh grian ar deiseal
ní rab
seiser d' óibh
Bécán.
¶ 45
521]
Is annsin ro shluic in talam uili a n-aein-fhecht Becan cona
522]
mhuinntir & cona mhaithius idir mhíl & duini. Feis dithat na
523]
h-aidhche anoct uaim-si duit,
a naeim-chléirigh, ar Fulartach
524]
mac Fergusa, .i. nái m-bai fichit atá ac biathadh mu ceitheirne
p.16
525]
acum anallana ar fogail & ar dibfeir(g). Rígi uaim-si duit-si
526]
ó mhedhón lái amárach, ar Pátraic, & dot' shíl ad' deghuid
527]
no gu ticthe risin eclais. Ocus do cuired Becan a talam mar sin,
528]
& dofuc Patraic rígi d' Fhulartach.
Conidh Díth m-Bécain ainm
529]
in sceoil sin.¶ 46
530]
Is and sin ro fhiarfaig Pátraic do Cháilte: ga lín m-bráthar
531]
do bhi ac Finn? Do bátar dá bráthair aige, ar Cáilte, ocus
532]
nírb' urdrucu Find innait .i. Fithal & Cithrumach.
533] Cailte cecinit:
- 534] Diamair ar senchaidi sund
na trí meic do bhi ag Cumull,
535] Finn ocus Cithramach den
ocus Fithal na b-filed.
¶ 47
536]
Cia dhar' Mac Lugach ro fhiarfaiges díd aréir? ar Pátraic.
537]
Robudh ceist ar neach eli sin, ar Cáilte, & ní h-edh orum-sa.
538]
M(ac) do Daire Derg mac Finn, ar Cailte, & do Lugaig ingin
539]
Fhinn .i. ingen dílius aindílius do bhí ac Finn, & tucsat in
540]
bantracht uili luighi cor' ingen dilius d' Finn h-i, & do comraic a
541]
derbbráthair féin ria iar n-ól (cor)ma i Temhair Luachra, &
542]
do-rindi {folio 162b2} in mac-sin ria .i. Mac Lugach, & ro bí
543]
co cend nái mís torrach and, & tancatar bressa brighi & ella
544]
do h-indsaighid, & rucustar gein meic ann, & in adaig
545]
rucad an mac táinic Finn & tri catha na Féinne don bhaile,
546]
& athair in mheic .i. Daire Derg, co Temhair Luachra, & do
547]
h-indisedh dhoibh sin. As gáine leam, ar Finn, ór as mac
548]
rucad ann, & da mad ingen ro budh olcc a breith di-si dá derb-
549] bráthair.¶ 48
550]
Adrae buaid & bennacht, a rígh-fhéinnid! ar cách. As
551]
buadhach in t-ainm tucuis air .i. Gaine. Amail as-bert in fili:
- 552] Gaeine ainm Meic Lugach luinn
Daire a athair ós gach druing,
553] Cú Muighi ainm Meic Rethe
Briuin a athair Dairethe.
¶ 49
554]
Tucadh a n-ucht Finn in mac iar-sin, & tuc Finn i n-ucht
555]
Moingfhindi ingine Dubáin .i. bain-céle d' Finn, & as í ro thócaib
556]
ocht cét sciath-armach don Fhéinn, & ro ail in mac-sin cur' bha
557]
slán a dhá bliadain déc, & tuc a dhaethain airm & éidid dho
558]
ann, & táinic roime co Carraic Chonluain, cu cenn Sléibi Smóil
559]
meic Edleacair, risi n-abar Sliabh Bladma aniu, airm i raibhi
560]
Finn & in Fhian, & táinic a b-fiadnaisi na flatha Féinne, & ferais
p.17
561]
Finn fir-cháine bh-fháilte fris, & do-rindi in mac a coraigecht &
562]
a mhuinnterus re Finn & tuc a láimh i laimh Finn, & do bhí
563]
re bliadain isin Féin, & do-righne lisdacht mhór risin Féin in
564]
bliadain-sin, & ní mó iná fine naenbair don Fhéin ro soichedh
565]
(do) ghuin muicci nó fhiadha ocun gilla-sin, re taoib bhuailti
566]
a g-con & a n-gillanraidi.¶ 50
567]
Is annsin tángatar in Fhiann cu Ros in Fhéinnedha ar
568]
brú Locha línide Léin tes, & ar rochtuin do trí cathuibh na
569]
Fénne conuice sin do-rónsat casait Meic Lugach re Finn. Ocus
570]
adubratar trí catha na Féinne: Do rogha duit, sinne acut nó
571]
Mac Lugach a aenar.