Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 31
314]
(In) b-fhedubair cidh fa tucad dom acallaim sib don (chu)r
315]
-so? ar Pátraic. Ní fhedumar immorro, ar Cáilte. Ar dáigh
316] {folio 161a2}
cu ro shléchtadh sibh do soiscéla rígh nime & talman
317]
.i. in fír-Dia forórda. Is annsin tucad tonn baitsi Críst tairsibh
318]
ac Pátraic, ag cinn baitse & creidme bh-fer n-Eirenn.
319]
Is annsin tuc Cáilte a láimh secha i comhraid a scéith,
320]
& tucustar lia druimnech derg-óir don ór ór-lasrach tíri na
321]
h-Araipi a rabutar trí cóecait uingi, do Pátraic ar baisted
322]
in nónbair do bhí. Tuarastal déidhinach na flatha Finn dam-sa
323]
sin, ar Cáilte: do raith mh' anma-sa & do raith anma in rígh-feinneda
324]
duit-si, a Phatraic. Ocus is ed do ghabhudh in lia
325]
do Phátraic, ó bhárr a meoir medhóin co mulluch a ghualann,
326]
& do bhí ferchubut ar lethet & ar reme innti, & do cuired in t-ór
327]
sin ar find-cheolanuibh tráth In Táilcinn & ar saltrachaib & ar
328]
lebraib aithfrinn.¶ 32
329]
Maith, a anum, a Cháilte, ar Pátraic: gá sealg is ferr
330]
fuarudar in Fhiann riamh a n-Eirinn nó a n-Alpain? Sealg
331]
Arann, ar Cáilte. Cait a b-fhuil in ferann-sin? ar Pátraic.
332]
Idir Alpain & Cruithentuaith, ar Cailte, ocus trí catha na
333]
Féinne teighmís-ne innti i laithi mís trogain risa ráidhter
334]
in Lugnasadh, & do-gheibhmís ar lór-daethain sealga ann no gu
335]
n-gairedh in chái do barruibh biled i n-Eirinn, & binne iná gach
336]
ceol éisdecht re binn-ghothaib a h-énlaithi ag éirghi do thonnuibh
337]
& d' aireraib na h-indsi .i. trí coecait ealta bítís 'na timchill co
338]
taitnemh gacha datha idir gorm & uaine & glas & buidhi.¶ 33
339]
Ocus do ráidh Cáilte in láidh:{SG page 102}
- 340] Arand na n-aighedh n-imdha
tadall fairge re a formna,
341] ailén a m-biadhta buidhni
druimne a n-dergthar gái gorma.
- 342] Oighe baetha ar a bennuibh
monainn mhaetha 'na monguibh,
343] uisce fuar ina h-aibhnibh
mes ar a dairgibh donnuibh.
p.11
- 344] Milchoin innti is gadhair
smera is airne dubh-droighin
345] dlúith a fraigreadh re fedhaibh
doimh ac deghail 'má doiribh.
- 346] Díghlaim corcra ara cairrcibh
fér gan locht ara learguibh,
347] ós a creacaib cain cumhdaigh
surdghail laeig, breaca ac bedhgaigh.
- 348] Mín a mag, méth a muca
suairc (a guirt, scél as creidte),{folio 161b1}
349] a cnó ar barraibh a fidcholl
seoladh na sith-long seice.
- 350] Aibinn dóib ó ticc soinenn
bric fá bruachaibh a h-abunn,
351] freagrait fáilinn má finnall
áibinn gach inam Árann.
¶ 34
352]
Ad-rae buaid & bennacht, a anum, a Cháilti! ar Pátraic:
353]
is tairisi linn do scéla & tú fein budhesta.¶ 35
354]
Is annsin ad-connuic Pátraic dúnad & degh-árus uaid budhdes
355]
gach n-dírech. Cia in baili úd, a Cháilti? ar Pátraic.
356]
Baile is uaibrecha i rabadhus a n-Eirinn ná a n-Albuin sút,
357]
ar Cailte. Cia do búi ann? ar Pátraic. Trí meic Luigdech
358]
Mind meic Aengusa .i. tri meic rígh Eirenn. Ruidhi & Fiacha
359]
& Eochaid a n-anmanna. Crét tuc dóibh-sium in maithius
360]
mór sin? ar Pátraic.¶ 36
361]
Fecht n-aen dá táncatar d' agallaim a n-athar co Fert na
362]
n-Druadh fria Temhraig aníartúaid, Cán asa táncubair, a óca?
363]
ar sé. A h-Echlais Banguba andes, ar siat, a tigh ar
364]
m-buime & ar n-aide. Ocus ro batar édaighi ligda lenn-maisecha
365]
umpu & bratt uaine imón mac ro bo shine dib .i. im Ruidi, & bratt
366]
corrtharach d' olaind examail Tíri Tairngiri im Fiacha, & faideran
367]
fir-gorm im Eochaid co cimais airgid aen-gil ina timchell, & delg
368]
óir isin brut ósa bruindi Cidh ro imluaidh sibh, a
369]
oca? ar rí Eirenn. d' iarraidh críche & feruinn ort-sa, ar siat.
370]
Do bhí in rí 'na thosd re h-edh & adubhairt: Ní h-athair, ar
371]
sé, tuc crích na ferann dam-sa, acht mu rath féin & mo ruithendacht,
372]
& ní thibér ferann dáibh-si, acht cosnaidh féin ferann
373]
dáibh. Is annsin do éirghedar-sum eirghi athlaim aein-fhir, &
374]
tangatar rompa go faidhchi in Brogha braenaigh brecc-solais
375]
& do eisetar ann gan nech ina bh-fharrad. Cidh as
376]
comairle libh anocht? ar Ruidi. As comhairle linn, ar a
377]
bráithri, troscad do dhénam re Tuatha Dé Danann re rath
378]
críchi & forba & ferainn & re maithius máineach mór-adhbhul
379]
d' fagbáil uatha. Ocus nir' chian dóibh annsin co facadar in
p.12
380]
t-óclách suairc sidhamail da n-innsaigid. Ulcha deghgablach
381]
dond fair, folt find-clechtach fororda 'sé buidi bocc-álaind tar a
382]
formna siar sechtarda, & cael-snaithi óir ic cengal an fuilt indfada
383]
fororda ardaigh nach gluaisiud in gaeth gailbech guibelta finda fa
384]
rosc na fa radarc. Assa find-airgit ima chois, & in cos tecmad re talmain
385]
dó is uimpi ro bui in t-assa, & ní benadh a cruindiucc
386]
don rindiuc .i. a drucht do barr an feóir. Bennuighis
387]
do macuibh rígh Eirenn & frecrait-sium fón samhla cétna.
388]
Can duit, a ógláich, ar iat, ocus can as tice? Asin Brugh
389]
braenach breac-sholus i comhfhocraibh dhúibh, ar in
390]
t-óclách. Carsat comainm, a ócláich? bar iat-somh. Bodhbh
391]
Derg mac (In D)aghda misi, ar sé; ocus ro foillsigedh (do)
392]
(Thuathaib Dé) Danann bar tiachtuin-si do throscad{folio 161b2}
393]
sund anocht re ferunn & re mórrath d' fagbail, & ticidh
394]
leam-sa, a ócu. Ocus do éirghedar a n-aein-fhecht, & do-chuadar
395]
isin m-Brugh, & tucad a cathair grind glainidi ar laech-lár in
396]
t-sídha iat, & tucadh próinn dóibh, & nír' chaithset.{SG page 103}
397]
Do fiafraig Bodb díbh cidh um nár' chaithset biad. Rí Eirenn,
398]
ar siat, ár n-athair féin, dar n-éra um crích & um ferunn, &
399]
ní fhuil acht dá airecht chudrama a n-Eirinn .i. Meic Míled
400]
& Tuatha Dé Danann, & táncamar-ne d' innsaigid in dara h-airecht
401]
díb-sin .i. sib-si.¶ 37
402]
Is annsin at-racht Bodb leisin m-beind m-blaith m-buabaill
403]
bai ina laim: Táíí uile, ar sé, & ro táíetar lucht in t-sídha uile
404]
co tái tostadhach, & ro taiscit a cuirnd & a copana & a
405]
m-bleidedha ban-óir & ban-airgid; & do-chuadar Tuatha
406]
Dé Danann a comhairle, & as é ba h-uaisli & ba h-uiregda isin
407]
comairli-sin .i. Midhair Mongbhuidhi mac In Dagda, & adubairt:
408]
tabraidh trí mná dhóibh-súd, ar se, ór is ó mhnáib do gabar
409]
rath nó amhrath. Ocus tucadh trí h-ingena Midair dhóibh .i.
410]
Doirenn & Aiffe & Aillbhe. Abair, a Bhuidhbh, ar Midhair,
411]
cidh do-bérthair dóibh sút? Adér, ar Bodb, .LLL. mac
412]
rígh atámaid isin t-sídh-so : tabhar .LLL. uingi do derg-ór
413]
ó gach mac rígh díbh-sin dóibh. Ocus .LLL. édach uaim-si
414]
dhóibh, ar Bodb, co saine gacha datha. Ascaidh uaim-si
415]
dhóib, ar Aedh mac Aedha na n-amsach
p.13
416]
a Cnuc Ardmulla amuich don muir, risa n-abar Rachlainn isin
417]
tan-sa .i. macam Tuath Dé Danann sin. Corn & dabhuch
418]
uaim-si dhóibh, ar sé, & in dabuch do línad d' uisci eochar-ghorm,
2
420]
& do-ghéna midh so-óla so-meascda de, & saile serb-dhomain do
421]
chur isin corn do-ghéna fín acétoír dhe.¶ 38
422]
Ascuid uaim-si dhaibh, ar Lir Sídha Finnachaidh, .i.
423]
.LLL. cloidhim & .LLL. sleg seimnech sith-fhoda. Ascaid
424]
uaim-si dhóibh, ar Aengus Óg macIn Dagda .i. dúnad
425]
& dingna & baili rígda rómhór co sonnaighib sith-árda & gu
426]
n-griananaib gleorda glainidi & co tighibh rinn-radharcacha rómhóra
427]
isinn inad bus áil dóibh .i. idir Ráith Chobhthaigh &
428]
Temhuir. Ascaid uaim-si dhóibh, ar Aine ingen Modhuirn,
429]
.i. ban-chóic atá acum, & geis di nech d' éra fa bhiadh, ór do-ghébha
430]
ní mar do-bhéra u(aithi). Ascaid uaim-si dhóibh, ar
431]
Bodbh Derg: arpeit(idh) (maith atá acum .i.) {folio 162a1} Fer
432]
Tuinne mac Troghain a ainm, & ruidhbh 'arna ruachtad, & mná
433]
re gúr-lámnad, & mílidh arna moch-ledrad do choideldais frisin
434]
ceol sirrechtach do-ghní, & ní mó as airfitid don dúnad a m-bí
435]
inás do lucht na criche uime!. Ocus do bhátar
436]
re teora lá cona n-oidhchibh isin t-síd.¶ 39
437]
Ocus adubhairt Aengus riu trí h-abla Aifi a Fidh
438]
Omna do breith leo .i. abhull fo bláth & abull ac tuitim a
439]
blátha & abhull abaigh; & do-chuadar cum in dunaid iarsin, uair
440]
ro bai urlum fa comair é, & do bátar .LLL. bliad(an)
441]
and no gu n-dechaid díth arna ríghaibh-sin, & do-chuatar ar cúla
442]
chum Túaithe Dé Danann tréna cleamhnus & trena caratrad
443]
& do ansat ann ó sin amach, & is é-sin in dún
444]
do fhiarfaigis dím, a Phátraic, ar Cáilte.Cáilte cecinit¶ 40
445]
- 446] Trí thuili
ticed a dún Árd Ruidi,
447] tuili ógán, tuile ech
tuile milcon mac Luigdech.
- 448] Trí ceolu
ac ríghuibh seghda ar sodhain.3
450] ceol crot, ceol timpán co
m-blaidh
dórd Fir Tuinni meic
Troghain.
- 451] Trí gáire
bidh ann gan uair fa terca,
452] gáir ceathnata dá faidhchi
gáir graifni ocus gáir erca.
p.14
- 453] Trí gáire
gáir a muc dronnmhar n-degha,
454] gáir a shluaigh ós blai bruidhne
gáir muirne is gáir mheadha.
- 455] Trí cnuasa
bítís ann uas a slatuibh,
456] cnuas ac tuitim, forumh n-gnáth
cnuas fó bláth is cnuas abaigh.
- 457] Trí meic for-fhácuibh Lugaid
gersat rulaidh a bh-fheadma,
458] Ruidi mac Luigdech Lethain.
Echaidh is Fiacha ferdha.
- 459] Do-bhér-sa teisd ar Echaidh
nach dechaidh traighidh madhma,
460] ní bídh gan airfitiud gnáth
ní bidh tráth gan ól corma.
- 461] Do-bér-sa teisd ar Fhiachaig
gérsat rulaidh a fhaghla,
462] nocha n-ebert guth bud ró
is ní bhídh budh mó calma.
- 463] Do-bér-sa teisd ar Ruidi
cus' ticdís na trí thuile,
464] nar' érustar nech um ní
is nár' iarr ní ar dhuine.
- 465] Tricha ruirech, tricha triath
tricha nia ba forumh rí,
466] ba h-é lín a slúaig cétaig
tricha do chétaib fa trí.