Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)
¶ 21
202]
Is annsin tucad loing-shithal bán-óir cum Find, & ro nigh
203]
a ghnúis rígda, & tuc ordain fó a dét fis, & do faillsiged fírinne
204]
dhó, & adubairt: Ruc Artúir mac righ Bretan bhar coin
205]
uaibh, & toghuidh nónbar do dhul dá n-iarraidh. Ocus ro togad
206]
amlaid, & ba h-iat so a n-anmanna .i. Diarmaid mac Duinn,
207]
meic Donnchada, {SG page 99} meic Dhubáin, do Ernaibh Muman andeas,
208]
& Goll mac Mórna. In mac rígh Goll, ar Pátraic, nó in
209]
mac ógláich? Mac rígh, ar Cáilte: & at-bert:
- 210] Mac Taidg meic Mórna don Muig
meic Faeláin, meic Feraduigh,
211] meic Fiacha, meic Airt don Mhuigh
meic Muiredhaig, meic E(oghain).
¶ 22
212]
Ocus Caol Cródha cét-ghuinech ua Nemhnain (.i. cur)
213] {folio 160b1}
conáich co neimh ro bhúi ac Finn, & ba h-í so
214]
neimh ro bhái fair: ór nír' dhibraic a lám urchar n-imroill riam,
215]
& nír' fuiligh a lám ar dhuine riamh mín bud marb acedóir
216]
nach bhud marbh ria cinn nómaide, & ní thainig
217]
a tig iffirn riam cech duine ro muirbfed. Ocus Oisín
218]
mac Finn in té nár' ér duine riamh acht gu m-beth cenn re
219]
caithimh neich aigi & cosa re h-imthecht Is mór in teisd
220]
sin, a Cáilti, ar Pátraic. As fír cidh sin, ar Cáilte, & adubairt:
- 221] Nír' ér Oisín duine riamh
im ór ná im aircet ná im biadh,
222] ní mó do chuinnigh ní ar nech
gémad inn-rígh a oinech.
¶ 23
223]
Ocus Oscar mac Oisín .i. in mac rígh ba ferr lúth &
224]
lámach ro bái a n-Érinn, & Ferdhoman mac Buidhbh Deirg
225]
meic in Daghda, & Raighne Roisclethan mac Finn, & Caince
226]
Corcairderg mac Finn, & Glas mac Eincherda Bera, & Mac
227]
Lugach lám-echtach, & misi féin, ar Cáilte. Ocus ba
228]
h-í ar cétfuidh dhin féin, a naemh Pátraic, co nach raibhi ó
229]
Theprofháne co Garrdha na n-Isperda a n-iarthar
230]
in domain ceithre cét laech nach dingébhmais a láthair chatha
231]
& chomlainn. Óir ní raibhi guala gan gel-sciath, ná cenn gan
232]
cathbarr, ná des-dorn gan dá manáis móir-leabra co suainemaib
233]
lín lan-chadait a foscadaib na crand. Ocus luidh-sium
234]
romhainn fón réim-sin co ráncamar Sliabh Lodáin meic Lir,
235]
& nír' chian dúin ann co cualamar dluth-chomhrád na bh-fer ag
236]
dénam shealga ar in muigh.
p.8
¶ 24
237]
Dála Artúir meic Benne Brit, do eisidh ina dhuma shealga
238]
annsinn cona mhuintir. Indsaighter linne iat co h-athlamh &
239]
ro mharbhsam muintir Artúir uili, & iadhus Oscar a dá láimh
240]
um Artúr & ainices h-é, & tucsam ar trí coin lind. Ocus déchuin
241]
ro dhéc Goll mac Mórna secha con-faca in t-ech bocóidech
242]
dubh-ghorm co srian co cumdach óir fria, & in décsain ro dhéc
243]
dá láimh clí con-faca in n-ech n-donn n-dóghabh(á)la & srian
244]
línaidi láin-geal d' airget aith(legtha) fria co m-béilgibh óir fris,
245]
& g(abus) (G)oll in t-each-sin & cuiris h-í i láim {folio 160b2}
246]
Oisín, & cuiris Oisín i l-láim Dhiarmada í Dhuibhni, & táncamar
247]
romuinn iar m-buaidh coscair & commáidme, & cinn na trí
248]
naonbar linn, & ár coin & ár n-eich & Artúir féin a láim lind,
249]
co Beind Éadair meic Éatgáith an fhénneda, & tangamar assidein
250]
co h-airm i m-búi Find, co Senmagh n-Elta n-Edair.¶ 25
251]
Ocus táncamar isin pubaill i raibhe in rígh-fheinnid,{SG page 100} & at-bert
252]
Cáilte:
- 253] Do-ratsamar Artúir linn
co n-derna a cura re Finn
254] cur'ba óglách d' Fhinn iar soin
cusin laithi luid d' écoibh.
¶ 26
255]
Aincemaid Artuir 'arsin & marbmait a muintir, & tucsam
256]
in dana n-ech-sin d' Fhinn .i. in feir-ech & in bain-each, &
257]
is da síl-sin do bhí echradh na Fénne uili, ór nír' chleachtsat
258]
eich co sin. Ocus ruc in bain-each ocht tairberta & ocht serraig
259]
gacha tairberta, & tucadh do dronguibh & do dheg-dáinib na
260]
Fénne na serraigh-sin, & do-rónta carpuid acu iarsin.¶ 27
261]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti! ar Pátraic; ocus
262]
innis dúin anmanna na triath & na tréin-fer icá rabhadar na
263]
h-eich-sin. Conad ann as-bert Cáilte ocá innisi:
- 264] Aithnid damh eich na Fénne
gibé adéradh re chéle
265] in uair thicedh in sluag seng
co h-aenach Tailltenn taeibh-sheng.
- 266] In Coinchenn Eochaid meic Lir
In Aignech Diarmada dil,
267] In Coscrach Fhinnchaid na g-cath
In Gormlasrach Meic Lugach.
- 268] In Badhbh ac Mac Lugach lán
Érim Cruthach ag Conán,
269] Ben Mhanann tucadh tar muir
do bí ac Finn Bhán ua Breasail.
- 270] In Éachtach Oscair co n-ádh
In Dubluirgnech ag Dubán,
271] Mídach Mairg ic Scal fo caill
is Fer Baeth ag Mac Sidhmaill.
p.9
- 272] Francán ocus Lúth Re Srian
dá ech tháisigh scuir na bh-fhian
273] Lúth ac Scuirín, codhnaibh gal
is Francán ac Dub Druman
- 274] Gerr in Óir, Gerr in Arcait
maraen do cinndís carpaid,
275] dá ech do bhí ag Aillmi ann
ag ingin aird-rígh Eireann.
- 276] Dub Esa is Dubh Thuinne
dá ech Aenghuis Angluinne,
277] Cáilti is Oisín amach
maraen téigdís gach n-aenach.
- 278] Each Guill meic Morna don muigh
fer fairi do b(úi) a Maenmhuigh,
279] tan do-léicthe ar sliabh nó ar muigh
fá comhluath r(e gaeith) n-erruigh.
- 280] Each dá nach dechaidh ní riamh
do coin (ná do mhíl) ná d' fhiadh
281] Concenn do bhí a(c Finn na fledh)
{folio 161a1} tucad a tíribh Saxan.
- 282] An Glas Gaillmhe, mór in midh
ferr ná cét ech a h-aenor
283] do bhí ac Finn in crotha buain
a m-brollach gacha mór-shluaigh.
- 284] Ceatra fichit is dá chét
ocus míle, nocha bréc,
285] d' fheruibh trí nech fáth co lí
a marc-shlúag Fhinn Almhaini.
¶ 28
286]
Ad-rae buaid & bennacht, a Cháilti!, ar Pátraic: as
287]
gairdiugud menman & aicenta dúin sin acht min bhudh coll
288]
crábaid, & min bhudh maidnechtnaighi urnaigthi, & min bud
289]
trécon etarmolta in Coimdedh dhúin é.¶ 29
290]
Ocus do bhátur annsin co táinic maden arnamárach, & gabais
291]
Pátraic a eirredh uime, & táinic ar in faithchi amach, & trí fichit
292]
sacart, trí fichit sailmchétlaid & trí fichit naeim-escub 'na fharrad
293]
ac silad creidmhe & crábaid sechnón Eirenn. Ocus do-riachtadar a
294]
dhá aingel fhorcoiméta cum Pátraic annsin .i. Aibelán & Solusbreathach,
295]
& fiafraighios dibh in budh móid le rígh nime & talman
296]
beith do-som ag éisdecht re scéla na Féinne. Frecrait na
297]
h-aingil do-som co comnart cubaidh: A anum, a {SG page 101} naeim-chléirigh!
298]
ar siat, ní mó iná trian a scél innisit na sen-laeich út ar dáigh
299]
dermait & dichuimhne orra. Ocus scríbhthar na scéla-
300]
sin let-sa i támlorguibh filed & i m-briathraibh ollaman,
301]
ór budh gairdiugudh do dronguibh & do deg-dáinibh deridh aimsire
302]
éisdecht frisna scéluib-sin. Ocus do imthigset na h-aingil
303]
uada iarsin.¶ 30
304]
Is and sin do-cuas ó Pátraic ar cenn Cáilti, & tucad dá
305]
innsaigid h-é in nónbar óclaech do bí, & ba h-iat so a n-anmunna
306]
.i. Failbhe mac Flainn, & Eogan Airmderg mac rígh Ulad, &
307]
Flann mac Fergusa, mac ríg Cenéil Conaill, & Conall Coscarach
p.10
308]
mac Aengusa, mac rígh Connacht, & Scannlán mac Ailella mac
309]
ríg Osraigi, & Baedán mac Gairb, mac ríg Corco Duibne, &
310]
Luaimnech mac Linn, mac ríg Érna Muman, & Aedh
311]
Lethderg mac Eogain, mac rig Tuadhmhuman, & Failbe & Uancenn
312]
dá mac rig Dháil n-Áraidhi atuaidh, & Fulartach mac
313]
Finghin, mac rígh tuath m-Breg & Midhi.