Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

11


118] ‘Cia ro choimét sibh-si mar sin’, ar Pátraic, ‘in bar
119] m-beathaidh?’ Ocus ro frecair Cáilte .i. ‘fírinde inár croidhedhaibh
120] & nertt inár lámhaibh, & comall inár tengthaibh.’

12


121] ‘Maith, a m' anum, a Cháilte’, ar Pátraic: ‘in rabhadar
122] cuirnn náit{SG page 97} copána naid bleidhidha búis & bán-óir isna tighibh
123] a rabhais riam romhuind?’ Ocus freacrais Cáilte sin: ‘is edh
124] do bhúi a tigh mu tigerna do chornnaibh:
    1. 125] Dá chornn déc ocus trí cét
      do chornnaibh co n-ór ac Find,
      126] mar do éirghidís don dháil
      ba h-adhbhul a lán don lind.

13


127] ‘Mun budh coll crábhaidh, & mun bud maindechtnaige
128] urnaigthi, & mun budh tréigen acallmha rígh nime & talman
129] dúind, ro bo gairit linn t' acallaim-si, a ócláich’, ar Pátraic.

p.5

14


130] Do bí Cáilte ac indisin na triath & na tigernadh aca rabatar,
131] & ad-bert in láidh:
    1. 132] Cuirnn ro bhátar a tigh Fhind
      is meabair linn a n-anmann,
      133] Macalla is Grugán Gann
      Cornn na m-Ban ocus Adhmall.
    2. 134] Macamh na Corn, Corn Aillbhi
      co n-ochtaibh aidbhli uile.
      135] acan t-sluag ó láim do láim
      moille a tráigh iná a thuile.
    3. 136] Adharcán corn bói ac Diarmait
      do-beirthea a fialghoit do mhnáibh,
      137] ól dá fer déc fa chethair
      dar mo bethaidh ba h-é a lán.
    4. 138] Dá chorn Mhic Lugach in láich
      Órsholus, Odhrán ind Óir,
      139] Órsholus inmain fer forlán
      scarad neach re comrádh cóir.
    5. 140] Mar do éirgimís don comhól
      i teghlach Find ba h-árd bladh
      141] Mac Alla am láim-si budhéin
      dhan ac Diarmait rom-char,
    6. 142] Grugán a láim Fhind na Féinde
      a corn féine a láimh na m-ban.
      143] Deoch dá fichet a Mac Alla
      deoch trí fichet Corn na m-Ban,
      144] deoch ceithre fichet a Mudhán
      deoch cét laoch a n-Grugán ghlan.
    7. 145] Caingasta corn Oscair áin
      is leis do éirgeadh don dáil
      146] ba mind súla slóigh tar ler
      ris ro tibed mór n-ingen.
    8. 147] Leascach ba lór a áille
      corn Aillindi co n-áine.
      148] Find ro tidluic dá bélaibh
      a laimh Gotháin gheil-méraigh.
    9. 149] Iarla ba lór a shuarca
      do cuiredh na caomchu(arta){folio 160a1}
      150] Find do-rat i tigh n-ola
      do Dhubán mac Dubnóna.
    10. 151] Fer Uaine corn do bhí ac Finn
      do-beirmís linn tar gach lear
      152] dá m-beth ac ól nír' bho dithat
      do bhiad ól trichat fer.
    11. 153] Is é lugha bhói 'nar comól
      a meic Chalpuirn i tam tigh
      154] Fer Tuillidh corn Glais meic Gathail
      a luagh agaibh nocon fhil.
    12. 155] Dobrón re feruibh ba cáidh
      corn meic Rethi co mór-ghráin
      156] misti leo beith i tigh Fhinn
      in tan no bithea i Cromghlind.
    13. 157] Brec Derg ba mór a chaire
      corn Cháilte go caemh-glaine,
      158] uime tuc Finn in tres trén
      'na torchuir Lughaid trí rém.
    14. 159] Cend Áluinn corn rígh Alban
      ris téighmís far dul fedha,
      160] corn in ríg-fheinnid Rónán
      as n-ibhmís mórán medha.
    15. 161] Fer mar Finn ní thic cu bráth
      ní thabuir fáth ar foghlaibh,
      162] ar doman 'gá m-beth a muirn
      nír' shamuil cuirn da chornaibh.

15


163] ‘Ad-rae buaidh & bennacht, a Cháilti!’ ar Pátraic, ‘as
164] urgairdiugud menman & aicenta dhúin sin. Ocus innis óirscél ele
165] dhúin.’ ‘Inneosat ón’, ar Cáilte, ‘& abuir gá scél is áil duit.’
166] ‘In {SG page 98}rabatar eich nó echrada acuibh isin Féin?’ ‘Do bátar
167] immorro’, ar Cáilte. ‘.LLL. serrach aen-lárach & aen-eich.’ ‘Cánas

p.6


168] ar frith sin?’ ar Pátraic. ‘Adér frit a fhírinne, a anum’, ar
169] Cáilte.

16


170] Oclách do búi ac Finn .i. Artúir mac Benne Brit, & ba
171] h-edh a lín, trí naenbair. Ocus do-rónad sealg Benne h-Edair le Finn,
172] & ba tuillmech toirtech in t-shealg-soin, & do scáilset dá conuibh
173] & do shuidh Finn i Carn in Fhéinnedha idir Beinn Edair & muir,
174] & ba maith lais a menma ag éisdecht re raibchedaigh na n-dam
175] n-díscir n-dásachtach ic á luath-marbadh do chonúibh na Fénne.

17


176] Is ann do-rala d' Artúir mac Benne Brit beith ic coimet in
177] mara idir an (fi)adach & muir cu nach snáimhdís in (damhrad)
178] uatha; & mar do bhí Artúir amuich {folio 160a2} i cind in chuain
179] at-connaic trí coin do chonuib Finn .i. Bran & Sceolaing &
180] Adhnuall. Ocus as í comairli arar' cinn Artúir mac Benne
181] .i. é féin & a trí nónbair d' imthecht tar muir & na coin-sin do
182] breith leis 'na tír féin; & do críchnaiged in comairle-sin. Dóigh
183] ámh do-chuatar-som tar muincinn mara & na trí coin-sin leo,
184] & ro gabsat cuan & calad ac Innber Mara Gaimiach i crích
185] Breatan, & tiagait a tír, & lotar rompa co Sliabh Lodáin meic
186] Lir
, & do-rónad sealg in t-shléibi-sin acu.

18


187] Dála na Fénne iarsin, tairnic leo a bh-fhiadach & a bh-fian-choscar
188] do dhénam, & ro ghabsat longport ag Beinn Edair meic
189] Etghaeith
in féinnedha, & ro h-áirmhit coin tighi Find annsin
190] amail ba gnáth aca; & ba h-imdha a coin-sium, amail at-bert
191] an file:
    1. 192] Airim craeibhi ar connuibh Finn
      cona chuanairt bláith bhith-bhinn,
      193] trí cét gadhar, comhull n-glé
      ocus dá cét gaidhrine.

19


194] ‘Ba mór do dháinibh icá rabhutar sin’, ar Pátraic. ‘As
195] fír ámh duit-si sin’, ar Cáilte, ‘ór ba h-é so in lín no bhídh i
196] tigh Finn’:
  1. 197] Trí coecait ro búi i tigh Finn
    do tháisechaib Fiann fír-grinn
    198] is trí cét gilla n-grádha
    dá chét dalta dingbhála.

20


199] Ar n-áirimh na g-con fríth móir-esbaidh forro .i. Bran &
200] Sceolaing & Adnuall, & ro h-indised d' Fhind: ‘Sírter’, ar sé, ‘trí
201] catha na Féinne.’ Ocus gia ro siredh ní fríth na coin.

p.7