Corpus of Electronic Texts Edition
Acallamh na Senórach I (Author: Unknown)

p.1

{folio 159a1}{SG page 94}

1


1] Ar tabhuirtt chatha Chomuir & chatha Gabra & chatha
2] Ollurbha, & ar n-díthugud na Féindi, ro scáilset iar sin ina
3] n-drongaibh & ina m-buidhnibh fo Eirinn co nár' mhair re h-amm
4] na h-uaire-sin díbh acht madh dá óclách maithe do dereadh na
5] Féinde .i. Oisín mac Find & Cáilti mac Crundchon, mhic Rónáin
6] ar scíth a lúith & a lámhaigh, & dá naonmar óclách maraon
7] riú, & táncatar in dá naonmar laoch sin a h-imlibh Shléibhe
8] Fuait
fond-scothaigh foithremhail co Lughbhartaibh Bána amach,
9] risa n-abar Lughbhudh isin tan-so, & do bhádar co dubach do-mhenmnach
10] ann re fuinedh néll nóna in oidchi-sin.

2


11] Is annsin adubairt Cailte re h-Oisín: ‘maith, a anum, a
12] Oisín, cá conair no rachmais riá n-deóidh laoi d' íarraidh áighedechta
13] na h-oidhchi so?’ ‘Ní fhetar ón’, ar Oisín,‘ó nach maireann
14] do shenaibh na Féinde & do shen-mhuindtir Fhind mhic Chumhaill
15] acht triar amháin .i. misi & tusa, á Cháilti, & Cámha in bhanfhlaith
16] & in ban-choimétaidh ro bhúi ac coimhét Fhind mhic Cumhaill
17] ón uair fa macaem h-é gusin laithe a fuair bás.’ ‘Dligmít
18] feis dithat na h-aidchi-so di’, ar Cáilte, ‘uair ní h-éiter a rímh
19] ná a aisnéis in mhéit ro thoirbir in flaith-féindidh Find di-si do
20] shétaibh & do mháinibh re taobh in treas sét is ferr fuair Find
21] riam do thabairt di .i. in t-Anghalach, cornn tuc Moríath ingen
22] ríg mhara Grég do Fhind, & tuc Find do Chámha.’

3


23] Ocus fuaradar feiss na h-oidchi-sin ac Cámha, & ro fhiarfaig
24] díbh a n-anmanda, & ro indsetar di, & ro chái annsin

p.2


25] frasa díchra dér, & ro fhiarfaigset scéla d' aroile ainn-séin, & táncatar
26] iarsin isin teach leaptha ro h-órdaiged dóibh, & ro bhói
27] in bhanfhlaith .i. Cámha, ac órdugud a cotach .i. núa cacha
28] bídh & sen cacha dighi, do thabairt dóibh: uair rob aithnídh
29] di-ssi mar do biadtái a samhla-sumh, & rob aithnidh di fóss
30] in ní bud dáoithin d' Oisín & do Cháilti co menic roime-sin. Ocus
31] ro éirigh sí co h-anmfhann étláith, & ro bói ac imrádh na
32] Féinde & Fhind mic Cumaill, & táin(ic sí) tar imrád Oscair mhic
33] Oisín & tar Mac Lugach, & tar chath (Gabra & aroile). Ocus
34] ro mhuidh tocht mór orro-sumh uime-sin.

4


35] (Is annsin ad)ubairt Cáilte: ‘ní doilghi linde anois iná
36] mar {folio 159a2} as éicin dúind in dá nónbar itamáit do deredh
37] na muindtire móire maithi-sin do scaradh & do scáiledh ó chéile.’
38] Ro freacair Oisín sin: ‘dar mo bhréithir ámh’, ar sé, ‘ní fhuil
39] indum-sa níth ná nertt ina n-deaghaid-sin.’ Ocus gérsat calma na
40] fer-ógláigh ro cháisetar co dubach dobrónach do-mhenmnach
41] maraon risin m-banfhlaith .i. re Cámha.

5


42] Tucad a n-daoithin dighi & míre dhóibh, & ro bhátar teora
43] lá & teora oidchi annsin, & do cheileabairset do Chámha iarsin,
44] & ro ráidh Oisín:
    1. 45] Is toirrsech indíu Cámha
      do-rála i cind a snámha.
      46] Cámha gan mac is gan h-úa
      do-rála conadh senrúa.
    2. 1

47] Is andsin táncatar rompu assan bhaile imach aran fhaithche
48] b-féraigh, & gníset comairle annsin, & as í comhairle do-rónad
49] accu ann, scarad re chéile; & ba scaradh cuirp re h-anmain a
50] scarad. Ocus do-rínset amhlaid-sin, uair do-chuaidh Oisín co
51] Sídh Ochta Cleitigh, bhail a raibhe a mháthair .i. Bla inghen
52] Déirc Dhianscothaig, & téit Cáilte roime co h-Inhdber m-Bic
53] Loingsigh
a m-Bregaibh, risi-ráidter Mainistir Droichit Átha isin
54] tan-so .i. Bec Loingsech mac Airist i-torchair ann .i. mac ríg
55] Rómán táinic do ghabháil Eirenn co rus-báidh tonn tuile ann h-é
56] — & do Lind Fheic ar Bóind bhán-srothaigh, & tar Sen-Breaghmaigh
57] bhudhes, & co Ráith Droma Deirc, áit i r-raibe Pátraic mac Alpraind.

6


58] Is annsin do bhói Pátraic ac cantain na canóine coimdheta,
59] & ic etarmholadh in Dúilemhun, & ic bendachadh na rátha a

p.3


60] roibhe Find mac Cumaill .i. Ráith Droma Deirc. Ocus at-conncatar
61] na cléirigh dá n-indsaighi iat-sum, & ro ghabh gráin & egla iat
62] roimh na feraibh móra cona conaibh móra leo, uair nír' lucht
63] coimhré na comhaimsire dóibh iatt.
64] Is and sin do éirigh in t-éo flaithemhnais & in t-uaithne
65] airechais & in t-aingil talmaide .i. Pátraic mac Alprainn .i.
66] apstal na n-Gaoidhel, & gabhus in t-esríat do chrothad uisci
67] choisrictha ar na feraibh móra, uair ro bhúi míle léighionn do
68] dheamhnaibh uas a ceannaibh conuic in lá-sin, & do-chuatar na
69] demhna i cnocaibh & i scalpaibh & i n-imlibh na críche & ind
70] orba uatha ar cach leath; & do shuidhedar na fir mhóra ina
71] dheagaidh-sin.

7


72] ‘Maith a m' anum’, ar PátraicCáilte, ‘(cia) comainm
73] thú, a ócláigh?’ ‘Cá(ilte) mac Crundchon mic (Rónáin) misi’,
74] ar se, .‘i. mac óglaigh do muinntir Fhinn meic Cumáill mhé.’
75] Ro bádar (na cléirigh) {folio 159b1} ac ingantus mhór
76] acá féghadh re tréimhsi chian,{SG page 96} & ní roiched acht co tana a
77] tháibh nó co formna a ghualand in bh-fer ba mó dona cléirchibh
78] don fhir dhibh-sin & iat ina súidhi.

8


79] ‘Athchuinghidh dob áil lium-sa d' iarraid ortt, a Cháilti’,
80] ar Pátraic. ‘Dá rabh ocum-sa do niurt nó do chumung sin
81] do-ghébthar’, ar Cáilte; ‘ocus abair cidh edh h-í.’ ‘Topar
82] fír-uisci d' fhagbáil inar b-fhocus annso, assa fhétfamáis tuatha Breagh
83] & Midhi & Uisnigh do baistedh’, ar Pátraic. ‘Atá ocum-sa
84] dhuit-si sin, a uasail & a fhíreoin!’ ar Cáilte. Ocus táncatar
85] rompu tar cladh na rátha a(mach), & ro gab-sum lámh Pátraic
86] ina láimh, & ní deachadur acht náoi sbáis ón dorus amach
87] an tan
it-conncatar in loch-tobar grinn glainidi ina fhiadhnaise,
88] & ba h-adbal leo mét & reime in bhilair & ind fhochluchta
89] ro bhói fair, & do bhói ac tabairt a thesta & a thuarascbhála, &
90] adubairt Cáilte in laoidh ann:
    1. 91] A thobuir Trágha Dhá Bhan
      álaind do bhilar barr-ghlan.
      92] ó ro tréigedh do chnuas ort
      nír' léiced fás dot fhochlocht,

    2. p.4

    3. 93] Do bric ód bruachaibh amach
      do mhucca allta i t' fhásach,
      94] doimh do chrega cháin sealga
      do láigh breacca broind-dearga.
    4. 95] Do mhes ós bharraibh do chrand
      t' iasc a n-indberaibh th' abhann,
      96] álaind lí do ghas n-geghair
      a ghlas uaine fhoithremhail!
    5. 97] Is uait do-chuadar in Fhiann
      dar' marbad Coinchend coimfhial,
      98] dar' cuiredh ár Féinde Find
      isin mhadain ós Maolghlind.
    6. 99] Uait do-chuaidh Fathadh na fhledh
      ba laoch do fhuilnged imned,
      100] dá fhuair rath in talman toir
      dar' marbhadh i cath Chlároigh.
    7. 101] Táinic ós cind in tobair
      Blaói ingen Deirc Dhianscothaigh
      102] gol ard con atha aicci
      dar' cuiredh cath Confaiti.
    8. 103] A(r) marbadh chon ocus fer
      ar n-athchuma laoch láin-gheal
      104] co cuala glaodh Gharaidh ghlain
      adhaigh re taobh in topair.

9


105] ‘Maith’, ar Pátraic, ‘in táinic ár próind & ár tomhaltus
106] chucaind fós?’ ‘Táinic ón’, ar Easpac Sechnall. ‘Roind ár
107] próind’, ar Pátraic, ‘ocus tabair a leth don naonmur óclách
108] mhór út, d' iarsma na Féindi.’ Is annsin ro éirghidar a
109] espoic & a shaccairt & a salmchétlaidh, & ro choisricsat in biad,
110] & tucait a n-éna & a n-íbair-lestair dá n-ionnsáighidh,
111] & ro thó(mals)at a lór-da(e)thain bídh & lenna {folio 159b2}, amail
112] ba les anma dóibh.

10


113] Is annsin adubairt Pátraic: ‘nár' maith in tigerna icá
114] rabhuir-si .i. Find mac Cumaill?’ Ocus ro ráid Cáilti in formolad
115] bec-so and sin:
    1. 116] Dámadh ór in duille donn
      chuiris di in caill,
      117] dámad airget in gheal-tonn
      ro thidhluicfed Find.