Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Muirchertaig Meic Erca (Author: Unknown)

Section 51

Imthúsa Cairnig immorro do-rignesein frichnam mór for anmain Muirchertaig & ní thuc a hifernn hé. Do-rigne
960] immorro in irnaigthe dianad ainm da tosach Parce mihi Domine, Deus Pater omnepoténs, Deus anime egrotanti & ro gab co grésach 47for anmain in ríg hí, co tucad a hifernn dó ainim in ríg. Conad ann sin táinic in t-aingel dochum Cairnig & atbert fris cip é no gabad co grésach in irnaigthe


p.34


965] sin comad nimedach cen chunntabairt hé. Conid ann asbert int aingel na briathra sa:
    1. Cip é not gaba co dúr
      irnaigthi Chairnig na rún
      Iúdas is measa ro gein
      970] ropad lór dá fhóirithin.
    2. Tucad nem do Mac Erca
      for h'irnaigthesiu festa,
      ní théit co bráth buidnech beann
      nech it relcib i n-ifernd.

    3. 975] Cé dig neach uaithib do róim,
      mine thora in conair chóir,
      ní mesa a bus féin a díl
      agutsa ic átaid in ríg.
    4. Sechip cimid chaithes ní

      980] a {MS Y folio/facs page 320/318b} tegdais cháid do chilli
      térnóbaid slán, buan in blad,
      gémad dorb sluag 'gá marbad.
    5. Atlochar do Chríst rom char
      aingel cáid icum fhégad,

      985] is é mh'airfided rém lind
      frecnarcus aingil aíbind.
    6. Cóic bliadna fichet iar cóir
      ó thánacas sunna ón Róim
      gus in aidchise im-ne

      990] ní raba cen chaí cip é.

      Cip é

Section 52

Conid aided Muirchertaig meic Erca conice sin amail ro indis Cairnech & Tigernach & Ciarán & Mochta &


p.35

Tuathal Mael Garb gura scribait & gura lesaigit oc na clérchib naema sin ica chuimniugad do chách ó shin
995] i-lle. Finit.

Murchad Ó Cuindlis do scríb in lebarsa dó fén in bliadain tánaisti tháinic ríg Saxan a nÉrind & dul48 aisti fa essíd & uilc imda do dénum isin bliadainsi itir Gallaib & Gaedelaib, pláig choitchenn for daínib & ceathraib Érenn isin
1000] bliadain chétna &c.