765] Éirgidhsein co dian iar sin
& tic d'iaraidh a airm & ní fhuair nech dá fhreagra.
Téit in ingen amach asin tigh & téit sin ina degaidh fo
chétóir & tacraidh sluagh ina ucht co ndechaidh
trít co comthrom. Impóidh ón dorus
arís dochum a leptha. Do-chuadar na slóig amach
770]
faí sin & ní thérnó nech díb gan guin nó gan
loscadh.
Tánic in rí iarum dochum in doruis dorísi & bátar na
smóla & na casracha teinedh etair é & an
dorus. Ó ro lín an teine in dorus & an tegh uili 'ma
chuairt, & nach fuair dín uirre,
téit isin dabaigh fhína ocus báitir innti
775]
é ac dul fúithi gach re n-uair
ar omun na teined. Tuitig in tech ina chenn iar sin
& loiscther cóic troighthi de &
aincidh in fín a chorp gan loscadh ó shin amach.
Ó thánicc in maiden
arnamárach, tiaguid na clérich 'na agaidh .i. Masán
& Casán & Crídan, & berid in ríg leó
780]
gusin mBóin & do-gniat34 a thonach indti.
Do-roich dano Cairnech co n-a manchaib cuca
faí sin & do-righnesein toirrsi mór ica
écaíne & buí ac tabairt
a thesta. Atbert: Esbaidh mór do {MS folio H 253b}Érinn aniú Mac Erca .i. in cethramadh nech is ferr ro thechtaidh Ére
785]
gan chlesaigecht & gan chumachta .i. Muirchertach mac Erca & Niall
Noíghiallach & Conn Cétchathach &
Úgaine Mór.
35
- {MS Y folio/facs page 318/317b}Saegal Meic Erca is eól dam,
ní bec mbliadan ria fégad
790] ón aidche ro chin a chlí
nó co ndechaid ar nefní.
- Deich mbliadna dó i tig in druad
Saignen co n-ilar a buar,
anfad mara36 ros fulaing
795] Muirchertach in trén-chumaing.- Dá bliadain dó i tig in ríg
Muiredaig móir, maith a díl,
co ndechaid fri brón cen brath
darb imnedach Muiredach.
800] Dá chert bliadain dó for beirt
i tig Loairnd dó ag Eirc,
do Muirchertach cen gainne,
nó co nderna fingaile.- Fiche bliadan 's a deich dó
805] i mBretnaib, ní himargó,
frisin ré sin ro theachtaig
Saxain & slóg-Bretnaig.- A cind deich mbliadan iar sin
tinólaid, tenn in togail,
810] Saxain is Bretain cen brón
dochum nÉrenn a tinól.- Fiche bliadan dó co tenn
i rígi thuaiscirt Érenn
i foirb in athar ór gein
815] Muiredaig móir meic Eógain.- Ba ríg for Érinn uile
Ua hEógain in t-ard-ruire
cóic bliadna fiched cen chel
nó gur gerrad a shaegol.S. meic E.
820] Tógbaithir in corp le
Cairnech iar sin dá breith co Tuilén dia adnacul
ann.
Do-rala Duaibsech .i. ben Muirchertaig dona
clérchib iar sin & in corp eturru &
do-rigneséin nuall guba móir toirsig & ro buail a
basa & do-beir a druim iarum
825]
frisin mbile i nÓenach Réil & ro mebaid cró-maidm dia
craide 'na cliab & fuair bás fo chétóir ann sin
do chumaid a fir . Tucsat na clérig corp na rígna iar sin
ma-róen
& corp in ríg 37 conid ann asbert
Cairnech:
- Duaibsech ben maith Meic Erca,
830] claiter lib sunn a lechta,
ingen ríg Connacht na clann
ór gein Fergus is Domnall.- Cuirter Duaibsech fán ulaid,
dursan a héc do chumaid,
835] ingen Duach, claiter a fert
co raib sunna chaidche a lecht.- Cóic bliadna fiched dóib trell
i n-ard-fhlaithius na hÉrenn
nó gur chuir in ríg dár leth
840] máthair a chloindi Duaibsech.D.
Adnaicthir in rígan iar sin & claitir a fert. Adnaicthir didiu in ríg i fail in tempaill allatuaid & ro bí Cairnech ic tabairt teasmolta in ríg co n-ebairt in laídsi:
845] Feart ríg Ailig biaid co bráth
a Tuilén atchluinfe cách,
for Sligid Asail co buan
sunn fa chasaib na mór-shluag.
- 38Ba maith cech sligi re lind,
850] Muirchertach hua Eógain fhind,
ní thánic Érind cen fhell
airdríg bud churthe 'na cheann.- Trícha traiged airdi in fhir
Muirchertaig 39aird-ríg Oilig,
855] ní thicfa dá éis co becht.
neach ro-shoisead a ríg-neart.- Cóic traigthi fichet co fír
tánic sunn do chorp in ríg,
cóic traigthi ro loisced de
860] nach ráinic fín na daibche.- 40Giall ar éicin ní bia ag neach
do shíl in ríg a hAilech,
bid eagail in cech treib teind
cen cob é bes for Érind.
865] Éire mór don chléirech crín
pecad Meic Erca do díl,
is cian bus cumain rem lá
beith ag fégad in fherta .F.
Ó thairnic dona
clérchib in t-adnacol {MS Y folio/facs page 319/318a} do dénum
870]
co facadar chucu in óen-mnaí n-álaind
n-édroicht, brat uaine co n-a chimais ór-shnáith impe.
41Léine do shída shoinemail impe. Do-riacht iarum mara rabadar42 na clérig & bennachais dóib &
bennachsat didiu na
clérig disi & ro airigset gné mbróin &
toirsi fuirri & do-ratsad
875]
aichne fuirri conad hí ro mill in ríg ro bí Cairnech ic iarfaigid
scél di43 & atbert:
Innis dún do bunad,
a ingen gan dubad,
do-rignis ar pudar
880] cid álaind do chorp;
ro marbais ríg Temrach
co n-ilar a theaglach
tria gním n-uathmar n-olc.Innésat mo scéla
885] ní dingén a séna,
a chléirchiu co n-érgna,
d'imlat ar mo chorp
tabair nem dom anmain
co n-érbur duib amlaid
890] a ndernus co hangbaid
for talmain na tor.Dá ndernasa, a ingen,
faísidi na n-imned
is aithrigi rind-geal
895] mar atbéra sinn,
logad do cach duine
do-béram-ne uile
ó aird-ríg na n-uile
dia tuca féin ind.Innis
900] Ro bátar na clérig
iar sin ica iarfaigid di cúich hí féin nó cia a
hathair nó a máthair & cia cúis do bí aice
don ríg in uair ro mill sí mar siúd hé.
Sín m'ainmsi, ol sí, & Sighi mac Déin
meic Triuin m'athair, & Muirchertach mac Erca, ol sí ro marb
m'athair & mo
máthair & mo derbráthair
905]
& mo derbshiur i ccath Chirb for Bóinn &
ro 44dicheann
Sentuatha Temrach & m'atharda uile isin cath sin fós,
conad ann asbert:
Abair, a Shin, rád gan chair,
tacair co fír cia h'athair,
910] nó cía rot tógaib, a ben,
nó cia 'gá fuil do muinntear.
- Ingen misi Shige sheing,
do thuaith Temrach ós Bóind,
ní chél foraib, rád co fír,
915] tucusa sib i n-imshním.- Muirchertach ro marb m'athair,
ro roind mór fadb i cathaib,
i cind Átha Cirb co-se
frisi ráitir Áth Sige.
920] Sigi ba suí i certaib cles
do-rad sochaide i n-ainceas,
a dingbáil i comland chruaid
ní raibe i mBanba brat-ruaid.
Nirb annsa duit t'athair féin
925] iná Muirchertach hua Néill
nocha tréicfed tú re lind,
a ingen builig bláth bind.
- Atbélsa féin dia chumaid,
ríg uasal iarthair domain,
930] i cinta na n-imned tenn
tucus for aird-rig Érenn.- Do-rignius neim dó mo nuar
do fhorraig ríg na saer-shluag,
resíu do-neind beith a bus
935] dursan ná'n éc do-chuadus.
- Ráithi damsa ma-lle fris
nó co torchair i n-éislis,
dia éis ní bíu co fada,
atá dam, a mór-abba.Abair.
940] Do-rigne a faíside iar sin
do Chairnech & do-rigne aithrigi
ndíchra co Dia, amail ro tecaiscead di, & do-chuaid do
réir Chairnig & fuair bás fo chétóir and
sin do chumaid in ríg & atbert iarum
Cairnech fert do dénum di, & a cur fo thuind talman. Do-rigned iarum amail
asbert in
945]
cléirech
45& dixit:
- Sín nírb inmain a dála
gus in laithisea a táma,
fuaramar a holc co fír
do-rad sinn chaidche i n-imshním.
950] Cuirter fa thalmain a cré,
folaigter a corp46 cen ré,
ní thánic a corp ná a clí
nach traethfad ingen Shigi.- Sige nír fher cen engnam
955] i cind átha rob earlam,
i Temraig nir maith a díl
'gá chliamain gur dígail Sín.S.