Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Muirchertaig Meic Erca (Author: Unknown)

Section 21


400] Asbert in ríg riasi ann sin, ‘Déna ní dot ealadain dún, a ingen,’ ol sé. ‘Do-gén immorro,’ ol in ingen. Do-chuatar amach .i. Muirchertach14 & na slóig uile, na fhiadnaisi. Do-rigne Sín immorro ann sin firu gorma dona clochaib & fir eli co cennaib gabur. Co rabatar cethri
405] catha móra foa n-arm-gaiscuid 'na fiadnaisi 15for faichthi in Broga. Gebid Muirchertach a arm-gaisced & a threalam catha iar sin & luid fúithib mar tharb ndian ndíscir ndás-


p.15

achtach & nos geib fo chetóir fora n-airlech & fora n-athchuma, & cech fer no marbadsum díb no éirged fo chetóir
410] dia éis. & ro buísium 'gá marbad mar sin char in chaemlá chaidchi. Gér ba mór luindi & ferg in ríg ro scíthaiged hé mar sin & 16atbert and:
    1. Atchíusa ingnad anall
      for doslinntib na habann,

      415] in lín ro marbus don tsluag
      itát beó co colann-ruad.

    1. Tairnic do fhlaithius uile,
      ní chél ort, a ríg-ruire,
      cech óen ro mudaig do lám

      420] atát beó cubaid com-lán.
    2. Atberimsi frit co fír,
      ní cheilfet sochaidi in gním,
      is tresi cath na fer ngorm
      iná cath na mac mór-oll.

    1. 425] Atbér ní thescub in fraech,
      ní comrac trén-fhir fri baeth,
      ro marbus mór cét don tsluag
      i cath chróda chlaidem-ruad.

  1. Ar in cléirech rot chabair,

    430] in cath cródasa tabair,
    gur thuitset co ndogra lind
    fir gorma & gobar-chind.

  2. Do-bérsa in cath co héimech,
    nár écnaigesu in cléirech,

    435] is cian bus chumain óndíu
    na cathasa mar atchíu.

  3. At.


p.16

Section 22

Ó ropa scíth immorro in ríg ag in cathugad ic slaidi na slóg, téit co toirsech isin dún & tuc Sín fín draídechta & muca draídechta dó. Caithidsium sin co n-a
440] muintir & codlaid co trom 'na diaid co matain & ní raibi nert ná trácht ann arnabárach ic érgi, 17ut dixit:

    1. Atú gan nert, a ben bláith,
      cid im chenn do múirthea in ráith,
      ní fhédaim cor dom láim deis,

      445] nisam tabartha in éisleis.

  1. Tabair ar in cléirech cáid,
    bec nach táinic do thiug-dáil,
    is é rot chabair i bus.
    ná héirig ar aneólus.


  2. 450] Maith in chomairli do ráith
    do-beir anosa in ben bláith,
    acht is anforlann indiú
    ní thréicébsa neach mar tú.

  3. Atú.

Section 23

Mar do bátar iarum forsna briathraib sin, co cualatar
455] trom-gáir na slóg & na sochaidi ic tog {MS Y folio/facs page 315/316a} airm Muirchertaig amach & 'gá greannugad dochum in chatha. Is ann ro bádar dá chath chommóra isin Brug 'na fhiadnaisi .i. fir gorma isin dara cath & fir cen chind isin cath ele. Ro fhergaiged immorro Muirchertach fa greannugad na
460] slóg & ro érig co hopunn & 18 ro thuit co héneirt ar lár, co n-ebairt in laíd:

    1. Gáir trom, tairm do-níat sluaig,
      cath fer ngorm rind atuaid,
      fir cen chind fobres treass

      465] isin glind rind a-neas.

    2. p.17

    3. Fand mo nert dochum shluaig,
      ba mór fecht rugus buaid,
      mór in sluag, tenn an dáil,
      borb a n-ainm, garb a ngáir.
    4. G.

Section 24


470] Luidsium iar sin isin mBrug & téit fana slógaib & gabais fora n-airlech & fora n-athchuma co foda do ló. Tánic Sín iar sin chucu & do-beir rígi forro do Muirchertach, & anaid dia chathugad . & tic in ríg reme iar sin co Cleiteach & delbais Sín dá chath móra eturru & in
475] dún. Ó ro fhégsum iatsein téit fúithib & ro gab for cathugad19 friu.

Section 25

In tan iarum ro bísium ac cur in chatha sin, is ann ro chuir Cairnech Masán & Casán & Crídan dia shaigidsium ar dáig furtachta dé. Uair do fhitir in naem uasal
480] in t-anforlann ro bí fair in uair sin. Comraicit na clérig frís isin Brug iar sin & ag leadrad na cloch & na fód & na nguisén ar chena, conid ann 20atbert:

    1. Cid fá leagai na clocha,
      a Muirchertaig, gan fhotha,

      485] is truag lind do beith gan nert
      do réir ídail ic draídecht.

  1. An cléirech ro ataig rim,
    tánag i comlann dá chind,
    nocha n-fheadar armo-thá

    490] nachat cróda na clocha.

  2. Tabair cros Chríst co rúinib
    anosa dar do shúilib,
    toirind fri head do brotha,
    cid fá lecai na clocha.

  3. C.


p.18

Section 26


495] Airisid ferg in ríg-míled iar sin & tic a chiall dó, & do-beir sigean na croiche dara agaid & ní fhacca ní ann iar sin acht clocha & fóid in talman ar chena. & iarfaigis scéla dona clérchib iar sin. & atbert, ‘Cid má táncabar,’ ol sé. ‘Táncamar ar cenn do chuirpsiu,’ ol siat, ‘uair is
500] focus bás duit,’ ut dixit:

    1. Cid 'má táncabar ón chill,
      a macu légind lán-bind,
      ná celid ar Dia nime,
      innisid dam fírinne.


  1. 505] Táncamar ar cenn do chuirp,
    a fhaisnéis do-génum duit,
    bérmait lind hé co tuile (.i. Tuilén)
    cen anmain, a deg-duine.

  2. 21Lesaigid mo chorp co hán,

    510] a Masán is a Chasán,
    berid lib mo chorp, m'ainmech,
    isin maidin co Cairnech.

  3. Bérmaíd do chorp, is gním truag,
    co ria Tuilén im an úar,

    515] is adbar toirsi co tenn
    i n-iathaib ána Érenn.

  4. A chlérchiu, is trom lim in dál
    scarad m'anma rem chorpán,
    isam eacail beith cen treóir

    520] a críchaib uara aneóil.

  5. Cairnech is Tigernach22 tenn,
    ard-naeim uaisli na hÉrenn,
    ní léicfet tú a n-ifernn úar,
    a thuir chróda chlaidem-ruad.


  6. p.19


  7. 525] Arcu23 fuin
    do ríg nime, leis mo dluig;
    ar bar n-inchaib mo chorp glan,
    a-nocht cid 'má táncabar.

  8. C.

Section 27

Do-rónsat na clérig tóraind chilli and sin isin Brug,
530] & asbertadar frisium a clad do thachailt i n-anóir in Choimded móir na ndúl. ‘Do-géntar,’ ol sé. Ro gabsum ic tachailt in chluid ann sin conid ann sin do cét-milled faichthi in Broga ar tús riam. & ro boísium oc innisin a scél fesin dona clérchib, & oc aithrigi ndíchra fri Dia
535] ut dixit :

    1. Atlochur do Mac Muire,
      Tairnic sunna mo luinne,
      ic dénum relgi rúaidi
      ar brú Broga barr-uaine.

    2. 540] Rob annum lim gus indiu
      reilec do chur mar atú ,
      ba menci lim cen cor leas ,
      loingeas a cill cen chairdes.
    3. Ó thánac Érind dar ler,

      545] cumain lim in lín bliadan,
      ní raba lá, buan in blad,
      cen cheann curad sa choscar .
    4. Óen bliadain déc dam i bus
      nó co fuaras ferannus,

      550] ní raba aidche ris sin
      cen chend Laignig nó Muimnig.

    5. p.20

    6. Fiche bliadan damsa féin
      i rígi Eógain meic Néill ,
      cenn cech n-aidchi lim cen acht

      555] a hUlltaib nó a crích Connacht.
    7. Cóic bliadna fiched cen fhell
      dam i n-aird-rígi nÉrenn,
      ní raba aidchi ri sin
      gan neach a nÉrind dargain.

    8. 560] Dá bliadain mé i nAlbain tair,
      ro marbus mo shen-athair,
      tucus slóg a snímaib ann,
      dom gnímaib do thuit Loarnd .
    9. {MS Y folio/facs page 316/316b}Dá bliadain damsa iar sin

      565] i rígi for Danaraib,
      ní raba aidche ri sin
      gan chind desi for cuaillib.
    10. Is í seo mfhaíside fhír
      i fiadnaisi ríg na ríg

      570] nach lía dom' laithib gan tlás
      iná thucus a tiug-bás.
    11. Céd & bliadain fo deich
      ó ra geniusa cen chleith
      gus in laithisea cen locht

      575] ní derna riam acht lán-olc.
    12. Ní dernus relic ri sin
      ná eclas cháid don Choimdid,
      acht mad tuile cath do chur,
      don Choimdi mór atlochur.
    13. At.


p.21

Section 28


580] A haithli na faísite immorro ro bennachsat na clérig uisqui dó iar sin, & ro chaith corp Críst & do-rigne aithrigi ndíchra co Dia, & asbert friu a innisin do Chairnech amail do-rigne a fhaísite & a aithrigi, 24 conid and asbert:

    1. Hidan, idan corpán criad,

      585] cuman, cuman cruth na ndael,
      ecal, ecal in béist búan,
      fuar, fuar in chloch imon taeb.
    2. Ecal, ecal ifernn uar,
      baile bith-sheng tria bith sír,

      590] mo mian i bus dámad chian
      beith sair siar i relcibh ríg.
    3. Dom chorp, dom chorp tria bith sír
      rob fhir, fír, rob ecail aed;
      fín, fín don uisqui cen bréig

      595] mar théit, téit ro fheadar Áeb. .i. idin ele don mnaí chétna
    4. Co bráth, bráth ní bia fo decht
      dál, dál ic duine im airecht;
      mo bríg, bríg ro scaich a cacht,

      600] bid fír, fír gan a taidecht.
    5. A relic, relic ríg ruaid
      co fír, fír do-chóid mo buaid;
      ní holc mar do-rala dam,
      mo chorp co hidan, idan.
    6. Idan

Section 29


605] Anait na clérig in aidche sin a cill in Broga, & téit in ríg co Cleitech & suidis for deis a mhná ann. Fiarfaigis Sín de créd ro thoirmisc a chomlann uime


p.22

isin ló sin. ‘Na clérig táncadar chucum,’ ol sé. ‘& do-radsat sigen na croiche Críst dar m'agaid & ní fhaca
610] ann ar sin acht mad raithnech & clocha & bolca bélcheó & gasána sanais, & ó nach raba ann neach in-chomlaind damsa, tánacus ass.’

Section 30

25& dixit Sín:

    1. Na clérig ná creid co bráth

      615] uair ní chanait acht anfáth;
      ná len a rann cen bindi,
      uair ní adrait fírindi.
    2. Ná hadair do chlérchib cell,
      mad áil leat beathu cen fheall;

      620] ferr do charait misi i bus,
      ná ticed duit aithrechus.
    1. Biatsa caidche ma-lle rit,
      a ingen fhind cen anricht,
      is do[macr ]chu limsa do drech

      625] iná cella na cléirech.

    Na