Corpus of Electronic Texts Edition
Aided Muirchertaig Meic Erca (Author: Unknown)

Section 11


205] Ro escain Cairnech trá in dún ann sin, & ro benn a chlocc ann, & tánic ass iar sin fo brón & fa thoirsi. Ro ráidset immorro clanna Néill fris, ‘Bennaig sinne,’ ol siat, ‘anosa, a chlérig, co ndigsium dár tír fesin, uair ní cintach sinne riut.’

Section 12


210] Ro bennaig Cairnech iat, & ro fhágaib fágbála dóib .i. do chlandaib Conaill & Eógain. In uair nach biad airechus Érenn nó a ríge acu a spraicc for cach cóiced 'na timchell & comarbus Oilig & Temrach & Ulad acu, & cen tuarastal do gabáil ó neach, ar is é a ruidles fesin rígi
215] nÉrenn, & cen glas for giall, & meath for na giallu dia n-elád, & buaid catha acu acht co tucad fa adbar chóir
, & co rabat trí mergi acu .i. in Chathach & in Clog .i. in udachta Pádraic, & in Mísach Chairnig, & no biad a rath sin uile ar óen-mind díb re hucht chatha 8amail ro fhágaib
220] Cairnech dóib ut dixit:

    1. Mo bennacht foraib co bráth,
      a chlanna Néill co ro-gnáth;
      gurob lib tír Meic Erca,
      bid ordraic bar n-imthechta.

    2. 225] Ná marbaid bráigdi ríg réil,
      i focus i n-etirchéin,
      bid lib cach maithes cen fhell,
      biaid bar flaithius cen fhorceand.

    3. p.9

    4. Trascraid uaib ar chách i céin

      230] dá nderna neach bar n-aimréir;
      ná hobaid comlann ná cath,
      ní bethi chaidchi cen rath.
    5. Taislid adaig cech tíre,
      uair is lib an airdrígi;

      235] ná millid nách duine ar lár
      acht in ríg a óenarán.
    6. Teachtaid giallu cáich bar láim,
      ní ba haithrech lib in dáil;
      techfid cech neach ré bar cath

      240] dá tugthaí hé co dligthech.
    7. Teachtaid bar mbráthair fodéin,
      i focus i n-etirchéin;
      ní cloífithir oirb bar cath
      gus in laithe ndéidenach.

    8. 245] In tan maídfes sib ní min,
      bid eagail sib in cech thír;
      biaid a cluasaib bar fogur,
      ar cach tír bar ngarb-olur.
    9. Aderimse rib co fír

      250] in tan atbéla bar ríg
      biaid mo lebarsa mar tú
      & a scríbeand 'na chrú.
    10. {MS Y folio/facs page 313/315a}Fil lium comartha aile
      re haidid bar rígraide.

      255] bid cosmail re crú is re fuil
      Loch Febail & a muir.

    11. p.10

    12. Bennacht uaimsi for bar tír,
      for bar ndaínib co nglan-bríg;
      gébthaí Ériu co bráth mbecht,

      260] & berid mo bendacht.
    13. Mo b.

Do-chuaid cách díb ina dúnad & ina deg-baile fesin .

Section 13

Imthúsa Cairnig, tánic side reme d'innsaigid a mainistreach & tarladar dó slóig móra 'na agaid .i. Síl Taidg meic Céin meic Aillela Óluim, & tucsat sein leó
265] Cairnech do dénam a coraidechta & a codaig fri Muirchertach mac Erca, & ó ro hinnisead eiséin don ríg tánic asin baile amach & ro fher fáilti friu.

Section 14

Ót-chonnairc immorro Muirchertach in cléirech acu tánic loisi mór de & asbert, ‘Cid fa tánagais chugaind,
270] a chléirig,’ ol sé, ‘ar n-ar n-eascaine duit?’ ‘Do dénam shída itir Shíl Taidg meic Céin & Síl Eógain meic Néill tánac,’ ol sé. Do-gníthir iarum codach ann sin eturru, & cumaiscid Cairnech a fuil i n-óen-leastar dib línib, & scríbais amail do-rónsat in codach 9ann sin, & asbert
275] Muirchertach:

    1. Érig, a chlérig do chéin,
      ná bí i focus 'gár n-aimréir;
      ro escainis ind co becht
      ó do-rignis ar tiug-lecht.


    1. 280] Ní haire tánac i-lle
      do fhuilliud na hescaine,
      acht do dénam chodaig gairg
      itir Shíl Eógain is Taidg.
    2. Dá Gailenga, dá Luigne,

      285] Saitne Ciandacht co cuibde,
      Fir Arda Dealbna caemna,
      hUí Aeda Odba shaera.

    3. p.11

    4. Cumaiscther a fuil co becht,
      a Meic Erca co mór-nert,

      290] co scríbthar i lebar lem
      codach Eógain is Gaileng.
    5. Cipé milles in cach aird
      codach Síl nEógain is Taidg,
      do-bérthar dó, is fogail tend,

      295] gairdi shaegail iss ifearnd.
    6. Dá marba neach a chéli
      díb ní ba maith in séri,
      nodus sáraigébsa a clí,
      rachaid co fír ar nefní.

    7. 300] Bid hí seo bar n-óenta i bus,
      is bid é ar nim bar cádus,
      lim bus cumain co hémig.
      Geib umut & érig.

    E.

Section 15

Ó do-rónad iar sin in óentu & ó ro bennaig Cairnech
305] iat uile & ro fhácaib gairdi shaegail & ifernn don tí ro millfed in codach co fis dó, ro fhácaib iat iar sin & luid reme dá mainistir. Téit immorro in ríg dá dún & na sluaig sin leis dia choiméd dar éis cloindi Néll.

Section 16

Suidig in ríg ina ríg-shuidi & suidig Sín for a deis
310] & ní thánic i talmain mnaí
bud ferr delb ná tuaruscbáil iná sí. Ó ro fhég in ríg furri ro buí ic iarraid eólais & ic fiarfaigid cheast di, uair dar leis ropa ban-déa co mórchumachta hí, & ro iarfaig di créd in cumachta ro bí aice. Conid ann asbertsum & ro fhregair sí: 10


    1. 315] Abair, a ingen éimech,
      in creidi Dia na cléirech,
      nó cia ór genis i bus,
      innís dún do bunadus.


    p.12

    1. Credimsi in fír-dia cédna

      320] dom churp ar amus éca,
      ní dernaid mírbail a bus
      nach dingnindsi a cosmailius.
    2. Misi am ingen mná & fir
      do shíl Éva & Ádhaim,

      325] am dingbála duit i bus,
      ná rot gaba aithrechus.
    3. Do-génaind gréin is ésca
      & renna ro-glésta,
      do-génaind daíne co lond

      330] ica tachur i comlond.
    4. Do-génaind fín nocha brég
      don Bóinn mar atá fa méd,
      & caírig do chlachaib
      is muca do raithneachaib.

    5. 335] Do-génaind airged is ór
      i fiadnaisi na mór-shlóg,
      do-génaind firu co mblaid
      anosa duitsiu, is abair.

    A.

Section 17

‘Déna dún,’ ol in ríg, ‘ní dona mírbuilib móra sin.’
340] And sin ro érig Sín amach & do chóraig dá chath chom-móra, chom-nerta, chonaclacha , & indar leó ní thánic i talmain dá chath bud chróda & bud churata iná siat ic airlech & icc athchuma & ic dian-marbad a chéli i fiadnaisi cháich.

Section 18


345] ‘In faici siúd?’ ol in ingen, ‘& indar lim ní brég mo chumachta itir.’ ‘Atchím,’ ol sé, Muirchertach, 11co n-ebairt:


p.13

    1. Atchíu dá chath chróda chain
      ar in leirg ag imargail;
      ní chredfi neach nach fil {MS Y folio/facs page 314/315b}sunn

      350] a cathugad ná a comlund.
    2. Cuirit a cath calma a nglonn,
      brisit farcha fri forlonn,
      ledrait a cuirp cen fhuarad,

      355] ní anait ag imbualad.
    3. Ní thánic riam for talmain
      neach nach táithfidís amlaid,
      for feraib bodba nach fiu
      tiagait na dá chath atchíu.
    4. At.

Section 19


360] Téit in ríg co n-a muindtir isin dún iar sin. Ó ro bádar seal ag fégad in chathaigthi, tucad ní de uisci na Bóinde chuca iar sin, & atbert in ríg frisin ingin fín do dénam de. Línais in ingen trí dabcha don uisqui iar sin, & cuirid bricht indtib, & nocho táinic for talmain fín rob
365] fearr blas ná bríg dar leó inás. Do-rigne didiu mucca doilbthi draídechta don raithnig & do-rad in fín & na muca don tslóg iar sin, & ro chaithedar co rabadar sáitheach dar leó. Ro gell sí immorro co tibred 12a chom-méit cétna dóib cech laí tria bithu sír, conid ann asbert Muirchertach:


    1. 370] Ní tháinic sunna co-se
      biad mar in mbiad atchíthe,
      ní thánic fín mar in fín,
      is fleadh dingbála deg-ríg.

  1. Dáithin fer nÉrenn co bráth

    375] agumsa dúib asin áth
    do lind is d'fhin re laige,
    ní cumachta sídchaire.


  2. p.14

  3. Bennacht uainne for do nert,
    a ingen chaem co ndraídhecht,

    380] mo-chen dontí gusand ric,
    ingen mar thú ní thánic.

  4. Ní t.

Section 20

Do-gniat didiu Síl Taidg meic Céin faire in ríg in aidche sin ó thairnic tóchaithem na fledi draídechta sin. Ó ro érig in ríg iarnabárach is amlaid ro boí mar do beith
385] i searg galair , & is amlaid ro buí cech óen ar chena ro chaith in fín & in fheóil dolbthí draídechta ro ordaig Sín dochum na fledi sin. & 13atbert in ríg:

    1. A ingen, ro scaith mo nert,
      súail nach táinic mo thiug-lecht,

      390] i ndiaid na haidchi cen on,
      mar do beind a sír-galor.

  1. In fín ro chaithis, a ríg,
    ní tháinic fín bud ferr bríg,
    is é ro mesc do chorp cain,

    395] ní thicfa olc frit anmain.

  2. Dias chomadais ind maróen,
    misi & tusa, a ben chaem,
    sásta sochaidi dot fhleid,
    at togaidi mar ingin.

  3. A