Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 81


1468] Is ann sin do gab Conn a eirred catha uime .i.
1468] a chneis-léine chiartha chom-daingen co n-a teora.
1470] réltann do derg-ór fuirre; & do gab a inar do shróll
1471] il-breac ingantach Thíri Tairrngire co ngabad dó ó fhosadh
1472] a chinn co a cholpa ; & do gab a lúirig truimm treabraid
1473] trén-daingin co n-a cennait chom-dhaingin don chinél
1474] chédna; & do gab a chois-éidedh do chaol-fhinnruine
1475] fá chosuib; & do gab a dhá lámhaind lúthmara im a lámhuib
1476] nach fes cá mitall dóib, acht a fagáil a sídh dó & dath
1477] snechta re sith-shilledh orra-séin, & buaid coscair ar in
1478] tí fá mbídís, & ní tabarthaí urchar n-imraill eistib &
1479] do gab a muince mín-édtrom im a muinél & a minn aird-rígh
1480] um a chend, a rabatar caoga gemm carrmogail do
1481] chlochaib tíre na h-Innia - ba com-sholus lá & adhaigh
1482] as-séin; & do chengail a chlaidhem69 dá leith chlí &


p.58


1483] do gabh a sciath cimais-derg comramach fair; & do
1484] thóccbustair a dhá chraísigh chrand-ramra catha co
1485] mbunchoraib óir deirg im a mbráighdib