Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 44


865] Ro imthig Magar leisin toisg sin. Tucad Derg
866] Damsa draí d'acallaim Eógain iar sin, & adubairt, ‘Éirigh-si
867] dam-sa,’ ar sé, ‘co Bresal mac Briúin & co h-Eochaid
868] Cobha, co dá ríg Ulad, & innis dóib gurub é Feidlimid
869] Rechtmar do marbh a n-aithri, & Conn féin dá cur-san
870] fá dhaír-chís dúr-fhoghnamha, & do sgar Temair riú.’
871] Agus ráinic in draí d'acallaim Ulad iar sin. Agus do
872] thinóil Mog Nuadad dá chóiged Muman co roibe naí
873] catha a n-én-inadh; & do thinóiledar Laigin co léir, &
874] táncadar co h-Áth Lethan ar Berbha; & táncatar Ulaid
875] co Finn-charn na Foraire ar Sliab Fuaid, d'athchur &
876] d'innarbad Chuinn. Ní h-edh amáin acht do impótar
877] fir Érenn uile air cenmothá Connachta namá. Ro h-innised
878] do Chonn na coimthinóil sin ar n-éirghi i n-a
879] agaid, & do aithin gur innarbthach é féin. Ro fhágaib
880] Temair co n-a turscar & ráinic roime co brónach bith-imshnímach
881] co Cruachain, & táinic Conall Cruachna &
882] Connachtaigh i n-a comdáil ann sin, & táinic Goll mac
883] Morna co n-a fhianaibh ann. Do h-innised do Mog Nuadad
884] Conn d'fhágbáil Temrach co n-a tuathaib ar a


p.36


885] theichedh-sum. ‘Is fír sin,’ ar Mog Nuadad, ‘inad
886] bunaidh ríg Érenn Temair; & mar do len-san misi fiarlaíd
887] dá chóiged Muman lenfad-sa eiséin a cóiged Connacht’