Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 42


836] Goiris Eógan Maghar mac rígh gairb-deiscirt
837] Érenn dá agallaim, & adubairt ris, ‘Éirigh uaim, a Magair’
838] ar sé , ‘d'agallaim ríg Laigen .i. Fiachaid Baicedha mac
839] Chathaír Móir, {folio 6b. II}& innis dó mo thecht-sa a n-Érinn,
840] & innis dó fós gurub é Conn Céd-chathach do marbh a
841] athair a cath Maighi h-Ágha , acht gé atá a fhis aigi féin;
842] & is é fós tuc forthórmach anma air 41féin isin
843] chath chédna, co nderna bacach baclámhach de,
844] unde Fiachaid Baicedha . Agus éirghed sé linne a
845] n-agaid a námhad, & cuimniged sé a fhalta co coitchenn
846] do Chonn, & tabrad sochraidi Laigen leis chucainne’