Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 41


822] Ráinic Derg Damsa d'accallaimh Eógain iar sin,
823] & do innis ráiti na ríghraidi sin uile i n-a fhiadhnaise.
824] Do éirigh Eógan co n-a allmarchaib ann sin gan fuirech
825] & do gluaisedar rompa i n-a cipe chomdaingen chatha
826] co Carn mBuide, & tángatar a timchell an tighi a rabadar
827] maithi Muman, & nír léig aon-duine bethad as díb nó
828] gur giallsat d'aon-chomairle uile d'Eógan. Agus tucsat
829] a maithi uile a lámha a láimh Eógain .i. Conaire &
830] Maicniadh mac Luigdech & Flann mac Fiachrach rí
831] oirthir Muman, & tucsat uile braigde & eidire d'Eógan;


p.34

aca Notes revised till line 628
832] & do bátar a fledha & a fuirega & iad féin ar ordugad Eógain
833] an adaigh sin. Agus do éirgedar co menmnach ar n-a
834] márach, & táncadar a n-oirechtas um an aird-rígh, um
835] Eógan, & do bátar uile ó aithech co ríg igá riarugad.