Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 34


698] Mairg ámh tarla etir an dá thenn sin gan tesargain
699] .i. muir & mor-ghaoth tarrsna re taobuib trén-long & re
700] cnarruib comdhaingne & re sgúduib sgothamla; gurbo
701] léibenn gránna geránach ar aillib & ar im-doimnib an
702] aigéin a gainemh & a grian35-turrscur ó íchtar go
703] h-uachtar. Co nár fháguib in ghaoth aca clár gan
704] crithnugad ná tairrnge gan tégadh ná falann gan fásgad
705] ná reng gan ro-brised ná leabaid gan luath-thaomad ná
706] crann gan crathadh ná slat gan sním ná seól36 gan tshaobad
707] ná laoch gan leónadh ná óg gan egla ná mílid gan merten ;
708] acht maithi & mór-choimsig, luinn & luamairedha na
709] laechraide, ag tegar & ag timsugad a téd & a táclad a
710] comaired do beth an muir ag caithem a muirne & a mongar


p.29


711] risin mór-ghaíth. Gidh trá acht ó da shéidestair in gaoth
712] a gail & nach fuair fáilti ná onóir ón fhairgi, do imthig
713] roimpe co baoth barr-udmall co h-aiti uachtaraigh
714] a h-anta.