Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 24


480] Dála Mogha Nuadad, do chuirestair a longa
481] ar fairrgi & do gluais roime. Naí trátha dóib ar fairrgi
482] nó go rángadar cuan ainbthinech na h-Espáine. Is é
483] ba rí a n-iarthar na h-Espáine an tan sin .i. Éibher19 mór
484] mac Midhna ; & do bí ingen oireghda a n-aentuma ag
485] in rígh sin .i. Bera ingen Éibhir , & áirmid eólaig ar mnáib
486] áille a h-aimsire í. Agus fá muirnech mór-onórach
487] oilemain na h-ingine sin rígh na h-Espáine, uair do bhídís
488] trí caogaid ban i n-a banntrocht i n-a coimidecht,
489] & do bíodh leithed a dhá bonn d'ór cherdamail fá


p.20


490] cosuib, & ba lasamail an baile i mbídh ó eirradhuib breac-
491] dhathacha a banntrochta. Is í sin aimser {folio 4b}a
492] tarrla aire ríg na h-Espáine ar fad aontuma a inghine, &
493] do iarr Dá Drona draí chuigi, & adubairt ris a fhis
494] d'fhaghbáil dhó cá fer lé faífed a ingen
. ‘Ro-fhedar-sa
495] sin,’ ar sé, ‘uair is a h-Espáin féin do-chuaidh cenél
496] in fhir agá mbia, & ticfa sé anocht a n-Espáin ; & éirghedh
497] h'ingen-sa soir go Sruth n-Éibhir & gébaidh sí bradán
498] ball-chorcra d'éignedhuib Mara Romair ann, & tlacht
499] caom corcra uime ó eirr go a ard-ghoilbech ; & benadh
500] Bera a eirradh de, & dénadh sí lenn lán-maisech fá chomair
501] a céile don tlacht sin.’