Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 22


448] Imthúsa Moga Nuadad, innister sunn seal eile.


p.18


449] Ráinic roime co h-Inis Greagraidhi assin ngábad sin tar
450] éis a fuair d'ulc & d'uathbás, & do bí a comaonta
451] Édaíne an adaigh sin; & do cóirghid a créchta go
452] h-onórach ag Édaín, & do bhádar naí n-oidhchi aici17
453] isin innsi nó co ndechaid a sgís & a merten díbh, &
454] do gabh Eógan lámh ar imthecht assin innsi ann sin.
455] ‘Is pudar a fhad gur thriallais ,’ ar Édaín, ‘uair
456] mana bheitheá acht én-adaigh isin innsi si ní beitheá
457] acht én-bliadain a n-égmais Érenn ar innarbadh; & ó ataí
458] naí n-oidhchi isin innsi si beir naí mbliadna a n-égmais
459] Érenn, & rachaid tú echtra im-chian a h-Érinn co
460] h-Espáin. Agus cuirfed-sa coimghi chonaire umat,’
461] ar sí, ‘& do-bér imshlán a n-Érinn arís tú.’ Agus adubairt
462] Derg Damsa in laídh ann:-