Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 15


299] As a h-aithle sin do iarr in t-éiges cairdi trí lá
300] & trí n-oidhchi d'Eógan re comarle, & tuc Conn in chairdi
301] sin, & ráinic in draí roime d'agallaimh Eógain. Is ann sin
302] do thinóil Eógan maithi Muman & ruc leis go Glenn
303] Lára a Luachair Dedhadh na deig-fhir sin. Agus do
304] gluais Conn co n-a chathaib a cédóir go Glenn Lára 'n-a
305] lenmuin, & do chuartaigetar ferann Conaire mic Mogha
306] Láma & do chrechsad a urmór .i. ó Shligidh Dála go


p.13


307] h-Oilén Éile & ó Oilén Éile go h-Oilén mBric & ó Gabrán
308] go Cnám-chaill. Agus do thimsaighedar crecha
309] Maicniadh meic Luighdech ó Chnám-chaill go Luachair &
310] ó Shliab Eibhlinne co Sliab Caín & ó Shliab Caín co
311] fairgi budh dhes, & do thimsaig etir a mbroiti & a mbó-
312] tháinti leó. Agus tuc Conall Cruachna & {folio 3a. I} clanna
313] Morna troim-néll teinedh tar in tír .i. tar Iar-mumain
314] ó Luachair go Droing & co Loch Léin bud dhes, & tucsat
315] airgne & édála imda leó go h-airm a roíbe Conn co n-a
316] churadhaib. Agus do fhiarfaigh Conn scéla an inaid
317] a roibe Eógan dá éolchaib .i. do Chonaire & do Maicniad,
318] & adubratar-san a beith a mBord Laídhi a Comar na
319] Sealga .i. in Mangartach mong-ruadh & Loch Léin do
320] leith de & Sliab Cruadha & an muir don taob eile
; & nach
321] fétfaitís lín bud lia ináit féin rochtain dá n-innsaighe ar
322] én-shligidh. Imthúsa Moga Nuadad, ó 't-chualaid
323] catha Cuinn do gach taob 'gá timcheallad adubairt re
324] maithib a muinntiri tinól do dénam, & a ndruim do thabairt
325] re Duib-ghlenn, & ‘Ní cáirdemail atá Conaire & Maicniadh
326] re Muimnechaib aniu,’ ar sé.