Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 9


189] Ó 't-chualaid Mog Nuadad an onóir mór sin &
190] in muirn adhbhal fuaratar na h-aith-rígha sin a coimidecht
191] Chuinn, tuc dá bréithir nach creitfedh do Chonn, &
192] dá tísadh de, co ndingnadh aith-rí nó innarbthach do
193] Chonn tré dul a cairdes {folio 2a. II}a námad. Ó 't-chualaid
194] Conn sin do chuir techta ar chenn Moga Nuadad
195] dá thabairt dá thigh nó d'fhógra catha air. Adubairt
196] Mog Nuadad co rachad co h-umal a ndáil catha dó. Cidh
197] trá acht do tinóiled ag Mog Nuadad maithi dá chóiged
198] Muman co n-a mór-shluagaib do fhresdal chatha do
199] Chonn. Agus do chuir Conn fis co Cruachain go
200] Conall Cruachna mac Aongusa Feirt , go a oidi ; & do


p.9


201] chuir techta eile ar chenn Guill mic Morna co n-a
202] fhianaibh; & do chuir daíne dinnsaigid dá ríg Ulad,
203] co Bresal mac Briúin & go h-Eochaid Cobha; & do chuir
204] fis co Crimthan Cúl-bhuide & go laochraidh Laigen; &
205] do thinóil féin fir Theabhtha & tuatha Temrach.
206] Ráinic Conall & curaid na Cruachna, & Goll mac Morna
207] co n-a fhianaibh, chuigi, & Crimthan Cúl-buide & maithi
208] Laigen ar chena; & ní thángadar Ulltaig ann ar a
209] olcas leó Imchad Airm-derg do chongbáil do Chonn.