Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 8


165] {folio 2a. I}Imthúsa Conaire mic Moga Láma &
166] Maicniad mic Luigdech, do bátar féin & maithi a muinntire
167] a farradh Chuinn a Temraig, & tuc Conn coinnmed
168] crích mBreg & Midhi dá muinnteraib. Is í sin uair &
169] aimser do h-innarbadh Imchad Airm-derg mac Briúin
170] meic Fhinnchada a h-Ulltaib, & táinic-séin go Temraig
171] & fuair fáilti charthanach ag Conn, & do coinnmedh a
172] muinnter ar tuathaib Teftha. Agus do cóirighed trí
173] tighi arda oiregdha dona h-ógaib innarbthacha sin acu;
174] & tucatar a comluighi lé chéile um chomall do chumann
175] a n-agaid Moga Nuadad. Agus tarla trí h-ingena
176] aontuma ag rígh Érenn 'm an am sin .i. Maín & Sadhbh
177] & Sáraid, & tucatar na trí ríg innarbthacha sin serc &
178] grádh dóib. Tumais Conaire rinn a ruisg a ndeilb
179] Sháraidhi súl- ghuirme, & grádhaighis Maicniad Sadb,
180] & carais Imchad Airm-Derg Maín; & do-rónsat na rígha


p.8


181] sin taithigidh suirghi for na rígnaibh sin. Agus adubairt
182] Sadhb re Maicniad go faífedh leis do deóin a h-athar &
183] nach gébad leannánacht uadha, & adubratar na rígna eile
184] co ngébhdaís suirghi ó na saír-fheraib sin do ched ríg
185] Érenn
. Ro h-innisedh do Chonn na comráiti sin,
186] & tuc sé Sáraid do Chonaire & Maín d'Imchad Airm-Derg;
187] & do fhéimdhigh Sadhb & Maicniad feis le méd a
188] menman go rochtain inmhe dá n-innsaigidh.