Corpus of Electronic Texts Edition
Cath Maighe Léna (Author: [unknown])

Section 6


93] Agus tángadar maithe dá chúigedh Mumhan uile
94] 'm an am sin go h-én-inadh .i. clanna Dedad & clanna
95] Dáirine & clanna Dergthenedh, & do bádar uile ag éccaín
96] na h-ard-ghorta a fiadhnaise Mogha Néid; & ní roibe
97] Conaire mac Mogha Lámha ná Maicniadh mac Luighdheach
98] ar in láthair sin. Agus adubairt Mogh Néid re maithib
99] Muman co co mberadhón aimsir sin gan esbaid uile iad do
100] chinn na comadh do iarfad orra d'fhagháil uatha. Agus


p.5


101] do fhaomsad a maithi go léir na labartha sin, uair do
102] bádar mórán dá maithib a n-éigin mór ón gorta; & tucatar
103] cuir do Mogh Néid go nem-fhallsa um gach ní dá n-iarrfad
104] orra d'fhagáil, & tángadar leth ar leth ar a slánaib dá
105] chéile ar in chunnradh sin. ‘Sloinn-si festa na comadha
106] is áil let d'fhagáil uainne,’ ar na flaithi. ‘Is iad so
107] iad,’ ar Mog Néid ‘.i. Conaire mac Mogha Láma &
108] Maicniadh mac Luighdech do innarbad a Mumain amach,
109] & ríghi do thabairt d'Eógan Mór, dom mac-sa.’ ‘Do-géntar
110] sin againde,’ ar iad-san. Acht atá ní chena, do
111] caithed in maithes sin Moga Néid le maithib Muman
112] nó go táinic so-aimser ann; & do díchuiredh Conaire &
113] Maicniad a Mumain amach, & tángadar go Temraigh go
114] h-airm a roibe Conn Céd-chathach. Ríghthar Mog
115] Nuadad ann sin ag maithib Muman dá aimdeóin féin,
116] uair adubairt nach biadh ainm rígh air re linn a athar
117] d'áirithe ; & tuc in t-athair a bennacht dó leisin ríghi
118] & tucadar fir Muman uile trí sluag-bennachta dó leisin
119] ríghe; & do bádar go rathmar rianamail agá fhreagra
120] & do éirigh menma mór a clainn Dergthenedh de sin .